Tuarascáil - A8-0056/2018Tuarascáil
A8-0056/2018

TUARASCÁIL 

06.3.2018

maidir leis an moladh ón gComhairle chun Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh a cheapadh
(N8-0053/2018 – C8-0040/2018 – 2018/0804(NLE))
An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta
Rapóirtéir: Roberto Gualtieri
Comhaltaí_PR_NLE

Nós Imeachta : 2018/0804(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A8-0056/2018
Téacsanna arna gcur síos :
A8-0056/2018
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

TOGRA LE hAGHAIDH CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir leis an moladh ón gComhairle chun Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh a cheapadh

(N8-0053/2018 – C8-0040/2018 – 2018/0804(NLE))

(Comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 20 Feabhra 2018 (N8-0053/2018)[1],

–  ag féachaint d’Airteagal 283(2), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle Eorpach i gcomhairle leis an bParlaimint (C8-0040/2018),

–  ag féachaint do Riail 122 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0056/2018),

A.  de bhrí go ndeachaigh an Chomhairle Eorpach, le litir an 22 Feabhra 2018, i gcomhairle leis an bParlaimint maidir le Luis de Guindos a cheapadh mar Leas-Uachtarán ar an mBanc Ceannais Eorpaigh ar feadh téarma oifige ocht mbliana, le héifeacht ón 1 Meitheamh 2018;

B.  de bhrí go ndearna Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadaíochta na parlaiminte meastóireacht ansin ar dhintiúir an ainmní, go háirithe i bhfianaise an cheanglais a leagtar síos in Airteagal 283(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i bhfianaise an ghá le haghaidh neamhspleáchas iomlán BCE de bhun Airteagal 130 den Chonradh; de bhrí go bhfuair an coiste, agus an mheastóireacht sin á déanamh aige, curriculum vitae ón ainmní chomh maith lena fhreagraí ar an gceistneoir i scríbhinn a bhí curtha chuige;

C.  de bhrí go raibh éisteacht ar feadh uair agus ceathrú uaire leis an ainmní ina dhiaidh sin an 26 Feabhra 2018, éisteacht ina ndearna sé ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sé ceisteanna ó chomhaltaí an choiste ina dhiaidh sin;

D.  de bhrí go bhfuil imní ar an bParlaimint maidir le cothromaíocht inscne, leis an bpróiseas roghnúcháin, le huainiú an cheapacháin, agus le neamhspleáchas polaitiúil, agus go n-iarrann sí go rachadh an Chomhairle i mbun idirphlé leis an bParlaimint maidir le conas feabhas a chur ar an bpróiseas le haghaidh na gceapachán a dhéanfar amach anseo;

1.  Ag tabhairt tuairim fhabhrach maidir leis an moladh ón gComhairle chun Luis de Guindos a cheapadh mar Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh;

2.  Á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle agus chuig rialtais na mBallstát.

IARSCRÍBHINN 1: CURRICULUM VITAE Luis de Guindos

Luis de Guindos Jurado

An tAire Geilleagair, Tionscail agus Iomaíochais

Dáta breithe: 16 Eanáir 1960

OIDEACHAS

-   BSc san Eacnamaíocht ó CUNEF, Colegio Universitario de Estudios Financieros - Bronnadh céim le honóracha air.

-   Tecnico Comercial y Economista del Estado (scrúdú poiblí le haghaidh Eacnamaí Stáit, grád “A”, an chéad áit san ord fiúntais)

GAIRMRÉIM GHAIRMIÚIL

An Earnáil Phoiblí

-   An tAire Geilleagair, Tionscail agus Iomaíochais (ó Shamhain 2016 i leith) Freagrach as réimse an Gheilleagair agus as réimse na Tacaíochta Gnó; Caidreamh Eacnamaíochta Idirnáisiúnta; Anailís mhaicreacnamaíoch; Státchiste na Spáinne; Trádáil Idirnáisiúnta agus Infheistíocht; Taighde, Forbairt agus Nuálaíocht; agus Tionscal.

-   An tAire Geilleagair agus Iomaíochais (Nollaig 2011-Samhain 2016)

-   An Rúnaí Stáit um Ghnóthaí Eacnamaíochta (2002-2004)

-   Rúnaí Choimisiún Gnóthaí Eacnamaíocha an Rialtais (2002-2004)

-   An tArd-Rúnaí um Beartas Eacnamaíoch agus Iomaíochta (2000-2002)

-   An tArd-Stiúrthóir um Beartas Eacnamaíoch agus Iomaíochta (1996-2000)

Ceapacháin speisialta

-   Comhalta de Chomhairle Ecofin, den Ghrúpa Euro agus aoi buan le G20

-   Gobharnóir ar SCE (ó 2012), agus ar na hinstitiúidí seo a leanas: an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, an Banc Domhanda, an Banc Eorpach Infheistíochta, an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, an Banc Forbartha Idir-Mheiriceánach, Banc Forbartha na hAfraice, an Banc Lár-Mheiriceánach um Lánpháirtíocht Eacnamaíoch, Banc Forbartha na hÁise (ó 2011), agus Banc na hÁise don Infheistiú sa Bhonneagar (ó 2017 i leith)

-   Comhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais AE (2002-2004)

-   Leas-Chathaoirleach Choiste um Beartas Eacnamaíoch AE (1996-2000)

-   Ceann Thoscaireacht na Spáinne chuig Comhairle ECOFlN le linn Uachtaránacht na Spáinne ar AE (2002)

An Earnáil Phríobháideach

-   Stiúrthóir Scoil Ghnó IE agus Lárionad PwC don Earnáil Airgeadais (Márta 2010 - Nollaig 2011)

-   PricewaterhouseCooper, Freagrach as Seirbhísí Airgeadais (Nollaig 2008 - Nollaig 2009)

-   Nomura Securities, Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin (Meán Fómhair 2008 - Nollaig 2008)

-   Lehman Brothers, Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin Iberia (Aibreán 2006 - Meán Fómhair 2008)

-   AB Asesores - Príomhoifigeach Feidhmiúcháin (1988-1996)

-   Comhalta Boird de Endesa, S.A., Endesa an tSíle, Unedisa, Logista agus BMN.

IARSCRÍBHINN 2: FREAGRAÍ Ó Luis de Guindos AR AN gCEISTNEOIR

A. Cúlra pearsanta agus gairmiúil

1.      Léirigh príomhghnéithe do chuid scileanna gairmiúla i gcúrsaí airgeadaíochta, airgeadais agus gnó agus príomhghnéithe do thaithí Eorpaí agus idirnáisiúnta.

Tá BSc san Eacnamaíocht agus sa Ghnó agam ó CUNEF, agus bronnadh céim le honóracha orm. Bhí mé sa chéad áit san ord fiúntais sa scrúdú poiblí mar Eacnamaí Stáit agus Saineolaí Trádála. Tá mo chúlra acadúil dírithe ar chúrsaí airgeadaíochta, airgeadais, eacnamaíocha agus gnó.

Thairis sin, tá roinnt dualgas comhlíonta agam mar oifigeach poiblí, lena n-áirítear a bheith i mo Rúnaí Stáit um Ghnóthaí Eacnamaíochta, agus a bheith i m’Ard-Rúnaí um Beartas Eacnamaíoch agus Iomaíochta. Sna róil sin bhí an deis agam páirt a ghlacadh i ndearadh na mbeartas eacnamaíoch ba chúis leis an Spáinn dul isteach san Aontas Airgeadaíochta agus na ceanglais uile á gcomhlíonadh aici.

Ó 2011 i leith, táim i m’Aire Eacnamaíochta, Tionscail agus Iomaíochais sa Spáinn. Mar sin, bhí mé i gceannas ar an Státchiste, agus ar na ranna seo a leanas: an Eacnamaíocht agus Tacaíocht Ghnó, Gnóthaí Eacnamaíocha Idirnáisiúnta, Anailís Mhaicreacnamaíoch, Infheistíocht Idirnáisiúnta agus Tráchtáil, Taighde, Forbairt agus Nuálaíocht, agus Tionscal.

Agus mé sa phost sin, rinne mé athchóiriú domhain ar earnáil airgeadais na Spáinne a chothú, athchóiriú a chuimsigh athchaipitliú agus athstruchtúrú a dhéanamh ar an gcórais chomh maith le bearta eile a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear aon réiteach bainc amach anseo i bhfeidhm gan airgead cáiníocóirí a úsáid. Cuireadh go leor de na bearta sin i bhfeidhm tríd an gclár cúnaimh airgeadais a thug an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) don Spáinn. Leis na gníomhaíochtaí sin go léir, bhí an chórais airgeadais in ann feidhmiú go cuí, córas arb é príomhchrios iompair an bheartais airgeadaíochta é.

Mar Aire Geilleagair, rinne mé ionadaíocht freisin ar an Spáinn i gComhairle Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais AE agus an Ghrúpa Euro. Laistigh de na fóraim sin, rannchuidigh mé leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadais a thógáil.

Bhí mé i m’aoi buan chuig G20 agus i mo ghobharnóir ar an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE), agus ar na hinstitiúidí seo a leanas: an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, an Banc Domhanda, an Banc Eorpach Infheistíochta, an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, an Banc Forbartha Idir-Mheiriceánach, Banc Forbartha na hAfraice, an Banc Lár-Mheiriceánach um Lánpháirtíocht Eacnamaíoch, Banc Forbartha na hÁise, agus Banc na hÁise don Infheistiú sa Bhonneagar.

Ar deireadh, d'oibrigh mé do roinnt gnólachtaí príobháideacha a bhaineann leis an earnáil airgeadais. (Bhí mé freagrach as Seirbhísí Airgeadais do PricewaterhouseCoopers, i mo Phríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin do Lehman Brothers agus Nomura Securities, i mo Phríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin do AB Asesores) agus leis an earnáil acadúil (i mo Stiúrthóir ar IE Business School agus ar Lárionad PwC don Earnáil Airgeadais).

Bhí mé freisin i mo chomhalta Boird ar Endesa, S.A; ar Endesa na Sile, ar Unedisa, ar Logista, agus ar BMN.

2.      An bhfuil aon ghabháltais ghnó nó airgeadais agat nó aon ghealltanais eile a d’fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht le do dhualgais ionchasacha, agus an bhfuil aon tosca pearsanta nó tosca ábhartha eile ann a chaithfidh an Pharlaimint a chur i gcuntas agus d’ainmniúchán á bhreithniú?

Níl, níl aon ghnóthaí ná gealltanais agam a d’fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht le mo dhualgais ionchasacha. Níl agam ach Plean Pinsin Phearsanta, agus leas agam i gCiste Frithpháirteach oscailte. Sa dá chás is é Mutuactivos an comhlacht bainistíochta, brainse infheistíochta cuideachta árachais. Ní shealbhaím, go díreach nó go hindíreach, aon sócmhainní airgeadais eile.

Tá teach agam freisin i ndeisceart na Spáinne agus 50% d'árasán i Maidrid, chomh maith le réadmhaoin eile a fuair mé le hoidhreacht ó mo thuismitheoirí.

Maidir le faisnéis phearsanta eile a d'fhéadfadh a bheith ábhartha don phost in BCE, oibríonn m’iníon, atá 30 bliain d'aois, mar Anailísí Riosca Sóisearach i mbanc miondíola sa Spáinn. Ar an lámh eile, tá mo mhac, atá 26 bliain d'aois, ag obair i rannán infheistíochta cuideachta árachais.

3.      Cad iad na príomhchuspóirí a shaothróidh tú le linn do théarma oifige ag an mBanc Ceannais Eorpach?

Cloífidh mé leis an sainordú a shannann Conradh an Aontais Eorpaigh don Bhanc Ceannais Eorpach: cobhsaíocht praghsanna a choinneáil ar fud an limistéir euro chomh maith le tacaíocht a thabhairt do na beartais eacnamaíochta ginearálta san Aontas. Cuimseoidh mo rannchuidiú le BCE cur chuige cuimsitheach agus iomlánaíoch nuair a dhéanfar cinntí chun éifeachtaí na mbeartas eacnamaíoch idirghníomhach uile a chur i gcuntas.

Chun na cuspóirí sin a shaothrú, urramóidh mé príomhphrionsabail threoracha BCE, mar atá, neamhspleáchas agus trédhearcacht, mar ní bheadh sé indéanta beartas éifeachtach airgeadaíochta a fhorfheidhmiú dá n-uireasa.

B. Beartas airgeadaíochta BCE

4.       Conas ba cheart do BCE a bheartas airgeadaíochta a sheoladh faoi na dálaí maicreacnamaíocha reatha?

Is é an chéad rud atá le meabhrú gurb é sainordú BCE a áirithiú go bhfuil boilsciú meántéarmach sa limistéar euro faoi bhun 2% ach cóngarach dó.

In ainneoin téarnamh leanúnach a bheith i ngníomhaíocht eacnamaíoch ar fud an limistéir, níor chiallaigh sé sin go dtí seo feabhsú ar an ionchas boilscithe meántéarmach, atá fós marbhánta (is é réamh-mheastachán BCE ar an meánbhoilsciú príomha ná 1.4% in 2018 agus 1.5% in 2019). Tá brúnna boilscithe bunúsacha fós maothaithe toisc tearcúsáid an fhórsa oibre sa mhargadh fós a bheith suntasach. Tá am ag teastáil fós chun go dtiocfadh fás pá níos dinimiciúla mar thoradh ar na feabhsuithe sna margaí saothair. Thairis sin, tá an t-ionchas boilscithe reatha ag brath fós, a bheag nó a mhór, ar an spreagadh a sholáthraíonn bearta urghnácha BCE. Ar an gcúis sin, is gá go ndéanfaí athmheasúnú leanúnach ar dhálaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta an limistéir euro agus ar éifeachtaí na mbeart a úsáideadh go dtí seo. Táthar ag súil go gcoimeádfaidh BCE a sheasamh beartais airgeadaíochta reatha go dtí go n-ardóidh brúnna boilscithe foluiteacha agus go mbeidh comharthaí leordhóthanacha ar choigeartú leanúnach ar bhoilsciú tugtha faoi deara. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh BCE ullamh chun a sheasamh a athrú mar is gá chun a shainordú a chomhlíonadh.

