Ceist pharlaiminteach - O-000095/2018Ceist pharlaiminteach
O-000095/2018

Leas ainmhithe, úsáid ábhar frithmhiocróbach agus an tionchar ar an gcomhshaol atá ag feirmeoireacht thionsclaíoch gríoscachán

Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000095/2018
ar an gCoimisiún
Rule 128
Karin Kadenbach, Georges Bach, Catherine Bearder, Dominique Bilde, Richard Corbett, Miriam Dalli, Isabella De Monte, Jørn Dohrmann, Pascal Durand, Stefan Eck, Eleonora Evi, John Flack, Jacqueline Foster, Eugen Freund, Arne Gericke, Michela Giuffrida, Karoline Graswander-Hainz, Jytte Guteland, Martin Häusling, Anja Hazekamp, Maria Heubuch, John Howarth, Jude Kirton-Darling, Jeppe Kofod, Zdzisław Krasnodębski, Jean Lambert, Jo Leinen, Arne Lietz, Edouard Martin, Alex Mayer, Ana Miranda, Marlene Mizzi, Maria Noichl, Younous Omarjee, Massimo Paolucci, Sirpa Pietikäinen, Pavel Poc, Evelyn Regner, Pirkko Ruohonen-Lerner, Davor Škrlec, Bart Staes, Keith Taylor, Thomas Waitz, Josef Weidenholzer

Nós Imeachta : 2018/2858(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
O-000095/2018
Téacsanna arna gcur síos :
O-000095/2018 (B8-0410/2018)
Vótaí :
Téacsanna arna nglacadh :

Le Treoir 2007/43/CE leagtar síos caighdeáin íosta maidir le cosaint do shicíní a choinnítear le haghaidh táirgeadh feola. Sa tuarascáil ón gCoimisiún maidir le tionchar na Treorach sin ar leas ainmhithe, áfach, níor léiríodh aon fheabhas suntasach, agus léiríodh ann go bhfuil forfheidhmiú, sa chás is fearr, neamh-chomhsheasmhach ar fud na mBallstát. Is é an fhírinne ghéar go ndéantar gríoscacháin a thógáil ina mílte i seideanna loma, ar easair fhliuch, agus gan aon deis acu a bheith i mbun cineálacha iompair nádúrtha amhail seasamh ar fhara, substráití saibhrithe a phiocadh, nó leas a bhaint as solas nádúrtha. Anuas air sin, ní thugtar aghaidh sa Treoir ar na hiarmhairtí diúltacha ó thaobh leas ainmhithe de a thagann go díreach ó ghríoscacháin a roghnú le haghaidh fás tapa, ar fadhb é sin ar a bhfuil béim leagtha i roinnt tuairimí ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) agus i dtuarascáil ón gCoimisiún. Mar gheall ar na drochdhálaí sin, is minic a bhíonn gá le hollchóireálacha le hantaibheathaigh chun ráigeanna galair a chosc nó a choinneáil faoi smacht, rud ar cúis mhór imní é ó thaobh sláinte poiblí de. Tá frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathaigh a úsáidtear i dtáirgeadh éanlaithe clóis á léiriú faoi láthair ag roinnt tréithchineálacha pataiginí éanlaithe clóis ar féidir leo a bheith ina gcúis le tinneas tromchúiseach i ndaoine, mar is amhlaidh an cás maidir le Campalabaictéar spp. agus Salmonella spp. Rinne EFSA frithsheasmhacht in aghaidh ildrugaí i dtréithchineálacha E.coli a bhíonn in éanlaith chlóis agus in éineoil a mheas le déanaí a bheith ina mórchúis imní.

Ag an am céanna, i dtuarascáil ó Greenpeace tamall an-ghairid ó shin, sainaithnítear táirgeadh tionsclaíoch éanlaithe clóis mar mhórfhoinse de thruailliú amóinia san aer, san ithir agus san uisce agus iarrtar ar an gCoimisiún stad d'fhóirdheontais a thabhairt d’ollfheirmeacha agus a bheith i bhfabhar córais agus cleachtais atá níos inbhuanaithe. Tá iarrachtaí á ndéanamh ag tionscal na héanlaithe clóis chun úsáid ábhar frithmhiocróbach agus an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú, ach má bhreathnaímid ar an earnáil i gcomhthéacs Aon Sláinte Amháin agus Aon Leas Amháin, is léir go bhfuil géarghá le cur chuige cuimsitheach chun tionscal na héanlaithe clóis a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos neamhdhíobhálaí d’ainmhithe, agusa inmharthanacht eacnamaíoch á coimeád.

Sa chomhthéacs sin, chuirfimis fáilte roimh fhreagraí ón gCoimisiún ar na ceisteanna seo a leanas:

1. An nglacfaidh an Coimisiún gníomhaíocht chinntitheach chun forfheidhmiú na Treorach um Ghríoscacháin a fheabhsú, go sonrach maidir le húsáid chórasach agus chomhsheasmhach táscairí ainmhíbhunaithe chun leas ainmhithe ar fheirmeacha a fheabhsú?

2. Cad iad na gníomhaíochtaí atá beartaithe ag an gCoimisiún chun tacú le córais mhalartacha táirgthe sicín – mar shampla na córais sin ina n-úsáidtear póir lena mbaineann leibhéal níos airde leasa, dlús stocála níos ísle, saibhriú timpeallachta, rochtain ar sholas nádúrtha agus/nó ar chlóis taobh amuigh faoin aer, agus cáilíocht níos fearr aeir – i bhfianaise gur féidir leis na córais sin astaíochtaí amóinia a ísliú agus laghdú a dhéanamh ar an ngá le húsáid a bhaint go neamh-idirdhealaitheach as ábhair fhrithmhiocróbacha, mar aon le leas ainmhithe a fheabhsú?

3. Cén uair a fhoilseoidh an Coimisiún an tuarascáil ar éifeachtaí socheacnamaíocha an mhodha éigeantaigh lipéadaithe le haghaidh tairgeadh feoil sicín dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Threoir 2007/43/CE?

An nuashonrú is déanaí: 11 Meán Fómhair 2018
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais