Ceist pharlaiminteach - O-000051/2017Ceist pharlaiminteach
O-000051/2017

Clár Ráthaíochta AE don Aos Óg

9.6.2017

Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000051/2017
ar an gCoimisiún
Rule 128
Nicola Caputo, Thomas Händel, Isabelle Thomas, Agnieszka Kozłowska-Rajewicz, Gérard Deprez, Robert Rochefort, Ivan Štefanec, Nikolay Barekov, Heinz K. Becker, Lara Comi, Margrete Auken, Victor Negrescu, Lynn Boylan, Jordi Solé, Julie Ward, Damiano Zoffoli, Fabio De Masi, Momchil Nekov, Evelyn Regner, Sergei Stanishev, Jean-Paul Denanot, Enrico Gasbarra, Dietmar Köster, Nikolaos Chountis, Miroslav Poche, Doru-Claudian Frunzulică, Michela Giuffrida, Ramón Jáuregui Atondo, Younous Omarjee, Costas Mavrides, Juan Fernando López Aguilar, Viorica Dăncilă, Peter Kouroumbashev, Eric Andrieu, Renata Briano, Pina Picierno, Clara Eugenia Aguilera García, Luke Ming Flanagan, Romana Tomc, Sofia Sakorafa, Barbara Kappel, Laurenţiu Rebega, Georgios Epitideios, Tania González Peñas

Maidir le Clár Ráthaíochta AE don Aos Óg, a raibh sé beartaithe leis an dífhostaíocht i measc an aosa óig a laghdú go mór, léirigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) le déanaí nach bhfuil éirithe leis faoi mar a bhíothas ag súil leis.

Cuireadh EUR 6.4 bhilliún san iomlán de mhaoiniú AE ar leataobh don chlár don tréimhse 2014-2020, ach i dtuarascáil ó CIE tá trácht ar mheastachán lena n-éilítear buiséad de EUR 21 bhilliún a bheith ann chun cabhrú le gach duine dífhostaithe san Eoraip atá faoi bhun 25 bliana d’aois.

Cuireann an Coimisiún i dtreis go bhfuil laghdú beag sa dífhostaíocht i measc an aosa óig, ach is í an fhírinne shearbh go bhfuil an dífhostaíocht fhadtéarmach i measc an aosa óig ag dul i méad. Is é an tionchar atá ag sealanna oiliúna nach mbíonn toradh orthu agus ag conarthaí sealadacha ná go bhfuil figiúirí don dífhostaíocht i measc an aosa óig ann a dhéanann fíormhéid na faidhbe a cheilt.

I bhfianaise a bhfuil thuas, an bhfuil sé de rún ag an gCoimisiún:

– cur leis an maoiniú ar Chlár Ráthaíochta AE don Aos Óg le cúnamh airgeadais breise ó bhuiséad AE agus ó Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE)?

– an sainmhíniú ar thairiscint poist ‘ardcháilíochta’ a shoiléiriú chun a áirithiú nach mbeadh cuideachtaí ag teacht i dtír ar an scéim chun úsáid a bhaint as daoine óga amhail is go mba lucht saothair saor iad?

– feabhas a chur ar an mbailiú sonraí agus ar an gcóras faireacháin agus tuairiscithe don chlár trí mheasúnú tionchair a dhéanamh a shonraíonn na costais agus na tairbhí a meastar a bheadh i gceist leis?