Ní mór do BCE a bheith ar an airdeall freisin maidir le haon ardú míchuí amach anseo ar rioscaí airgeadais i dtimpeallacht reatha rátaí úis an-íseal agus dálaí airgeadais agus airgeadaíochta scaoilte.

5.       Cén dearcadh atá agat ar ilchineálacht na ndálaí airgeadaíochta agus ar an rochtain ar chreidmheas ar fud an limistéir euro agus a thionchar ar bheartas airgeadaíochta aonadach BCE?

Ní mór d’aon limistéar airgeadaíochta atá mór go leor ó thaobh cineáil de méid áirithe ilchineálachta a bheith aige ar fud a thíortha nó a réigiún. Ní taise don limistéar euro.

Leagann BCE a bheartas síos chun é a bheith oiriúnach do limistéar an euro trí chéile. Déanann ilchineálacht eacnamaíoch riar an bheartais airgeadaíochta níos casta. Dá dhéine an cóineasú struchtúrach agus timthriallach, is amhlaidh is dóichí go mbeidh an beartas airgeadaíochta iomchuí do gach Ballstát. Uaireanta, bíonn beartas BCE róscaoilte do roinnt Ballstát agus ródhaingean do Bhallstáit eile. B’amhlaidh an cás nuair a bhíothas ag druidim leis an ngéarchéim. Le laghduithe géara ar na rátaí úis i roinnt tíortha tar éis an euro a sheoladh, fágadh fairsingiú neamh-inbhuanaithe lenar ghabh míchothromaíochtaí forásacha a rinne an ghéarchéim níos measa. Sa chomhthéacs sin, cothaíodh dibhéirseacht sna rátaí fáis agus boilscithe le beartas airgeadaíocht nach bhféadfadh a bheith uilefhóntach.

Braitheann ilchineálacht na ndálaí airgeadaíochta ar go leor tosca, agus is é an príomhcheann fós an seasamh timthriallach éagsúil de bharr thionchair éagsúla na géarchéime airgeadais ar gach geilleagar agus na luasanna éagsúla téarnaimh. Sa bhreis air sin, bíonn tionchar ag tosca struchtúracha ar leith freisin.

Le linn na géarchéime, ba dheacracht bhreise í an idirghníomhaíocht idir (a) dibhéirseachtaí trastíortha i dtéarmaí sheasamh fioscach agus fhóntacht na n-earnálacha baincéireachta náisiúnta agus (b) fíoraontas fioscach agus baincéireachta a bheith in easnamh. Tháinig leibhéal áirithe ilroinnte airgeadais ar fud na ndlínsí dá bharr sin, rud a rinne dochar, gan amhras, do tharchur an bheartais airgeadaíochta aonair. Maidir leis sin, chuir roinnt de bhearta urghnácha BCE i gcomhthéacs na géarchéime (amhail Clár na Margaí Urrús, na hIdirbhearta Airgeadais Glan Amach agus clár na nIdirbheart Maoinithe Fadtéarmacha) go cinntitheach le cuid den ilroinnt sin a dhíothú. Tháinig laghdú mór ar chuid den ilroinnt sin, rud a thugtar faoi deara sa chóineasú sna costais maoinithe baincéireachta agus i ndálaí eile airgeadais. Mar thoradh air sin, rannchuidigh an beartas airgeadaíochta le hilchineálacht a mhaolú agus chabhraigh sé leis na geilleagair go léir an cúlú eacnamaíoch agus na brúnna díbhoilscithe a chur taobh thiar díobh. Chabhraigh an dul chun cinn ionsar aontas baincéireachta freisin leis an nasc idir bainc agus flaithiúnais a scaoileadh.

San fhadtéarma, éilítear iarrachtaí breise chun an limistéar euro a chur níos gaire don limistéar airgeadra is fearr is féidir, is é sin, dlús a chur le hathchóirithe struchtúracha agus spás fioscach a thógáil chun méadú a dhéanamh ar chumas gach geilleagair oiriúnú do shuaití neamhshiméadracha agus do na dálaí airgeadaíochta a bhíonn ag athrú. Trí chomhtháthú a dhoimhniú, go háirithe san earnáil airgeadais, rannchuideofar le hilchineálacht a laghdú. Sna himthosca sin, beidh na geilleagair níos sioncrónaithe agus, ag an am céanna, beidh siad ullmhaithe níos fearr chun dul i ngleic leis na suaití díobhálacha, rud a laghdóidh an t-ualach foriomlán ar an mbeartas airgeadaíochta.

6.       Cad iad na tuairimí atá agat maidir leis an méadú ar mhéid chlár comhordaithe CEBC mar gheall ar an gClár Ceannaithe Sócmhainní (CCS)?

I gcomhthéacs na géarchéime airgeadais agus eacnamaíoch, ghearr BCE a phríomhrátaí úis ainmniúla siar go dtí leibhéil atá gar dá n-íosteorainn éifeachtach, ach níor leor é sin chun an boilsciú a thabhairt gar dá sprioc. Mar thoradh air sin, níor mhór bearta beartais airgeadais ar lú a gcomhghnás a chur i bhfeidhm.

Ceann amháin acu ab ea an Clár Ceannaithe Sócmhainní (CCS) a bhí ceaptha chun clár comhordaithe an Eurochórais a mhéadú, chun cur i gcoinne ionchais dhíbhoilscithe faoi rátaí úis atá íseal cheana féin. Bhí ról bunriachtanach ag an CCS freisin i ndálaí airgeadais ar fud an limistéir euro a chobhsú. D’fheabhsaigh sé na dálaí airgeadais atá ábhartha don fhíorgheilleagar trí dhá chainéal. Ar an gcéad dul síos, mhéadaigh na ceannacháin sin na praghsanna agus dá bhrí sin laghdaíodh toradh na sócmhainní ceannaithe. Thug sé sin ar infheisteoirí, lena n-áirítear bainc, féachaint le toradh níos fearr a fháil trí níos mó a thabhairt ar iasacht don fhíorgheilleagar. Ar an dara dul síos, sa mhéid gur léirigh na ceannacháin sin tiomantas BCE do sheasamh beartais cuidiúil, bhí ionchais ann go leanfadh beartas rátaí úis níos ísle amach anseo as. Chuir sé sin brú anuas ar rátaí úis fadtéarmacha, arb iad na príomhthosca iad i gcinntí infheistíochta teaghlach agus gnólachtaí.

Is é an iarmhairt nádúrtha ar an gclár sin ná clár comhardaithe mór de chuid an Eurochórais a bheith ann. Is beag ná gur tháinig méadú faoi cheathair ar chlár comhardaithe BCE le deich mbliana anuas.

De réir mar a choigeartófar an boilsciú lena shainordú cobhsaíochta praghsanna, caithfidh BCE breithniú a dhéanamh ar cé chomh mór agus ba cheart dá chlár comhardaithe a bheith sa todhchaí, cé chomh tapa is féidir teacht leis an méid inmhianaithe agus an comhdhéanamh is fearr is féidir a bheith aige.

7.  Cén tréimhse ionchasach is dóigh leat atá iomchuí chun an CCS a fhoirceannadh?

Mar a luadh cheana, tugadh an CCS isteach mar fhreagairt d’imthosca neamhghnácha, ach anois agus laghdú ag teacht ar na himthosca sin, ba cheart go mbeadh sé de rún ag BCE filleadh de réir a chéile ar bheartas níos traidisiúnta. Tá sé deacair, áfach, socrú sonrach a dhéanamh maidir le huainiú chun an clár sin a fhoirceannadh.

Bhí Comhairle Rialaithe BCE soiléir sa mhéid a dúirt sí faoi ghlancheannacháin sócmhainní, is é sin go leanfar leo ar an ráta reatha de EUR 30 billiún sa mhí go dtí deireadh mhí Mheán Fómhair na bliana seo, nó níos sia ar aghaidh más gá. Is faoi BCE a bheidh sé cinneadh a dhéanamh, in am trátha, faoin mbealach a rachaidh ceannacháin i ndiaidh na tréimhse sin, bunaithe ar an ionchas boilscithe a bheidh i réim an tráth sin agus ar mheasúnú na Comhairle Rialaithe ar an leibhéal spreagtha airgeadaíochta iomchuí a bheidh ag teastáil ina dhiaidh sin. Mar sin féin, ba cheart a thabhairt faoi deara go mbeifear ag súil leis, ach deireadh a bheith curtha leis na glancheannacháin, go leanfaidh BCE d’ath-infheistiú a dhéanamh ar phríomhíocaíochtaí a thagann ó shócmhainní a bhíonn ag aibiú fad a bheidh gá leis. Agus sinn ag breathnú níos faide ar aghaidh, ba cheart an próiseas normálaithe beartais airgeadaíochta a threorú leis an measúnú ar an seasamh beartais airgeadaíochta is gá chun sainordú cobhsaíochta praghsanna BCE a chomhlíonadh.

8.      Conas a áiritheoidh tú trédhearcacht a mhéid a bhaineann leis an gClár Ceannaithe Sócmhainní a chur chun feidhme?

B’ábhar mór imní do BCE í trédhearcacht ón uair a cuireadh tús leis an gClár Ceannaithe Sócmhainní. Tá an chumarsáid sheachtrach thar a bheith tábhachtach mar thacaíocht chun go leanfar de cheannacháin sócmhainní a chur chun feidhme go rianúil. In ainneoin a chasta atá cur chun feidhme díláraithe a dhéanamh, ba cheart tús áite a thabhairt d’iarrachtaí ar thrédhearcacht a áirithiú.  Go deimhin, is cáilíocht inmhianaithe í trédhearcacht i ngach aon bheartas rialtais. Dar liomsa go raibh BCE thar a bheith trédhearcach a mhéid a bhaineann le CCS a chur chun feidhme. Tá paraiméadair an chláir leagtha amach go soiléir – tógaimis, mar shampla, an ceanglas maidir le ceannacháin a leithdháileadh ar fud na dlínse de réir an scála chaipitil. Thairis sin, déanann BCE faisnéis mhionsonraithe faoi ghnéithe éagsúla den chlár a sholáthar go tráthúil (i.e. clár comhordaithe airgeadais comhdhlúite seachtainiúil, cuntas míosúil ar na gabháltais atá aige i ngach ceann de cheithre chlár an CCS, ar cheannacháin mhíosúla agus carnacha sócmhainní incháilithe in aghaidh na tíre i gclár ceannaithe sócmhainní na hearnála poiblí (CCEP), etc.).

Tríd is tríd, tá an leibhéal trédhearcachta sin inchurtha ar a laghad leis an leibhéal trédhearcachta a chruthaíonn mórbhainc cheannais eile a mhéid a bhaineann lena gcláir ceannaithe sócmhainní mórscála. Thairis sin, baineann an córas reatha an chothromaíocht cheart amach, sa mhéid go n-áirithíonn sé trédhearcacht agus go gcuireann sé é féin i gcomhoiriúnacht leis an tsolúbthacht a éilítear i gcur chun feidhme an chláir chun a éifeachtacht a uasmhéadú agus chun eadráin mhargaidh a dhíspreagadh. Mar shampla, ní gá do cheannacháin scálaí caipitil a leanúint aon tráth ar leith, ach is ar scálaí caipitil atá an stoc foriomlán gabháltais bunaithe.

Ar chaoi ar bith, is cuid bhunriachtanach de dhearadh ionstraimí í an chumarsáid bheartais sheachtrach. Ar an gcúis sin, ba cheart díospóireacht a dhéanamh ar gach gné den mhéid a fhoilsíonn tú agus an mhinicíocht a ghabhann leis sin agus teacht ar chomhaontú faoi laistigh den Chomhairle Rialaithe.

9. Cad iad na dálaí is gá a chur i bhfeidhm chun méadú ar an ráta úis a dhéanamh gan cur isteach ar fhlaithiúnais agus ar mhargaí?

Ar an gcéad dul síos, is gá a chur i bhfios go bhfuil BCE neamhspleách go hiomlán maidir lena bheartais agus lena ionstraimí a dhearadh agus a chur i bhfeidhm chun a shainordú a chomhlíonadh. Mar ar chuir roinnt comhaltaí de Chomhairle Rialaithe BCE béim air le déanaí, a luaithe a thosóidh beartais an normalaithe airgeadais – lena n-áirítear an méadú ar na rátaí úis – beidh gá go mbeidh dhá thoimhdiú á gcomhlíonadh aige. Ar an gcéad dul síos, ní mór dó a bheith intuartha agus trédhearcach chun cumarsáid rianúil le rannpháirtithe an mhargaidh a áirithiú. Ar an dara dul síos, beidh air a bheith de réir a chéile agus ag teacht leis an ionchas boilscithe a bheidh i réim an tráth sin.

I bprionsabal, níl flaithiúnais éagsúil ó rannpháirtithe eile an mhargaidh. Is é a ndualgais ullmhú agus oiriúnú a dhéanamh le haghaidh athruithe a d’fhéadfadh a bheith ann sa bheartas airgeadaíochta; níl sé de dhualgas ar BCE beartas a dhearadh chun é a dhéanamh níos éasca fiachas ceannasach a eisiúint. Tá laghdú á dhéanamh ag eisitheoirí ceannasacha ar a riachtanais eisiúna agus méadú á dhéanamh acu ar shaolré na heisiúna le roinnt blianta anuas, rud a fheabhsóidh athléimneacht a n-ualach úis sa chás sin. Ba cheart go mbainfeadh na Rialtais leas freisin as na tréimhsí maithe eacnamaíocha chun maoláin fhioscacha a atógáil agus a ngeilleagair a ullmhú chun suaití sa todhchaí a sheasamh níos fearr, mar shampla méadú ar na rátaí úis. I ndeireadh na dála, ní fhanfaidh rátaí úis chomh híseal go deo.

