Ceist pharlaiminteach - O-000102/2017Ceist pharlaiminteach
O-000102/2017

VP/HR - An Staid maidir le Cosantóirí Ban Chearta an Duine (CBCDanna) agus an tacaíocht a thugann AE dóibh

Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000102/2017
ar an gCoimisiún (Leas-Uachtarán / Ardionadaí)
Rule 128
Agnieszka Kozłowska-Rajewicz, Barbara Matera, Dubravka Šuica, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Teresa Jiménez-Becerril Barrio, Rosa Estaràs Ferragut, thar ceann an Ghrúpa PPE
Iratxe García Pérez, Soraya Post, thar ceann an Ghrúpa S&D
Arne Gericke, thar ceann an Ghrúpa ECR
Malin Björk, thar ceann an Ghrúpa GUE/NGL
Terry Reintke, Ernest Urtasun Domènech, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE
Angelika Mlinar, Izaskun Bilbao Barandica, Hilde Vautmans, thar ceann an Ghrúpa ALDE

Nós Imeachta : 2018/2531(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
O-000102/2017
Téacsanna arna gcur síos :
O-000102/2017 (B8-0004/2018)
Vótaí :
Téacsanna arna nglacadh :

Tá an tacaíocht a thugtar do chosantóirí chearta an duine (CCDanna) ina cuid sheanbhunaithe de bheartas seachtrach an Aontais um chearta daonna agus tá sí ina mórthosaíocht sa bheartas sin. Tá beartas cuimsitheach AE maidir le CCDanna á mholadh le fada ag Parlaimint na hEorpa agus chuidigh an Pharlaimint go gníomhach leis an mbeartas sin a mhúnlú le roinnt mhaith dá cuid rún. Tá an sampla is déanaí de sin le fáil ina Tuarascáil maidir le Cearta an Duine agus an Daonlathas ar fud an Domhain in 2016. Sa lá atá inniu ann, is tábhachtaí fós an tacaíocht ó AE ós rud é go bhfuil an timpeallacht ina bhfeidhmíonn CCDanna ag éirí níos srianta i gcónaí, tá an spás don tsochaí pholaitiúil agus shibhialta ag dul i laghad i roinnt mhaith tíortha agus tá líon na mbagairtí atá ar CCDanna ag dul i méad.

Tá constaicí agus bagairtí ar leith bunaithe ar inscne roimh Chosantóirí Ban Chearta an Duine (CBCDanna) agus ina gcuid oibre. Uaireanta, cuirtear tús leis sin mar thoradh ar a muintir ag cur in aghaidh a róil ceannaireachta mar gheall ar stéiritíopaí maidir le hobair na mban agus ról na mban sa tsochaí, agus féadann sé sin a bheith ina chúis le rochtain mhíchothrom ar acmhainní, ar ghréasáin agus ar chórais eacnamaíocha agus shóisialta chun iad a chosaint agus chun tacú lena gcuid oibre. Ina theannta sin, is minic a bhíonn CBCDanna ag fulaingt mar gheall ar na cineálacha ionsaithe is gnách a dhéantar ar mhná amhail éigniú, feachtais chlúmhillte ghnéasaithe agus ionsaithe aigéid, mar aon le bagairtí a dhéantar ar a leanaí nó ar a dteaghlaigh nó dochar a dhéantar dá leanaí nó dá dteaghlaigh agus amhail ionsaithe a dhéanann a gcéilí nó a bpobail. I ngach réigiún den domhan, tá rannpháirtíocht na mban sna réimsí polaitiúla agus sóisialta faoi bhagairt ag an idirdhealú sin agus ag an bhforéigean sin, agus is measa fós atá an scéal i gcás CBCDanna. Ós rud é gur naisc lárnacha iad na CDDanna maidir le forbairt inbhuanaithe agus teacht aniar sochaíoch a bhaint amach, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí straitéisí a chur chun feidhme chun tacaíocht atá íogair ó thaobh inscne de a thabhairt do CBCDanna. Dá réir sin, aithnítear i dTreoirlínte AE maidir le Cosantóirí Chearta an Duine go bhfuil dearcadh bunaithe ar inscne ag teastáil agus tacaíocht á tabhairt do CDDanna.

Cad iad na sásraí agus na dea-chleachtais atá curtha ar bun ag VP/HR lena áirithiú agus lena dheimhniú go ndéanfaidh Toscaireachtaí uile AE Treoirlínte AE maidir le Cosantóirí Chearta an Duine a chur chun feidhme go hiomlán, lena n-áirítear na gnéithe atá sonrach ó thaobh inscne de agus atá dírithe ar riachtanais na CDDanna maidir le hinfheictheacht, tacaíocht do theaghlaigh, an fhéidearthacht chun athlonnú a dhéanamh agus maidir le cuidiú a thabhairt i leith a bhfolláine fisicí agus síceasóisialta?

Cá mhéad CBCDanna atá ann a ndearna SEGS tacaíocht a thabhairt go díreach dóibh trí dheontais ad hoc arna mbainistiú ag na Toscaireachtaí ó glacadh Straitéis AE agus an Plean Gníomhaíochta AE maidir le Cearta an Duine agus an Daonlathas, agus cad iad na tíortha inar tugadh an tacaíocht sin? Cad iad na gnéithe den tacaíocht sin a bhaineann go sonrach le hinscne?