Maidir le réamhthreoir, mar a chuirtear i bhfeidhm sa limistéar euro, sna Stáit Aontaithe, sa Ríocht Aontaithe agus sa tSeapáin í faoi láthair, is mór an cuidiú í chun na margaí a ullmhú le haghaidh méadú sna rátaí úis. Tá an margadh todhchaíochtaí soiléir, rud a chuireann ar chumas gníomhairí an mhargaidh a n-ionchais a chur in iúl sách beacht. Ba cheart, go hidéalach, go mbeadh aon mhéadú de réir a chéile agus é a bheith réamh-mheasta ag an margadh.

Go hachomair, tá an bealach ina ndéantar cinntí a chur i bhfeidhm agus a chur in iúl faoi láthair ag ullmhú an mhargaidh go maith le haghaidh normalú ar an mbeartas airgeadais.

10.     Conas, dar leat, is féidir le BCE cur leis an bhfás eacnamaíoch agus leis an lánfhostaíocht agus a phríomhchuspóir chun cobhsaíocht praghsanna a choimeád á chomhlíonadh aige? Cad iad na bearta breise um beartas airgeadaíochta, dar leat, a dhéanfadh éifeachtaí dearfacha an bheartais airgeadais ar an bhfíorgheilleagar a fheabhsú?

Is tábhachtach a mheabhrú gurb é sainordú sainiúil BCE cobhsaíocht airgeadais a bhaint amach. Is é an rannchuidiú is fearr is féidir leis an údarás airgeadaíochta a dhéanamh ná leibhéil réasúnta íseal agus cobhsaí den bhoilsciú a áirithiú. Ag an am céanna, tá sé ríthábhachtach a áirithiú nach gclaonfaidh fás eacnamaíoch mórán óna ráta féideartha chun boilsciú cobhsaí a bhaint amach. Ach arís, níor cheart go mbainfeadh sé sin le baincéirí ceannais ach amháin mar bhealach chun cobhsaíocht praghsanna a bhaint amach.

Tá go leor fianaise ann nach bhfuil aon trádmhalartú idir an boilsciú agus fás san fhadtéarma. Mar a luadh cheana, is réamhriachtanas le haghaidh fás leanúnach í an chobhsaíocht praghsanna. Is féidir an trádmhalartú sin a bheith ann, áfach, sa ghearrthéarma, go háirithe le linn cúluithe eacnamaíocha. Sa chomhthéacs sin, díríonn BCE ar chobhsaíocht praghsanna agus trína dhéanamh sin agus tríd an tsolúbthacht atá ar fáil a úsáid - agus sraith de bhearta beartais neamhghnácha chun dul i ngleic leis an ngéarchéim a tharla le déanaí, chabhraigh sé leis an ngeilleagar a chosc ó bhoilsciú. Is cosúil gur leor an pacáiste beart a chuir BCE i bhfeidhm ó 2012 i leith chun tacú le cobhsaíocht praghsanna agus leis an téarnamh eacnamaíoch. Fianaise choincréideach chuige sin ab ea comhbhrú raonta an fhiachais phoiblí chomh maith le cóineasú na rátaí úis a ghearrann institiúidí creidmheasa ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Mar sin féin, ní bheadh an cóineasú sin indéanta gan na feabhsuithe ar an maoirseacht airgeadais, ar láidreacht sheasamh leachtachta agus ar sheasamh caipitil na mbanc agus ar na hathchóirithe struchtúracha a rinneadh i go leor tíortha sa limistéar euro le blianta beaga anuas. Thairis sin, is réamhriachtanas í an chobhsaíocht praghsanna freisin le haghaidh fás leanúnach. Sa mhéid gur chuir maoirsiú éifeachtach BCE cosc ar éagobhsaíocht bhreise airgeadais, thacaigh sé chomh maith le fás agus le fostaíocht. Ar an gcaoi sin, rannchuidigh BCE go mór lena chuspóirí tánaisteacha.

Is cosúil go bhfuil na bearta beartais atá i bhfeidhm faoi láthair iomchuí ó thaobh an ionchas bhoilscithe reatha agus an tseasaimh beartais airgeadaíochta inmhianaithe. Maidir le bearta sa todhchaí, is rud é sin a chaithfear a chinneadh bunaithe ar an ionchas a bheidh i réim maidir le boilsciú agus dálaí eacnamaíocha agus airgeadais iomlána an limistéir euro.

11.  Cad iad na tuairimí atá agat maidir leis na rioscaí a bhaineann le Clár Ceannaigh na hEarnála Corparáidí (CCEC)? An bhfeicfeá aon iarmhairtí saofa ar iomaíocht laistigh den Mhargadh Aonair? Conas is dóigh leat gur féidir iarmhairtí saofa CCEC a íoslaghdú? An dóigh leat gur cheart go ndéanfaí spriocanna Pháras agus SFI a chomhtháthú leis?

Is é mo thuairim go raibh an CCEC rathúil chun feabhas a chur ar rochtain a bheith á fáil ar ag cuideachtaí ar mhaoiniú, ní hamháin go díreach do na corparáidí móra a bhfuil a gcuid bannaí incháilithe go hiondúil le haghaidh ceannacháin faoin CCEC, ach go hindíreach freisin ar fud na ngnólachtaí uile agus na gcodanna eile sa mhargadh, go háirithe na fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) nach bhfuil rochtain acu ar mhargaí bannaí. Bíonn éifeachtaí iarmhartacha dearfacha ag dálaí dearfacha sna margaí bannaí ar FBManna, mar shampla trí thabhairt ar chorparáidí móra brath níos mó ar mhaoiniú bannaí, agus ar an gcaoi sin, níos mó spáis i gclár comhardaithe na mbanc chun iasachtaí a sholáthar do FBManna. Dá bhrí sin, mhéadaigh an CCEC éifeachtacht an tarchuir bheartais airgeadaíochta tríd an gcóras baincéireachta trí chostais maoinithe margaidh na gcorparáidí neamhairgeadais a laghdú go díreach.

Agus an méid sin ráite, caithfidh BCE leanúint de bheith airdeallach maidir le hardú féideartha ar mhíchothromaíochtaí agus ar rioscaí i gcodanna áirithe den mhargadh fiachais corparáideach mar thoradh ar na dálaí airgeadais an-scaoilte.

Chun cosc a chur ar iarmhairtí saofa féideartha an CCEC ar an iomaíocht laistigh den Mhargadh Aonair, cuireann BCE roinnt beart maolaitheach i bhfeidhm maidir le leachtacht sa bhunmhargadh agus sa mhargadh tánaisteach. Ina rannpháirtíocht i gceannacháin sa bhunmhargadh, tagtar ar chothromaíocht idir cuspóirí an chláir agus an gá le feidhmiú leordhóthanach margaidh a áirithiú. Ar an gcaoi chéanna, nuair a cheannaíonn BCE ar an margadh tánaisteach, breithníonn sé ganntanas ionstraimí fiachais ar leith agus dálaí ginearálta an mhargaidh ionas nach ndéanfar praghsanna agus ar leachtacht a shaobhadh. Ina theannta sin, déanann ceannacháin gach saincheist atá fós gan réiteach a léiriú go comhréireach, agus ualú á sholáthar ag ualú margaidh do gach ceann de na dlínsí éagsúla eisiúna.

Maidir le spriocanna Pháras agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFI), ba cheart go dtosóimis a aithint gur spriocanna de chuid AE iad forbairt inbhuanaithe agus cosaint an chomhshaoil agus go bhfuil siad bunaithe sa reachtaíocht phríomha. Dá bhrí sin, beidh gá le tacaíocht ón Eurochóras, ar choinníoll go n-urramóidh príomhchuspóir na cobhsaíochta praghsanna sa mheántéarma. Sa réimse sin, tá sé tábhachtach go ndéanfar obair leanúnach maidir le hairgeadas inbhuanaithe i bhfóraim éagsúla Eorpacha agus idirnáisiúnta a chur i gcuntas. Mar shampla, d’fhoilsigh Grúpa Saineolaithe Ardleibhéil AE um Airgeadas Inbhuanaithe tuarascáil le déanaí a cuireadh faoi bhráid Chomhairle ECOFIN i mí Feabhra 2017 inar cuireadh moltaí ar aghaidh a chuimsíonn córas tacsanomaíochta agus lipéadaithe a fhorbairt le haghaidh bannaí glasa agus neamhchosaintí glasa agus cuirfear é sin i gcuntas faoi Phlean Gníomhaíochta an Choimisiúin a bheidh ag teacht. Tá tionscnaimh á bhforbairt freisin ag G20 faoin nGrúpa Staidéir ar Mhaoiniú Glas, agus ag FSB faoin Tascfhórsa maidir le Nochtadh Airgeadais a bhaineann le cúrsaí Aeráide chun nochtadh rioscaí a bhaineann le cúrsaí aeráide a neartú agus chun tuiscint níos fearr a chothú i dtaobh an bhféadfaí na rioscaí sin a chomhtháthú níos fearr i gcreataí rialála agus bainistíochta riosca. Tá gá le tuilleadh forbartha agus tacaíochta ag na tionscnaimh sin agus beidh tacaíocht ó BCE tábhachtach. Go dtí go ndéanfar an fhorbairt sin, d’fhéadfadh na tionscnaimh sin modh a sholáthar do BCE chun ceisteanna comhshaoil a chur i gcuntas agus é i mbun ceannachán (mar shampla, agus an tacsanomaíocht a luadh á cur i gcuntas). Mar sin féin, sula ndéanfar tosca glasa a ionchorprú ina chreat beartais airgeadaíochta, ba cheart do BCE aghaidh a thabhairt go cúramach ar aon rioscaí i gcás cobhsaíocht airgeadais a d’eascródh as breithniú a dhéanamh ar chritéir thar riosca creidmheasa a bhféadfadh sé nach mbeidís dlisteanaithe ó thaobh na stuamachta de.

12.  Cad é do mheasúnú ar sciar méadaitheach de chlár ceannaithe na hearnála corparáidí sa bhunmhargadh agus an tráth céanna an sciar íslitheach de chlár ceannaithe na hearnála poiblí ar an margadh tánaisteach?

Ar an gcéad dul síos, is dhá chlár iad sin a dhéantar faoi théarmaí éagsúla. Dá bhrí sin, cé go ndéantar ceannacháin CCEC ar an mbunmhargadh agus ar an margadh tánaisteach araon, ní dhéantar ceannacháin CCEP ach amháin ar an margadh tánaisteach ós rud é nach lamháiltear do BCE bannaí ceannasach a cheannach ar an mbunmhargadh faoi Airteagal 123 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Is toradh nádúrtha ar dhearadh an chláir é an sciar réasúnta mór atá ag CCEC sa bhunmhargadh, mar go bhfuil eisiúintí nua á spreagadh ag an CCEC. Mar sin féin, tá an clár deartha chun a áirithiú go bhfaighidh an Eurochóras sciar sách beag d'eisiúintí nua (go háirithe, gan níos mó ná 30% in aghaidh na heisiúna) d’fhonn feidhmiú rianúil an mhargaidh a áirithiú.

Maidir leis an CCEP, tá a scair laghdaithe i ngníomhaíocht tánaisteach sa mhargadh mar thoradh ar an laghdú is déanaí sa sprioc míosúil maidir le glancheannacháin CCS ó EURO 60 billiún go 30 billiún. I bhformhór an laghdaithe sin, díríodh ar chuid CCEP den CCS, rud a léiríonn an éabhlóid le déanaí maidir le soláthar coibhneasta bannaí na hearnála poiblí i leith sócmhainní incháilithe eile.

13.  Cad é do thuairim ar chur chun feidhme an Chúnamh Leachtachta Éigeandála (ELA)? Cad a d'fhéadfaí a fheabhsú sa phróiseas cinnteoireachta maidir le deonú ELA?

Is coinníoll riachtanach é cobhsaíocht airgeadais chun beartas airgeadais a tharchur go leormhaith. Féadfaidh Bainc Cheannais Náisiúnta (BCNanna) ELA a sholáthar d’institiúidí airgeadais sócmhainneacha a bhfuil orthu aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna leachtachta sealadacha, lasmuigh de ghnáthoibríochtaí beartais airgeadaíochta an Eurochórais.

Soláthraítear ELA faoi fhreagracht na BCNanna, ar a gcostas féin agus ar a riosca féin, agus i gcónaí chuig institiúidí sóchmhainneacha. Féadfaidh na BCNanna a chinneadh i dtaobh an dtabharfar ELA d’institiúid ar leith, an chomhthaobhacht a iarrfar agus bearta eile rialaithe riosca a bheidh le cur i bhfeidhm.

Tá rogha na BCNanna teoranta ag Comhairle Rialaithe BCE, a fhéadfaidh oibríochtaí ELA a chosc, a theorannú nó coinníollacha a chur le hoibríochtaí ELA má fhionnann sí go gcuireann siad isteach ar chuspóirí agus ar chúraimí CEBC. Tagann méadú ar fhaireachán na Comhairle Rialaithe le méid an ELA a iarrtar. Déantar foráil sa chreat do ELA freisin maidir le solúbthacht chun freagairt do chásanna práinne ar leith nó chun impleachtaí córasacha féideartha a sheachaint: féadfaidh an Chomhairle Rialaithe a chinneadh gan cur i gcoinne ELA a sholáthar do bhainc shonracha suas go dtí tairseach áirithe agus laistigh de thréimhse réamhshainithe.

Bhí soláthar ELA ríthábhachtach maidir le beartas airgeadaíochta an Eurochórais a riar, go háirithe le linn na géarchéime. Rannchuidigh sé sin le cobhsaíocht airgeadais agus chuir sé i gcoinne éifeachtaí diúltacha ó thaobh na muiníne de, agus ar an gcaoi sin thacaigh sé le tarchur an bheartais airgeadaíochta, laistigh de shainordú BCE.

Tá na rialacha soiléir maidir leis sin. D’fhéadfadh rochtain a bheith ag institiúid chreidmheasa ar Chúnamh Leachtachta Éigeandála má bhíonn sé sócmhainneach agus má bhíonn go leor sócmhainní ar fáil aige chun a ráthú go n-aisghabhfar an t-airgead a chuirtear ar fáil, ionas nach mbeidh aon chaillteanas ag an mbanc ceannais ná ag na saoránaigh ar deireadh.

Is próiseas trédhearcach é an próiseas cinnteoireachta. Rinne BCE “Comhaontú ELA” (an Comhaontú maidir le Cúnamh Leachtachta Éigeandála) a fhoilsiú anuraidh. Tá mionsonraí uile an phróisis ann: ón sainmhíniú ar shócmhainneacht an bhainc go dtí freagrachtaí a roinnt idir an banc ceannais náisiúnta a thugann an iasacht agus an Banc Ceannais Eorpach nach ndéanann agóid ina choinne.

14.   Ar cheart dúinn a bheith buartha faoi leibhéil reatha na míchothromaíochtaí ó thaobh na Sprice de?

Is mór idir míchothromaíochtaí Target2 inniu agus iad siúd ó 2011 agus 2012. An tráth sin, tarraingíodh amhras – go mícheart, mar a tharla sé -- ar leanúnachas AEA. Sa chomhthéacs sin, bhí eagla ar thíortha a raibh easnaimh sa chuntas reatha acu go raibh siad i mbaol díluachála, agus tugadh roinnt dóchúlachta maidir le haisluacháil do thíortha a raibh barrachas sa chuntas reatha acu, agus mar sin ba é an freagra réasúnach ar an margadh ná teitheadh caipitil ón imeall mar a thugtar air agus isteach sa Ghearmáin.

Tá an méadú ar chothromaíochtaí TARGET2 éagsúil ón mbabhta a bhí ann roimhe sin de chothromaíochtaí a bhí ag ardú. Déanann cur chun feidhme an Chláir Ceannaithe Sócmhainní na comharthaí arna gcur ar aghaidh na míchothromaíochtaí Sprice agus is féidir míthuiscintí leanúint as. Is eol don saol mór go bhfuil foinse mheicniúil ag cuid de na míchothromaíochtaí Sprice, a bhaineann le conas a dhéantar ceannacháin CCS a riar. Is é stádas Frankfurt mar lárionad airgeadais, agus stádas an Bundesbank mar chontrapháirtí Target2 d’fhormhór na mbanc atá taobh thiar de mhéadú an Bundesbank ina sheasamh creidmheasach. I mbeagán focal, ní dóigh liom gur nithe iad na míchothromaíochtaí reatha ó thaobh na Sprice de gur cheart dúinn a bheith buartha fúthu. Rud a thacaíonn leis an dearcadh seo is ea nach léirítear aon anás i bpraghsanna sócmhainní, murab ionann agus géarchéim an fhiachais cheannasaigh 2011-2012.

Ar aon nós, tá sé tábhachtach go leanfaidh BCE lena fhaireachán ar chothromaíochtaí TARGET2 agus ar raon leathan táscairí a sholáthraíonn faisnéis faoi na leibhéil struis sa mhargadh, mar a dhéanann sé inniu.

15.     Cad iad na rioscaí do chobhsaíocht airgeadais a bhaineann le hairgeadraí fíorúla amhail Bitcoin a fhorbairt? Cén ról is dóigh leat ba cheart do BCE imirt agus aghaidh á tabhairt aige ar airgeadraí fíorúla? 

Lig dom tosú tríd an rud is léir do gach duine a rá: Is ar éigean gur féidir Bitcoin agus criptea-airgeadraí eile a chur i láthair mar ionadaigh ar airgead a eisítear ón mbanc ceannais. Tá roinnt fadhbanna, a bhaineann, den chuid is mó, leis na luathchéimeanna de chur i bhfeidhm theicneolaíocht DLT ina crá croí acu. Tá DLT fós sách mí-éifeachtach, tá an luas idirbheart teoranta agus le leasuithe leanúnacha sna cumraíochtaí teicneolaíochta cuireadh thart ar 900 airgeadra éagsúil ar fáil go nuige seo. Thairis sin, tá Bitcoin agus na príomhfhoinsí eile ar a dtugtar ailt-bhoinn i seilbh roinnt bheag daoine agus cuireann sé sin, mar aon leis ngannleachtacht timpeallacht ghuagach ar fáil, a bhfuil claonadh aici eachtraí fiontraíochta boilgeog agus pléascthaí a bheith aici. Dá bhrí sin, níl criptea-airgeadraí sa lá atá inniu ann in ann feidhmeanna bunúsach (modhanna íocaíochta, aonad cuntais agus stóráil luacha) a dhéanamh ar bhealach inbhuanaithe.

D'fhéadfadh airgeadraí digiteacha a eisíodh go príobháideach a bheith ina ndúshláin do bhainc cheannais faoi dheireadh. I gcás banc ceannais, is iad na dúshláin chéanna a bhainfeadh le hairgeadra eachtrach iomaíochta a bheith ann na dúshláin a bhaineann le hairgeadra digiteach. Maidir leis an ngeilleagar domhanda, is í an iomaíocht i measc airgeadraí is cúis le soláthar agus éileamh a bheith ann chun praghas cothromaíochta a chinneadh, an ráta malairte, rud a léiríonn áirgiúlacht choibhneasta na n-airgeadraí.

Tríd is tríd, dá dtiocfadh fás suntasach ar chúrsaíocht airgeadraí digiteacha a eisítear go príobháideach, dhéanfaí difear don bheartas airgeadaíochta ar an mbealach céanna agus a dhéanfaí le haon airgeadraí eile. Bheadh ar an mBanc Ceannais (agus ar rialtóirí agus ar ghníomhaireachtaí maoirseachta) faireachán a dhéanamh ar rátaí malairte, ar chórais íocaíochta na n-airgeadraí sin, ar mhargaí airgeadais na sócmhainní a ainmnítear sna hairgeadraí agus ar idirnaisc nua idir na margaí agus na rannpháirtithe sa mhargadh agus an córas airgeadais traidisiúnta. Bheadh an faireachán sin riachtanach chun éifeachtacht na n-ionchur airgeadaíochta chomh maith le sláine na gcóras íocaíochta agus na margaí airgeadais a áirithiú, chun cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú agus an córas a leithlisiú ó shuaití. Thairis sin, ba cheart go mbeadh margaí agus íocaíochtaí airgeadra digiteacha nua faoi réir na rialachán uile maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta agus cosaint infheisteoirí.

Go dtí seo, ní riosca tromchúiseach iad criptea-acmhainní do chobhsaíocht airgeadais, mar a thug BCA chun suntais, mar gheall ar a líon teoranta agus a n-idirnascthacht. D’fhéadfadh cripteasócmhainní, amach anseo, difear a dhéanamh do chobhsaíocht airgeadais má mhéadaítear ar a líon agus ar a n-idirnascthacht leis an earnáil airgeadais.

Ar deireadh thiar, d’fhéadfadh na Bainc Cheannais teicneolaíocht DLT, atá ina bonn taca ag Bitcoin, a chomhthoghadh chun airgeadra digiteach ceannasach a eisiúint. D’fhéadfadh Airgead Bainc Cheannais dhigiteach cabhrú le smacht a choimeád ar na sásraí airgeadais ach d’fhéadfadh impleachtaí tromchúiseacha a bheith aige sin ar an mbaincéireacht ilroinnte ar ghá staidéar bhreise a dhéanamh air.

Is ar rialtóirí airgeadais ar fud an domhain atá an fhreagracht airgeadraí digiteacha a rialú. Lasmuigh de na cúinsí fadtéarmacha sin i leith Beartas Airgeadaíochta, ba cheart do BCE faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí sa chriptea-airgeadra agus ar an idirnascthacht idir an córas airgeadais tradisiúnta agus na margaí sin. A mhéid a fhanfaidh an margadh beag agus a fhanfaidh na hinstitiúidí glan ar na sócmhainní rioscúla, ní bheidh gá ag BCE idirghabháil a dhéanamh, ach ba cheart dó fanacht airdeallach ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann ar chobhsaíocht airgeadais agus rabhadh a thabhairt do na geallsealbhóirí go léir faoi na rioscaí atá i gceist.

16.     Conas a dhéanann tú measúnú ar na hidirghníomhaíochtaí idir córais íocaíochta agus beartas airgeadaíochta? Cén ról ba cheart a bheith ag BCE, mar bhanc ceannais eisiúna maidir le maoirsiú a dhéanamh ar na contrapháirtithe lárnacha?

Tá córais íocaíochta bunriachtanach chun beartas airgeadaíochta a chur chun feidhme. Tá an banc ceannais ag brath ar chóras íocaíochta atá slán agus éifeachtach, ar réamhriachtanas é chun beartas airgeadaíochta a tharchur go rianúil agus chun cobhsaíochta airgeadais a chaomhnú. Dá bhrí sin, is ceann de bhunchúraimí an Eurochórais é oibriú rianúil córas íocaíochta a chur chun cinn (Airteagal 127.2 den Chonradh ar Fheidhmiú AE) agus tá maoirsiú BCE dírithe ar an gcainéal tarchurtha don bheartas airgeadaíochta a choimirciú. Mura mbíonn sreabhadh rianúil idir rannpháirtithe sa mhargadh, is féidir iompar neamhordúil rátaí úis tarlú agus d’fhéadfadh sé sin difear a dhéanamh dá bhfoirmíocht ar deireadh. Maidir leis sin, nuair a bhíonn an córas íocaíochta mífheidhmiúil bíonn an córas airgeadaíochta lagaithe. Thairis sin, le córais TARGET a bheith curtha ar bun leis an Eurochóras, soláthraíodh córas íocaíochta ar fud an chórais a úsáidtear chun oibríochtaí an bhainc ceannais a chur a shocrú. Tá TARGET anois ina ionstraim bhunriachtanach chun an beartas airgeadaíochta don Eurochóras a chur chun feidhme, agus chabhraigh sé le margadh airgeadais aonair a chruthú laistigh den limistéar euro.

Maidir le ról BCE mar bhanc ceannais eisiúna i leith maoirsiú a dhéanamh ar na contrapháirtithe lárnacha, táthar ag súil go dtabharfar aghaidh in athbhreithniú leanúnach EMIR ar an ngá do BCE cumhachtaí leormhaithe a bheith aige chun a áirithiú go ndéanfaidh sé faireachán ar na rioscaí féideartha a eascróidh ó chontrapháirtithe lárnacha le haghaidh beartas airgeadais a riar agus le haghaidh fheidhmiú na gcóras íocaíochta. Déantar sa togra, i measc rudaí eile, neartú ar an ról a imríonn bainc cheannais AE sa chreat rialála a thabhairt le tuiscint. Tá an neartú sin riachtanach, ar an gcéad dul síos, mar gheall ar an bhfás leanúnach ar an imréiteach lárnach agus ar an gcomhchruinniú riosca airgeadais sna contrapháirtithe lárnacha a mhéadaíonn ar na héifeachtaí suaite a d’fhéadfadh a bheith ag na contrapháirtithe lárnacha ar chur chun feidhme an bheartais airgeadais. Agus ar an dara dul síos, tugtar le tuiscint le himeacht na Ríochta Aontaithe ó AE, go bhféadfadh sé go ndéanfaí cuid mhór de na gníomhaíochtaí imréitigh a ainmnítear in euro lasmuigh de AE sa todhchaí.

17.  Cad iad na rioscaí le haghaidh cobhsaíocht airgeadais a bhaineann le Brexit?

Beidh tionchar Brexit ag brath ar shaintréithe an chaidrimh a bheidh ann amach anseo idir an Ríocht Aontaithe agus AE. Ós rud é nach bhfuil soiléiriú againn maidir le toradh deiridh na gcaibidlíochtaí, ba cheart dúinn a bheith ullamh d'aon chás faoi dheireadh, lena n-áirítear cliseadh tobann. Ar ndóigh, dhéanfadh socrú idirthréimhseach i gcomhréir le treoirlínte na Comhairle Eorpaí an t-aistriú a dhéanamh níos rianúla. Mar sin féin, tá éiginnteacht fós ann faoin bpróiseas sin go léir.

Ó thaobh na seirbhísí airgeadais ar an margadh Eorpach de, dá ndéanfaí méid an ghnó a dhéantar i Londain a ilroinnt agus a dhéanamh i margadh amháin nó i roinnt margaí idirnáisiúnta, thiocfadh roinnt iarmhairtí de sin:

Leis an ilroinnt, bheadh costais struchtúracha sealadacha ar mhargadh caipitil AE, mar gheall ar chailliúint na mbarainneachtaí scála agus líonra, ar leachtacht laghdaithe agus ar dhoimhneacht na margaí. Thiocfadh laghdú san fhadtéarma ar na costais sin de réir mar a éireoidh na margaí a thiocfaidh in ionad na Cathrach níos doimhne.

Ciallaíonn na naisc láidre trasteorann idir an Ríocht Aontaithe agus AE i soláthar seirbhisí airgeadais go bhféadfadh rioscaí suntasacha i leith cobhsaíocht airgeadais a bheith ag baint le Brexit neamhordúil. Ceann de na réimsí imní is ea réimse na ndíorthach thar an gcuntar agus na gconarthaí árachais. Go háirithe, maidir leis na contrapháirtithe lárnacha, gineann an t-aistriú éiginnteacht, toisc nach féidir glacadh leis go mbeidh comhaltaí na dtithe imréitigh nua a bheith in ann soláthar agus éileamh a chothromú gan bhriseadh. Ní mór stoc na n-idirbheart agus idirbhearta nua i margaí an euro a chur i gcrích nó a aistriú chuig contrapháirtithe lárnacha atá údaraithe nó aitheanta ag AE, ag teacht in ionad na gcontrapháirtithe lárnacha a bhí ann roimhe seo. Próiseas casta is ea é sin a éilíonn am. Ar scála níos leithne, tá imní ann freisin faoin aistriú go dtí rialacha nua/caighdeáin dhlíthiúla nua.

Mar sin féin, is féidir le roinnt beart an éiginnteacht atá ann i ndáil leis an aistriú a mhaolú: fógraí luatha faoin gcreat a bheidh ann amach anseo, údaruithe sealadacha, sásraí chun marthanú a dhéanamh agus/nó am chun nuachan a dhéanamh ar na conarthaí uile, is céimeanna iad sin go léir a d’fhéadfadh rannchuidiú le haistriú ordúil.

Braitheann go leor ar chinntí straitéiseacha na mbanc a fheidhmíonn sa chuid is mó de na margaí sin. Tá sé bunriachtanach go n-ullmhóidh eintitis leasmhara chun déileáil le heasaontais le linn na hidirthréimhse agus go n-oiriúnóidh siad d’aon chásanna a d’fhéadfadh tarlú amach anseo.

Ba cheart do BCE agus do na BCNanna a bheidh ullamh chun aghaidh a thabhairt ar an aistriú agus chun na heintitis ón Ríocht Aontaithe a athshuí. Is gá critéir shoiléire chun déileáil leis na heintitis sin a bheith ann (i.e. bailíochtú na samhlacha inmheánacha a bhí á n-úsáid acu sa Ríocht Aontaithe) agus ba cheart do mhaoirseoirí a áirithiú gur mó ná sliogáin fholamha iad na heintitis athshuite agus go gcoimeádfaidh siad a ngníomhaíocht agus a n-acmhainní sa Ríocht Aontaithe.

Má dhéantar ullmhúcháin chuí don aistriú, níor cheart dúinn a bheith ag súil le himpleachtaí fadtéarmacha suntasacha maidir le cobhsaíocht airgeadais agus maidir le geilleagar an limistéir euro.

18.    Conas a d'fhéadfaí an creat rialachais eacnamaíoch agus go háirithe a chur chun feidhme a fheabhsú? AE

In aontas airgeadra, géilleann na Ballstáit uirlisí cobhsaíochta tábhachtacha. Ba cheart cúiteamh a dhéanamh air sin trí shásraí eile chun suaití a chosc agus a sheasamh.

•  Ar dtús, déanann na margaí airgeadais rioscaí a athdháileadh in aontas airgeadaíochta agus méadú ar roinnt riosca san earnáil phríobháideach. Maidir leis an aontas baincéireachta a thabhairt chun críche, tá sé mar chuspóir aige margaí airgeadais comhtháite a chur ar fáil a dhéanfaidh leithdháileadh éifeachtúil acmhainní ar fud an AEA. Ba cheart iad sin a thabhairt chun críche mar thosaíocht.

•  Ar an dara dul síos, tá sé ríthábhachtach athléimneacht na ngeilleagair aonair a mhéadú agus cosc a chur ar idirdhealú i leith iomaíochas idir comhaltaí an AEA as a leanann míchothromaíochtaí neamh-inbhuanaithe. Éilíonn sé sin creat rialachais eacnamaíoch láidir, atá ag feidhmiú go maith a áirithíonn cobhsaíocht airgeadais. Tá athchóirithe struchtúrtha tábhachtach chun cóineasú in AE a áirithiú, ach tá sé níos tábhachtaí fós do thíortha a bhfuil airgeadra á roinnt acu agus d’oibriú rianúil an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta.

•  Ní mór do na Ballstáit a bheith ar an eolas go n-éilíonn a bheith mar chuid den aontas airgeadaíochta comhordú níos doimhne a dhéanamh ar bheartais eacnamaíocha i gcomhréir leis an leibhéal níos doimhne den chomhtháthú.

Léirigh an ghéarchéim nach raibh an chobhsaíocht praghsanna a sholáthair BCS i gcomhar le cistí poiblí tríd an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF) leordhóthanach chun cobhsaíocht airgeadais a áirithiú sa limistéar euro. Is féidir leis an méadú ar éagothromaíochtaí cobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol agus dochar a dhéanamh do shásraí tarchuir an bheartais airgeadaíochta. Is é sin an fáth ar tugadh faoi athchóirithe suntasacha ar rialachas eacnamaíoch an limistéir euro: : mar aon leis an bhfeabhas ar an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis agus an méadú ar an gcomhordú buiséadach, cuireadh i bhfeidhm creat chun faireachas a dhéanamh ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha agus chun iad a cheartú. Is é is aidhm leis an Nós imeachta um Míchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha (MIP) ná faireachas a dhéanamh ar an méadú ar mhíchothromaíochtaí agus bearta ceartaitheacha a chur i bhfeidhm nuair is gá. Sa bhreis air sin, cuireann an Seimeastar Eorpach ceanglas ar na Ballstáit tabhairt faoi na bearta is gá chun dul i ngleic lena bpríomhdhúshláin agus déanann sé iarracht cur chun feidhme na n-athchóirithe struchtúrtha a chomhordú.

Bhí na hathchóirithe sin go léir riachtanach agus úsáideach don rialachas eacnamaíoch, ach tá níos mó fós le déanamh.

•  I mbeartais fhioscacha, tá méadú ag teacht ar éilimh chun rialacha fioscacha a shimpliú chun níos mó úinéireachta agus cur chun feidhme trédhearcach agus comhsheasmhach rialacha comhaontaithe a áirithiú. Is é atá tábhachtach ná go ndéanfar a áirithiú leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis go gcuirfidh na Ballstáit leis na maoláin fhioscacha nuair a bhíonn an saol go maith dúinn. Ní mór rialacha fioscacha comhaontaithe a fhorfheidhmiú go cinntitheach ina dhiaidh sin, mar mura ndéanfar amhlaidh, beidh na Ballstáit fós gan cosaint ar an gcéad ghéarchéim eile i bhfianaise a theoranta is atá an spás fioscach atá ar fáil sa lá atá inniu ann.  

•  Sa bhreis air sin, is féidir an MIP a fheabhsú tuilleadh ionas go mbeidh sé ina fhíoruirlis luathrabhaidh maidir leis an méadú ar mhíchothromaíochtaí a spreagann gníomhaíocht cheartaitheach.

•  Ní mór cur chun feidhme athchóirithe struchtúracha a fheabhsú freisin. Ba cheart do na Ballstáit úinéireacht iomlán a ghlacadh ar na hathchóirithe is gá chun aghaidh a thabhairt ar a míchothromaíochtaí agus chun a bhfreagrachtaí aonair a ghlacadh chucu féin.

•  Ní mór do na Ballstáit a ngealltanais a chur i gcrích, agus, ag an am céanna, ba cheart don seimeastar Eorpach an creat a sholáthar le haghaidh comhordú agus seicheamhú iomchuí a dhéanamh ar athchóirithe struchtúracha chun iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann a inmheánú. I ndáil leis sin, trí chomhsheasmhacht idir moltaí don limistéar aonair agus an limistéar euro a áirithiú, is féidir teacht aniar an aontais airgeadaíochta a neartú.

Tá athchóirithe struchtúracha fíor-riachtanach chun cur le teacht aniar an aontais airgeadaíochta agus chun ardleibhéil fáis agus fostaíochta atá fadtéarmach agus inbhuanaithe a chothú. Déanann siad fás féideartha a scaoileadh agus, trí dhul i ngleic le bacainní ar infheistíocht, cruthaíonn siad timpeallacht ina gcothaítear infheistíochtaí. Sa bhreis air sin, is iad athchóirithe struchtúracha an príomhshásra laghdaithe riosca in aontas airgeadaíochta agus cuideoidh siad leis an muinín pholaitiúil is gá a fhorbairt chun tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh maidir le hathchóirithe eile a bhfuil gá leo chun AEA a dhoimhniú.

Cuirfidh na bearta sin go léir le teacht aniar geilleagar aonair agus an limistéir euro ina iomláine i dtaca le suaití díobhálacha. Fiú amháin na margaí is solúbtha agus is éifeachtúla, áfach, níl sé d’acmhainn acu suaití ollmhóra a iompar go hiomlán. Tá líontán sábhála iomchuí de dhíth ar an limistéar euro agus is é sin go díreach is aidhm don díospóireacht reatha maidir le SCE a neartú (féach an cheist a bhaineann le SCE).

Ar bhonn tréimhse níos fadtéarmaí, bhainfeadh an limistéar euro leas as comhordú níos fearr ar bheartais fhioscacha agus as an acmhainneacht chun meascán iomchuí beartas a chur chun feidhme sa limistéar euro. I ndáil leis sin, d’fhéadfadh ionstraim chobhsaíochta fioscaí a bheith úsáideach chun cuidiú le déileáil le suaití móra gan a bheith ag brath an iomarca ar BCE chun críocha cobhsaíochta.  Níor mhór é a dhearadh chun freastal ar chúiseanna imní maidir le baol morálta, agus mar sin dá mbeadh rochtain ar an acmhainneacht sin coinníollach ar na gealltanais maidir le hathchóiriú struchtúrach a chomhlánú agus ar rialacha fioscacha a chomhlíonadh, d'fhéadfaí dreasachtaí leordhóthanacha a chur ar fáil do bheartais fhónta eacnamaíocha.

Ag an gCruinniú Mullaigh Euro i mí na Nollag 2017, rinne na Cinn Stáit nó Rialtais cinneadh tosaíocht a thabhairt do phléití maidir leis an Aontas Baincéireachta agus todhchaí SCE, d’fhonn an chéad sraith cinntí a dhéanamh i mí an Mheithimh. Ag an am céanna, meastar go leanfaidh na pléití maidir le saincheisteanna eile ar aghaidh le dearcadh níos fadtéarmaí. Agus feabhas tagtha anois ar an ionchas eacnamaíochta, tá sé in am machnamh a dhéanamh ar rialachas eacnamaíoch AEA chun a theacht aniar a áirithiú roimh aon ghéarchéimeanna a bheidh ann amach anseo.

19.  Cad é do dhearcadh maidir leis an díospóireacht leanúnach faoi ardleibhéil dhianseasmhacha an fhiachais phoiblí sa limistéar euro?

Mar thoradh ar an ngéarchéim tháinig meath suntasach ar chistí poiblí in AE agus sa limistéar euro ó tharla gur lig na rialtais d’easnaimh dul i méad chun tacú leis an ngeilleagar, ach chomh maith leis sin, ó tharla gur tháinig dliteanais intuigthe ó earnáil bhaincéireachta roinnt Ballstát chun cinn i gclár comhardaithe na hearnála poiblí. Chuir infheisteoirí a n-imní in iúl faoi inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí i roinnt tíortha agus, mar thoradh air sin, bhí margaí airgeadais sa limistéar euro ilroinnte ar bhonn náisiúnta.

Rinneadh bearta chun nach dtarlódh sé sin arís, lena n-áiritear cruthú an Aontais Baincéireachta (mar a luaitear thuas) agus athchóirithe suntasacha a bhí dírithe ar an smacht buiséadach a neartú agus comhordú beartas eacnamaíoch a mhéadú. Mar thoradh ar na hiarrachtaí sin, tá AE ar cheann de na réigiúin is mó ina bhfuil comhdhlúthú fioscach bainte amach in ainneoin téarnaimh leochailigh agus tá ag éirí leis na Ballstáit imeacht ón Nós Imeachta um Easnamh Iomarcach. Ón mbliain seo chugainn amach, beifear ag súil go mbeidh na Ballstáit go léir faoin gcuid choisctheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis. Mar gheall ar an iarracht chomhdhlúthaithe tá an cóimheas fiachais-OTI sa limistéar euro ag dul i laghad go daingean.

Tá an treocht chomhiomlán dhearfach sin ag ceilt éagsúlachtaí tábhachtacha idir na Ballstáit, áfach. I ndáil leis sin, tá sé ríthábhachtach an timpeallacht eacnamaíoch dhearfach atá ann faoi láthair a úsáid chun cur le maoláin fhioscacha. Tá sé sin fíor go háirithe maidir leis na Ballstáit a bhfuil fiacha arda acu, ar Ballstáit iad nach mór dóibh bealach comhdhlúthaithe iomchuí a ghlacadh i gcomhréir lena staid thimthriallach. Go deimhin, ba cheart do bheartais fhioscacha spás fioscach leordhóthanach a chruthú i dtréimhsí an ratha chun dul i ngleic le suaití díobhálacha nuair a thiocfaidh siad aníos. Mura ndéanfar amhlaidh, beidh an limistéar euro fós gan cosaint ar chora chun donais amach anseo. Fágann sé sin nach mór do na Ballstáit a bhfreagrachtaí faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a chomhlíonadh.

Ní fhágann sé sin nach féidir feabhas a chur ar an gcreat fioscach sa limistéar euro sa mheántéarma. Tá méadú ag teacht ar líon na n-iarrataí ar rialacha fioscacha a shimpliú agus ar mholtaí maidir le beartas fioscach a bhunú ar tháscairí infheicthe atá faoi smacht ag an rialtas agus a léiríonn comhthuiscint ar an staid thimthriallach. Mhéadódh sé sin úinéireacht rialacha fioscacha agus d’éascódh sé forfheidhmiú comhsheasmhach na rialacha sin.

Ar deireadh, níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh go bhfuil an fás fós bunriachtanach ó thaobh inbhuanaitheacht na gcistí poiblí de. I ndáil leis sin, le hathchóirithe struchtúracha, a scaoilfidh fás féideartha agus a chuirfidh le hiomaíochas gheilleagair an limistéir euro, cuideofar leis an stoc fiachais reatha, a carnadh i ndiaidh na géarchéime, a bhainistiú trí fhás agus fostaíocht a chur ar fáil atá fadtéarmach agus inbhuanaithe.

20.  Cad é do thuairim faoin éabhlóid a tháinig le déanaí ar ráta malairte USD/EUR?

Cé nach bhfuil an ráta malairte per se ina a chuid de shainordú BCE (atá dírithe ar an mboilsciú i bpraghsanna do thomhaltóirí a chobhsú), is cinnte go bhfuil sé ar cheann de na praghsanna ar a ndéanann BCE dlúthfhaireachán mar chuid dá mheasúnú ar an ionchas maicreacnamaíoch, rud arb ionchur tábhachtach é freisin ina chinntí a bhaineann leis an mbeartas airgeadaíochta.

Níl an luachmhéadú a tháinig le déanaí ar luach an euro (18% le linn na bliana seo caite) neamhghnách ó thaobh na staire de: bhí uaireanta éagsúla ann nuair a tháinig méaduithe chomh mór céanna, nó níos mó fiú, ó thionscnamh an airgeadra aonair. Baineann an luachmhéadú ar an euro le hathbhreithniú ar ionchais beartais airgeadaíochta ag rannpháirtithe sa mhargadh, i bhfianaise na bhforbairtí dearfacha maicreacnamaíocha sa limistéar euro, mar aon leis an laghdú de réir a chéile ar cheannach sócmhainní ag BCE a bhfuiltear ag súil leis. Leis an luachmhéadú sin a tháinig le déanaí ar ráta malairte éifeachtach ainmniúil an limistéir euro, léirítear go mór forbairtí dearfacha, amhail feabhas ar an ionchas eacnamaíoch agus méadú ar mhuinín sa mhargadh, i gcomhthéacs an bharrachais i gcuntais reatha agus, dá bhrí sin, baineann an méadú sin leis an bhfeabhas atá ag teacht ar na bunphrionsabail. Gan amhras, meastar go mbeidh éifeacht mhaolaithe áirithe ag an luachmhéadú sin ar onnmhairí agus ar bhoilsciú. Má leanann treocht an luachmhéadaithe ar aghaidh, áfach, nó má bhíonn sí róghéarr, d’fhéadfadh tionchar maolaithe níos mó a bheith aige ar fhás agus ar bhoilsciú, rud a d’fhágfadh go mbeadh sé níos deacra do BCE a chuspóir boilscithe a bhaint amach. I gcás ar bith, ba cheart do BCE leanúint de bheith ar an airdeall i leith forbairtí maidir le rátaí malairte agus measúnú a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar na dúshláin a d’fhéadfadh na forbairtí sin a chruthú maidir le cobhsaíocht praghsanna.

21.  Cad a mheasann tú faoina bhfuil bainte amach ag G20? Cad iad do thuairimí faoin leibhéal comhordúcháin reatha idir na príomhbhainc cheannais?

Tá sé léirithe ag G20 go bhfuil sé ina fhóram tábhachtach chun comhar eacnamaíoch idirnáisiúnta a fheabhsú agus chun geilleagar domhanda atá oscailte agus comhtháite a chothú. Tá dhá réimse ar leith ina raibh G20 go háirithe éifeachtach. Ar thaobh amháin, tá teacht aniar an chórais airgeadais dhomhanda neartaithe ag G20 trí shainordú a thabhairt don Bhord um Chobhsaíocht Airgeadais (FSB) pacáiste cuimsitheach athchóirithe a fhorbairt, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar bhaol morálta ó institiúidí atá tábhachtach ó thaobh an chórais dhomhanda de. Ar an taobh eile, agus le comhoibriú ó ECFE, bhí ról lárnach ag G20 maidir le comhrac i gcoinne imghabháil chánach agus sciúradh airgid, trí shraith beart a sheoladh lena dtugtar aghaidh ar chreimeadh an bhoinn agus ar aistriú brabúis agus lena dtugtar buntáiste d’fhaisnéis fhioscach a mhalartú go huathoibríoch. Faoi láthair, tá dúshláin nua roimh G20, amhail aghaidh a thabhairt ar nuálaíocht airgeadais sa chóras airgeadais (teicneolaíocht airgeadais) agus i gcánachas, rud a léiríonn go bhfuil sé fós go hiomlán ábhartha ina ról ó thaobh comhordú ar bhonn domhanda de.

Is féidir leis na bainc cheannais cur le cobhsaíocht i rátaí malairte trína seasamh i leith an bheartais airgeadaíochta a chur in iúl go cúramach roimh ré, mar a feabhsaíodh le blianta beaga anuas trí “réamhthreorú”. Dá réir sin, is rud an-dearfach é go léirítear i gcónaí sna nótaí faisnéise ón gCoiste Idirnáisiúnta Airgeadaíochta agus Airgeadais, ó G7 agus ó G20 na himpleachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag luaineacht iomarcach agus ag gluaiseachtaí mí-ordúla i rátaí do chobhsaíocht eacnamaíoch agus airgeadais agus don ghealltanas ó údaráis na dtíortha gan díluachálacha iomaíocha a dhéanamh agus gan spriocdhíriú ar rátaí malairte chun críocha iomaíochais. Ba cheart BCE a bheith i dteagmháil go leanúnach le bainc cheannais na n-airgeadraí eile. Níl ann ach deiseanna teoranta, áfach, chun aghaidh a thabhairt ar chomhordú níos forleithne ar bheartas airgeadaíochta ar bhonn domhanda, ós rud é nach bhfuil sainorduithe baile ag na bainc cheannais. Ach an méid sin ráite, sílim le blianta beaga anuas go bhfuil méid measartha sásúil comhair feicthe againn i measc na bpríomhbhanc ceannais sna hardgheilleagair, mar a léirítear mar shampla ina ndea-chumarsáid faoi rátaí malairte, ina seasamh atá i bhfabhar cobhsaíocht dhomhanda agus sa bhealach a soláthraíonn siad leachtacht in airgeadra eachtrach. Cuirim fáilte roimh an gcomhordú sin agus ba cheart é a neartú tuilleadh amach anseo.

C. Cobhsaíocht agus maoirseacht airgeadais

22.  Conas is féidir linn aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí na géarchéime maidir le hardleibhéil stoc na n-iasachtaí neamhthuillmheacha mar aon leis na rioscaí i sreabhadh na n-iasachtaí neamhthuillmheacha?

Cé go bhfuil an chuid is mó acu i mbainc ar leith, is dócha go bhfuil iasachtaí neamhthuillmheacha ar an dúshlán is mó atá roimh chóras airgeadais an limistéir euro faoi láthair, ós rud go bhfuil siad ag cur as do mhuinín sna bainc Eorpacha. Cuireann iasachtaí neamhthuillmheacha ualach ar chláir chomhardaithe na mbanc, ní hamháin trí chur as dá mbrabúsacht fhéideartha ach freisin trí shrian a chur ar a gcumas iasachtaí a chur ar fáil. De réir an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE), tá laghdú ag teacht ar iasachtaí neamhthuillmheacha ó 2014 ach tá an cóimheas agus an stoc fós ard (circa 800 billiún euro).

Is iad na trí ghné is ábhartha is gá a chur san áireamh nuair a bhítear ag déileáil le hiasachtaí neamhthuillmheacha ná trédhearcacht, luacháil chuí agus soláthar leordhóthanach. Maidir leis sin, tá bearta a mhol BCE agus an Coimisiún le déanaí ag dul sa treo ceart.

Tá cur chuige céim ar chéim ag teastáil, ina mbainfí úsáid as brú leanúnach ó mhaoirseoirí (e.g. an Sásra Maoirseachta Aonair), chun cur le soláthairtí agus chun sócmhainní neamhthuillmheacha a dhíol, mar aon le feabhsuithe sa chreat rialála i roinnt tíortha, chun go mbeidh sé níos éasca comhthaobhacht a athshealbhú agus chun go mbeadh sé níos éifeachtaí iasachtaí neamhthuillmheacha agus sócmhainní foriata a dhíol. D’fhéadfadh sé go mbeadh ar luas an phróisis aird a thabhairt ar leibhéil chaipitil na mbanc mar aon lena gcumas cistí a chruinniú ar mhargaí.

Ní mór cur chuige iomlánaíoch a úsáid chun dul i ngleic le hiasachtaí neamhthuillmheacha, mar a leagtar amach i gconclúidí ó Chomhairle ECOFIN i mí Iúil 2017 maidir le Plean gníomhaíochta chun dul i ngleic le hiasachtaí neamhthuillmheacha san Eoraip. Cuimsíonn sé sin réimse leathan beart, ó chúlstopanna stuama go dtí creataí dócmhainneachta nó margaí tánaisteacha a fhorbairt.

23.  Cad a mheasann tú faoin ardleibhéal sócmhainní ar leibhéal 2 agus ar leibhéal 3 atá ar chláir chomhardaithe de chuid roinnt mhaith banc? An bhfuil na sócmhainní sin á gcur san áireamh go cuí ag an gcreat maoirseachta atá ann faoi láthair?

Is é an rud is tábhachtaí maidir le banc a bhainistiú go leordhóthanach agus maoirseacht a dhéanamh air ná faisnéis chuí maidir le fíorluach a shócmhainní a bheith ann. Dá mhéad an easpa cruinnis atá ann i dtaca leis sin, is ea is casta a bheidh aon mheasúnú ar a shócmhainneacht agus is lú is iontaofa a bheidh sé.

Dá bhrí sin, na sócmhainní ar leibhéal 2 agus ar leibhéal 3, nach bhfuil praghas rialta acu de réir an mhargaidh agus ar gá a luach a mheas ar bhonn tagarmharcanna nó samhlacha matamaiticiúla casta eile, cuireann siad dúshláin roimh an obair a dhéanann cuntasóirí, maoirseoirí agus bainisteoirí bainc.

Is é sin go díreach an fáth a ndéantar méid an chineáil sin sócmhainne a chur san áireamh mar cheann de na príomhghnéithe chun castacht bainc a shonrú sa chreat a shocraigh FSB chun a chinneadh cad iad na bainc a mheastar go a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda ag baint leo (Bainc a bhfuil Tábhacht Shistéamach Dhomhanda leo (‘G-SIBanna’). Ar bhonn an aicmithe sin, tá G-SIBanna faoi réir ceanglais sócmhainneachta agus téarnaimh níos déine.

I gcás ar bith, is cosúil go bhfuil claonadh amhrasach ann lena mbíonn dímheas ar na sócmhainní sin go huathoibríoch agus iad a mheas mar “shócmhainní is cúis le fadhbanna”, amhail iasachtaí neamhthuillmheacha, iasachtaí staonta nó sócmhainní foriata.

Mar sin féin, ní mór do mhaoirseoirí aghaidh a thabhairt mar is ceart ar na sócmhainní sin. Ar an gcéad dul síos, ní mór dúinn a bheith cinnte go ndéanfar sócmhainní ar leibhéal 2 agus ar leibhéal 3 a shainaithint go cuí agus a aicmiú ar chláir chomhardaithe na mbanc. Ar an dara dul síos, ní mór do mhaoirseoirí faireachán a dhéanamh ar luacháil iomchuí an dá chineál sócmhainní. Tá sé sin amhlaidh go háirithe le haghaidh bainc mhóra agus chasta. Ar an gcuma chéanna leis an gcur chuige le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha, ní mór do mhaoirseoirí baincéireachta a dheimhniú go ndéanfaidh na bainc na sócmhainní a luacháil mar is ceart nó, mura ndéanfaidh siad é sin, go ndéanfaidh siad an ghearrluacháil a léiriú ar an gcuntas brábúis agus caillteanais a luaithe agus is féidir.

24.     Cad iad do thuairimí maidir le heintitis scáthbhaincéireachta a rialáil?

Tugann maoiniú neamhbhainc rogha ar chistiú bainc agus tugann sé tacaíocht don fhíorgheilleagar.  Is foinse d’éagsúlú sa soláthar creidmheasa í an scáthbhaincéireacht, ach is féidir léi a bheith ina foinse de riosca sistéamach freisin, go díreach nó go hindíreach trína hidirnascthacht le bainc.  Tá sé tábhachtach, mar sin, aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin agus bearta beartais iomchuí a shainaithint chun iad a sheachaint agus chun trédhearcacht eintitis scáthbhaincéireachta a ráthú. Dá thrédhearcaí na rioscaí sin, is ea is cruinne a bheidh a bpraghsáil.

I ndáil leis sin, tá go leor dul chun cinn bainte amach. Tá FSB ag obair ó thráth a thionscnaimh in 2009 chun scáthbhaincéireacht a chlaochlú ina maoiniú láidir margadh-bhunaithe.  Ina theannta sin, d’eisigh an Coimisiún Eorpach teachtaireacht in 2013 ina leagadh amach roinnt tosaíochtaí, amhail trédhearcacht na hearnála scáthbhaincéireachta agus creat le haghaidh cistí margaidh airgid (CMAnna) a bhunú. Le cistí margaidh airgid cuirtear maoiniú gearrthéarmach ar fáil d’institiúidí airgeadais, do chorparáidí agus do rialtais. An 20 Iúil 2017, tháinig Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 14 Meitheamh 2017, maidir le CMAnna i bhfeidhm agus bhí roinnt beart ann dírithe ar an mbaol ó scaoll ar na cistí sin a laghdú.

I gcás ar bith, ós rud é go bhfuil ábharthacht ag an scáthbhaincéireacht don chobhsaíocht mhacra-airgeadais, ní mór leanúint de dhlúthfhaireachán a dhéanamh uirthi.

25.     An dóigh leat go bhfuil an creat réitigh ag obair go héifeachtúil, i bhfianaise chásanna Banco Popular, Banca Populare di Vicenza agus Veneto Banca?

I gcásanna a bhí ann le déanaí, cruthaíodh go raibh an creat réitigh Eorpach, arna bhunú in 2014 tríd an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc (BRRD) agus an Rialachán maidir le Sásra Réitigh Aonair (SRMR) a ghlacadh, ag obair go héifeachtúil.

Bhí réiteach Banco Popular a rinneadh mí an Mheithimh seo caite ar cheann de na cásanna sin. An 6 Meitheamh 2017, tar éis do BCE a chinneadh go raibh an séú banc is mó sa Spáinn ag cliseadh nó gur dhócha go gclisfeadh sé, d’éirigh leis an mBord Réitigh Aonair (BRA) scéim réitigh a ghlacadh (a d’fhormhuinigh an Coimisiún Eorpach agus a chuir FROB, Údarás Réitigh Feidhmiúcháin na Spáinne, chun feidhme) agus rinne siad an grúpa a dhíol do cheannaitheoir inmharthana. Agus an méid sin á dhéanamh aige, rinne sé a shainordú a chomhlíonadh, is é sin cobhsaíocht airgeadais a chosaint, feidhmeanna criticiúla a áirithiú agus úsáid airgead na gcáiníocóirí a sheachaint. Ar maidin an 7 Meitheamh, osclaíodh oifigí Banco Popular le haghaidh gnó mar is gnách gan aon cent amháin d’airgead poiblí a bheith caite agus gan aon iarmhairtí ar mhargaí airgeadais ná ar an bpobal i gcoitinne, in ainneoin gur bhain an t-údarás réitigh úsáid as a chumhachtaí urghnácha chun scaireanna, ionstraimí AT1 agus ionstraimí T2 a dhíluacháil agus a chomhshó.

Leanadh an chéad chás sin de réiteach faoin aontas baincéireachta le cásanna eile san Iodáil ina bhfuil obair déanta i ndlúthchomhar le chéile ag na húdaráis ar fud na hEorpa chun rialáil AE á chur i bhfeidhm.

An 23 Meitheamh 2017, dhearbhaigh BCE go raibh ag teip ar Banca Popolare di Vicenza agus ar Veneto Banca nó gur dhócha go dteipfeadh orthu agus chinn BRA nach raibh údar maith ar mhaithe le leas an phobail le gníomhaíocht réitigh a dhéanamh maidir leis na bainc sin. Mar thoradh air sin, rinneadh na bainc a fhoirceannadh faoi imeachtaí dócmhainneachta na hIodáile.

Ar deireadh, d’fhéadfaí na cásanna is déanaí maidir le ABLV sa Laitvia agus a fhochuideachta i Lucsamburg a lua freisin. Fógraíodh an 23 Feabhra go raibh ag teip orthu nó gur dhócha go dteipfeadh orthu agus go ndéanfar iad a fhoirceannadh faoin dlí náisiúnta.

In ainneoin an dul chun cinn ollmhór a rinneadh le cruthú an Aontais Baincéireachta, tá ceachtanna le foghlaim ó na cásanna sin. Ar an gcéad dul síos, is féidir creataí dócmhainneachta a chomhchuibhiú tuilleadh, ós rud é gur rogha iad ar réiteach, a fhorghníomhaítear os a gcoinne sin faoi chomhchreat AE. Ar an dara dul síos, is gá freisin an creat réitigh a neartú chun géarchéim faoi thionchar leachtachta a láimhseáil, más féidir le hionstraimí agus nósanna imeachta ba cheart a bheith simplí, tapa agus inchreidte go leor. Ní mór freisin leanúint d’obair a dhéanamh chun an próiseas pleanála réitigh a neartú, go háirithe trí dheimhniú agus faireachán a dhéanamh ar ICDI do na heintitis go léir (agus imthosca ar leith gach grúpa á gcur san áireamh i gcónaí), trí straitéisí réitigh a dhearadh nó trí níos mó béime a chur ar bhailiú faisnéise atá tráthúil agus nuashonraithe. Le hathchóiriú BRRD atá ar siúl faoi láthair, cuirtear deis ar fáil chun roinnt príomhghnéithe a ionchorprú sa chóras reatha agus ar deireadh chun an creat réitigh Eorpach a neartú agus a dhaingniú níos mó fós.

25.    Cad iad do thuairimí maidir leis na bearta is féidir a dhéanamh chun an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích le Scéim Eorpach Ráthaithe Taiscí agus le cúltaca fioscach, lena n-áirítear an cur chun feidhme is gá de reachtaíocht an Aontais Baincéireachta atá ann cheana agus an obair leantach i dtaca le roinnt riosca agus laghdú riosca?

Is tosaíocht de chuid an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta é an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích mar aon le hAontas na Margaí Caipitil. In éagmais roinnt riosca fhioscaigh, tá an t-aontas airgeadais níos tábhachtaí fós chun suaití a iompar. Thairis sin, trí chothrom iomaíochta a bhunú do bhainc san Aontas Baincéireachta, cuirfear le cobhsaíocht airgeadais agus le tarchur rianúil beartais airgeadaíochta.

Mar a luadh thuas, ó bhí an ghéarchéim ann, tá athchóirithe suntasacha curtha chun feidhme cheana trí ollchóiriú a dhéanamh ar rialáil baincéireachta agus an Sásra Maoirseachta Aonair agus an Sásra Réitigh Aonair a chur ar bun. Mar thoradh air sin, sa lá atá inniu ann, is fearr caipitliú agus teacht aniar na mbanc, agus tá sócmhainneacht, leachtacht agus cóimheasa giarála feabhsaithe acu.

I mí an Mheithimh 2016, chomhaontaigh Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir le treochlár chun an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích. Áirítear sa treochlár sin bearta chun rioscaí san earnáil bhaincéireachta a laghdú agus a roinnt. Tá obair ar siúl faoi láthair chun fiosrú a dhéanamh ar an seicheamhú is iomchuí le haghaidh na mbeart sin agus chun an treochlár sin a chur chun gnímh, mar a iarradh ag an gCruinniú Mullaigh Euro in 2017. Ba cheart do na Ballstáit a chinneadh a mhéid ba cheart leanúint de na bearta laghdaithe riosca agus na bearta roinnte riosca a dhéanamh san am céanna nó ba cheart iad a sheicheamhú.

Tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh maidir leis na bearta laghdaithe riosca a beartaíodh sa treochlár leis na tograí reachtacha ón gCoimisiún ó mhí na Samhna 2016 agus táthar tar éis dhá ghné díobh (ordlathas creidiúnaithe agus IFRS 9) a chur i bhfeidhm go mear. Tá caibidlíochtaí faoi ghnéithe eile an phacáiste sin ag dul ar aghaidh. Tá iasachtaí neamhthuillmheacha fós ar an bpríomhdhúshlán in earnáil baincéireachta an Aontais. Ní mór aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí na géarchéime agus cosc a chur ar mhéadú ar líon na n-iasachtaí neamhthuillmheacha amach anseo.

Is é measúnú an Choimisiúin Eorpaigh, arna roinnt ag institiúidí eile, go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar rioscaí san earnáil bhaincéireachta agus go bhfuil sé in am anois gluaiseacht chun cinn leis an dá ghné den Aontas Baincéireachta atá in easnamh a sholáthar: an Scéim Eorpach Árachais Taiscí (SEÁT) agus cúltaca coiteann don Chiste Réitigh Aonair (SRF).

Is é SEÁT tríú colún an aontais baincéireachta, agus, dá bhrí sin, is é an bhearna is suntasaí atá ina strúchtúr é. Le scéim árachais taiscí lánfheidhme, dhéanfaí cothrom iomaíochta san Aontas Baincéireachta a áirithiú agus dhéanfaí comhtháthú airgeadais níos mó a chur chun cinn. Agus maoirseacht agus réiteach na mbanc lárnaithe anois, dá mbeadh an ráthú céanna ag taisceoirí gan beann ar a suíomh, dhéanfaí freagracht agus dliteanas san Aontas Baincéireachta a chothromú. Mar iarracht comhthoil a bhaint amach, tá bealach chun cinn pragmatach molta ag an gCoimisiún, is é sin SEÁT a thabhairt isteach de réir a chéile. Sa mholadh leasuithe sin, ní bheadh aon roinnt riosca ag baint leis an gcéad chéim d’athárachas agus ba cheart go n-éascófaí a thabhairt isteach mhear dá bhrí sin.

Maidir leis an gcúltaca coiteann do SRF, tá comhaontú polaitiúil ann cheana chun é a thabhairt isteach ar a dhéanaí faoi dheireadh na hidirthréimhse. Leis an treochlár, tá sé beartaithe go bhféadfaí é a chur i bhfeidhm roimhe sin, ar choinníoll go ndéanfaí dul chun cinn maidir le bearta laghdaithe riosca. Tá comhaontú leathan ann gur soláthraí iomchuí a bheadh sa Sásra Cobhsaíochta Eorpach. Tá sé tábhachtach go ndéanfaí dul chun cinn mear maidir leis an gcúltaca coiteann ar mhaithe le hinchreidteacht an tSásra Réitigh Aonair.

Tá deis den scoth ann faoi láthair chun Aontas Baincéireachta lánfheidhme a thógail lena n-áiritheofar cothrom iomaíochta do bhainc Eorpacha agus go gcuirfear lena dteacht aniar sula mbeadh géarchéimeanna eile ann amach anseo. Cuideoidh bearta laghdaithe riosca leis an gcomhthoil is gá a fhorbairt chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le roinnt riosca. Ag an am céanna, na bearta a dhéanann rioscaí a roinnt, cuireann siad lena laghdú freisin. Tá an dúshlán roimh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir leis an seicheamhú is iomchuí. Ag deireadh an phróisis, cuideoidh Aontas Baincéireachta lánfheidhme le cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú agus, mar thoradh air sin, rannchuideoidh sé le haistriú rianúil an bheartais airgeadaíochta.

26.  Cad é atá fós in easnamh chun AEA a dhoimhniú?

Nuair a cruthaíodh an limistéar euro, glacadh leis, mar gheall ar chobhsaíocht praghsanna mar aon le beartais fhioscacha stuama arna gcomhordú tríd an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, go ndéanfaí cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch san aontas airgeadaíochta a áirithiú. Ní raibh sásraí leordhóthanacha ann chun cosc a chur ar éagsúlachtaí maidir le hiomaíochas as ar tháinig méadú ar mhíchothromaíochtaí neamh-inbhuanaithe sa limistéar euro, arna maoiniú den chuid is mó le fiachas gearrthéarmach.

Nuair a tháinig na héagsúlachtaí sin chun solais, ní raibh an ráta malairte ag comhaltaí aonair an limistéir euro lena úsáid mar shásra coigeartaithe. Mar thoradh ar dholúbthachtaí sna margaí saothair agus táirgí, bhí costas suntasach ann ó thaobh na fostaíochta agus an aschuir de. Sa bhreis air sin, mar gheall ar ilroinnt airgeadais sa limistéar euro agus imní maidir le hathainmníocht, rinneadh sásra tarchuir an bheartais aonair airgeadaíochta a lagú, sa tslí go ndearnadh na coinníollacha maoiniúcháin d’oibreoirí eacnamaíocha a chinneadh sa tír ina raibh siad lonnaithe.

Cé go bhfuil feabhas suntasach curtha ar theacht aniar AEA ag na hathchóirithe a cuireadh chun feidhme le linn na géarchéime, ní mór níos mó a dhéanamh chun go mbeidh AEA ullmhaithe go leordhóthanach le haghaidh na chéad ghéarchéime eile. Chun AEA a dhoimhniú, ní mór a struchtúr a athchóiriú agus na sásraí a bhfuil gá leo a chur ar fáil chun, ar an gcéad dul síos, suaití a chosc agus ansin, ar an dara dul síos, iad a choigeartú nuair a tharlóidh siad.

Chun géarchéimeanna a chosc, ní mór rioscaí san aontas airgeadaíochta a laghdú. Ar an gcéad dul síos, san earnáil airgeadais, ina bhfuil athchóirithe suntasacha curtha chun feidhme cheana. Ar an dara dul síos, i ngeilleagair na mBallstát, inar gá a dteacht aniar a áirithiú trí athchóirithe struchtúracha iomchuí lena ndéanfar éagsúlachtaí san iomaíochas a chosc. Is iad athchóirithe struchtúracha an príomhshásra laghdaithe riosca in AEA. Sa bhreis ar fhíorchóineasú a chur chun cinn, le hathchóirithe struchtúracha, déanfar fás féideartha a scaoileadh agus tacófar le poist inbhuanaithe agus le fás eacnamaíoch inbhuanaithe.

Fiú dá mbainfí cóineasú iomlán amach, áfach, ní bheadh an limistéar euro in ann gach suaitheadh maicreacnamaíoch a chosc. Dá bhrí sin, tá gá le huirlisí bainistithe géarchéime freisin.

Is féidir leis an aontas airgeadais roinnt riosca san earnáil phríobháideach a chur chun cinn. Chun comhtháthú airgeadais a chur chun cinn, tá gá leis na Margaí Caipitil agus leis an Aontas Baincéireachta. Tá gá le cúltaca coiteann don Chiste Réitigh Aonair agus le Scéim Eorpach Árachais Taiscí chun leas a bhaint as Aontas Baincéireachta lánfheidhme (féach an cheist roimhe seo).

Sa bhreis air sin, tá méadú ag teacht ar iarrataí chun acmhainneacht cobhsaíochta mhaicreacnamaíoch a bhunú don limistéar euro chun cuidiú le dul in aghaidh suaití tromchúiseacha a théann thar chumas na gcobhsaitheoirí uathoibríocha náisiúnta. Tá sé beartaithe ag a lucht tacaíochta go mbeadh sí ina comhlánú ar na cobhsaitheoirí fioscacha náisiúnta i gcás suaitheadh tromchúiseach. D’fhéadfaí úsáid a bhaint aisti freisin chun tacú le cur chun feidhme seasaimh fhioscaigh iomchuí agus, dá bharr sin, chun rannchuidiú le meascán beartas iomchuí sa limistéar euro agus chun laghdú a dhéanamh ar an róbhrath ar an mbeartas airgeadaíochta le haghaidh cobhsaíochta. I gcás go ndéanfaí an acmhainneacht cobhsaíochta sin a chur chun feidhme, ba cheart a chur san áireamh ina dearadh cúiseanna imní maidir le baol morálta agus ba cheart dreasachtaí a chur ar fáil do bheartais fhónta eacnamaíocha, lena n-áirítear cistí poiblí inbhuanaitheacha nó cur chun feidhme athchóirithe struchtúracha lena ndéanfar fíorchóineasú is mó a áirithiú agus lena gcuirfear le teacht aniar na ngeilleagar aonair.   

Ar deireadh, trí SCE a neartú mar a thuairiscítear thíos, threiseofaí cumas AEA cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú.

Mar thoradh ar na hathchóirithe sin go léir, beidh lánpháirtiú níos dlúithe ann idir geilleagair an limistéir euro agus beidh gá le haistrithe ceannasachta dá bharr sin. Ní mór cuntasacht dhaonlathach iomchuí, mar aon le ról feabhsaithe do pharlaimintí náisiúnta agus do Pharlaimint na hEorpa a bheith ag gabháil leis na haistrithe ceannasachta sin.

27.  Cad é do thuiscint ar an dúshlán a bheadh roimh BCE dá ndéanfaí an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) a chlaochlú ina Chiste Airgeadaíochta Eorpach (CAE)?

Ón uair a cruthaíodh é in 2012, tá ról ríthábhachtach imeartha ag an Sásra Cobhsaíochta Eorpach maidir le cobhsaíocht airgeadais an limistéir euro a choimirciú. I gcomhar lena réamhtheachtaí, EFSF, (a bunaíodh in 2010), tá cúnamh airgeadais tugtha do chúig Bhallstát aige. Cúig bliana níos faide anonn, tá sainordú soiléir tugtha ag ceannairí chun todhchaí na hinstitiúide a phlé. Tá deis ann líontán sábhála iomlán a fhorbairt don limistéar euro. Ba cheart go mbeadh an acmhainneacht agus na hionstraimí is gá chun a géarchéimeanna a bhainistiú ag an Eoraip agus, ag an am céanna, ba cheart go bhfanfadh sí oscailte do rannpháirtíocht CAI.

Ó dhearcadh atá go hiomlán institiúideach, tá CAI ina chuid de chreat AE. Ar an mbealach sin, dhéanfaí a chuntasacht dhaonlathach a neartú. Dá mbeadh athrú sna Conarthaí de dhíth leis an méid sin, áfach, d’fhéadfadh na caibidlíochtaí leanúint ar aghaidh ar feadh i bhfad. Idir an dá linn, níor cheart an deis a chailliúint an institiúid a neartú agus a threisiú, d’fhonn í a ionchorprú i gcreat an chomhphobail in am trátha. Ba cheart go mbeadh acmhainní leordhóthanacha ag SCE, mar institiúid bainistithe géarchéime, chun a ról a chomhlíonadh.

Is cosúil go bhfuil comhaontú leathan ann go mbeadh SCE oiriúnach mar sholáthraí an chúltaca choitinn don Sásra Cobhsaíochta Eorpach.

Táthar ag súil freisin go mbeidh ról níos láidre á imirt i gcláir chúnaimh airgeadais ag SCE amach anseo, go háirithe maidir le cláir a dhearadh agus faireachán a dhéanamh i gcomhar leis an gCoimisiún.

Maidir lena idirghníomhaíocht le BCE, ba cheart dúinn, ar an gcéad dul síos, a choinneáil i gcuimhne go bhfuil sainorduithe BCE agus SCE éagsúil óna chéile. Is é príomhchuspóir BCE ná cobhsaíocht praghsanna sa limistéar euro a áirithiú. Os a choinne sin is institiúid fhioscach é SCE agus tá sé freagrach as cobhsaíocht airgeadais sa limistéar euro a chaomhnú trí chúnamh airgeadais a sholáthar faoi réir coinníollachta do thíortha an limistéir euro. Tá na sainorduithe sin comhlántach: cé gur dála riachtanach do chobhsaíocht airgeadaíochta í cobhsaíocht praghsanna, ag an am céanna, cuidíonn cobhsaíocht airgeadais le tarchur rianúil beartais airgeadaíochta. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh SCE neartaithe, le hacmhainn níos fearr chun cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú, ag tacú le BCE chun go bhféadfadh sé a shainordú a chomhlíonadh.

Mar phointe deiridh, ní mheastar go ndéanfar institiúid airgeadais as SCE amach anseo. Cé gur féidir a chosúlachtaí le ról an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta a thuiscint, d’fhéadfadh gur mhaith an rud é go n-athainmneofaí é mar Chiste Airgeadaíochta Eorpach chun aon mhearbhall a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint. Tá neart ainmneacha malartacha ann a d’fhéadfaí a úsáid chun cur síos iomchuí a dhéanamh ar chineál na hinstitiúide sin, ach is ar na Ballstáit a bheidh sé an cinneadh deiridh a dhéanamh.

28.  Cad iad do thuairimí maidir leis an ngá atá ann deighilt dhocht idir beartas airgeadaíochta agus maoirseacht bhaincéireachta a áirithiú agus cad iad na hathchóirithe, dar leat, lena gcuirfí feabhas ar an deighilt sin agus lena ndéanfaí í a éascú? Cad é do thuairim maidir le socrú idirnáisiúnta BERS atá ann faoi láthair faoi dhíon BCE i dtaca lena bhfuil bainte amach iarbhír aige maidir le maoirseacht macrastuamachta?

Is cosúil go bhfuil an socrú atá ann faoi láthair ag oibriú go maith. Maidir le glacadh BCE le hinniúlachtaí i dtaca le maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa, táthar tar éis aghaidh a thabhairt air sin ar bhealach lena dtugtar urraim iomlán dá neamhspleáchas agus a fheidhmeanna beartais airgeadaíochta á ndéanamh aige. Nuair a rinneadh an mhaoirseacht stuamachta ar institiúid creidmheasa a thabhairt do BCE in 2014, measadh go raibh BCE, mar bhanc ceannais an limistéir euro, go maith in ann na cúraimí nua sin a chomhlíonadh a bhuí lena shaineolas forleathan ar shaincheisteanna maicreacnamaíocha agus cobhsaíochta airgeadais. Go deimhin, tá bainc cheannais go leor Ballstát freagrach as maoirseacht baincéireachta freisin.

Chun deighilt dhocht idir an dá inniúlacht a áirithiú, glacadh creat dlíthiúil cuimsitheach (Rialachán SMA, Cinneadh ó BCE maidir leis an deighilt idir an beartas airgeadaíochta agus na feidhmeanna maoirseoireachta, cruthú an Phainéil Idirghabhála, leasuithe ar na Rialacha Inmheánacha, rialacha ar rúndachta maidir le malartú faisnéise agus rúndacht ghairmiúil) ionas go ndearnadh gach ceann de na feidhmeanna beartais a fheidhmiú i gcomhréir lena chuid cuspóirí ar leith. Thairis sin, le heagrú inmheánach BCE, déantar a áirithiú go mbíonn na comhaltaí foirne a bhfuil baint acu le cúraimí maoirseachta a chomhlíonadh deighilte ó thaobh eagraíochta de ó na comhaltaí foirne a bhfuil baint acu le cúraimí eile agus atá faoi réir línte tuairiscithe ar leithligh. Tá nósanna imeachta nua chun próiseas solúbtha agus neamhspleách a ráthú maidir le cinntí maoirseoireachta tar éis a bheith curtha ar bun freisin le haghaidh saincheisteanna SMA (i.e. an nós imeachta neamhagóide). Agus ar deireadh, ó thaobh na cuntasachta de, tá ceanglas ar BCE tuarascáil a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le conas a dhéanann sé deighilt an dá fheidhm a chomhlíonadh. Seans gur féidir mionchoigeartú breise a dhéanamh i roinnt réimsí amhail feidhmiú na seirbhísí comhroinnte laistigh de BCE nó sa phróiseas cinnteoireachta, ach den chuid is mó tá an córas ag feidhmiú go maith laistigh den chreat dlíthiúil atá ann faoi láthair. I gcás ar bith, níor cheart go mbeadh deighilt éifeachtach idir an beartas airgeadaíochta agus na feidhmeanna maoirseachta ina gcosc ar leas a bhaint, i gcás inar féidir nó inarb inmhianaithe, as gach tairbhe a mbeifí ag súil leis mar thoradh ar an dá fheidhm bheartais sin a chomhcheangal san institiúid chéanna.

Ó thaobh BERS de, tá ag éirí go maith leis ón uair a bunaíodh é. Tá cuid shuntasach dá rath ann mar thoradh ar thacaíocht ó BCE ar gach leibhéal. Is saincheist ríthábhachtach do bhanc ceannais é an beartas macrastuamachta agus, dá bhrí sin, ba cheart do BCE leanúint dá cheannasaíocht in BERS. Is comhlacht dea-fheidhmiúil é BERS den chuid is mó agus níl aon mhórathruithe beartais ag teastáil ina leith ach ba cheart mionchoigeartú a dhéanamh ar a struchtúr. Léirítear ina struchtúr agus ina chomhdhéanamh reatha, áfach, an creat institiúideach a bhí ann an uair ar bunaíodh é, creat a bhfuil forbairt mhór tagtha air ó shin i leith. Tá ceann de na forbairtí móra curtha in ionad an tSásra Maoirseachta Aonair agus an tSásra Réitigh Aonair. Ba cheart comhar idir BERS agus na hinstitiúidí sin a threisiú, i bhfianaise a ábhartha a d’fhéadfadh a gcúraimí a bheith ó thaobh beartas macrastuamachta de.

29.  Cad iad do thuairimí maidir le hathchóiriú struchtúrach ar earnáil na baincéireachta i dtaca le hinstitiúidí atá ‘rómhór nó ró-idirnasctha le teip’?

Tá sraith critéar forbartha cheana ag an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais, i ndlúthchomhar le Coiste Basel um Maoirseoirí Baincéireachta, chun tábhacht shistéamach dhomhanda na mbanc a mheas. Faoi na critéir sin, tá tríocha institiúid chreidmheasa ann faoi láthair agus iad grúpáilte i gcúig bhuicéad (cé go bhfuil an cúigiú buicéad folamh faoi láthair) de réir a leibhéil shonraigh de thábhacht shistéamach dhomhanda, agus méadú ag teacht ar a gceanglais maidir lena gcumas iomlán ionsúcháin caillteanais (TLAC). Anuas air sin, i dTreoir AE maidir le Ceanglais Chaipitil, tá sraith critéar chun institiúidí eile a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo a shainmhíniú (i.e. na bainc a bhféadfadh iarmhairtí sistéamacha a bheith ag a dteip ar chobhsaíocht airgeadais agus ar fhíorgheilleagar Ballstáit amháin nó roinnt Ballstát), ar institiúidí iad atá faoi réir formhuirear caipitil freisin. Ar deireadh, faoin Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc, tá ceanglais an Íoscheanglais maidir le cistí dílse agus Dliteanais Incháilithe (ICDI) in ainm a bheith socraithe agus méid agus castacht an bhainc á gcur san áireamh freisin.

Is céim shuntasach chun tosaigh iad ceanglais TLAC agus ICDI chun bheith in ann dul i ngleic leis na fadhbanna ‘rómhór le teip’. Is é is aidhm léi ná cur i bhfeidhm éifeachtach agus inchreidte na huirlise réitigh tarrthála inmheánaí a áirithiú, agus úsáid airgead na gcáiníocóirí á seachaint.

D. Feidhmiú BCE agus cuntasacht dhaonlathach agus trédhearcacht dhaonlathach

30.  Cad é an cur chuige a bheidh agat féin maidir leis an idirphlé sóisialta ag BCE?

Tá saincheisteanna foirne BCE agus a bheartas fostaíochta ag teacht chun cinn níos mó le déanaí. Agus ról BCE ag éirí níos leithne, tá ceisteanna áirithe maidir le bainistíocht acmhainní ag éirí níos ábhartha i gcomhthéacs idirphlé sóisialta BCE. Dar liomsa, is beart an-dearfach a bheadh ann feabhas a chur ar an gcomhar le hionadaithe foirne agus leis na ceardchumainn chun bheith ag obair le chéile chun leanúint d’fheabhas a chur ar ábhair amhail: an tsamhail maidir le hacmhainní a chur ar fáil, ardchaighdeáin cháilíochta oibre a chaomhnú agus sochair iarfhostaíochta. Bunaithe ar phrionsabail amhail trédhearcacht, comhpháirtíocht agus meas frithpháirteach, d’fhéadfadh an t-idirphlé sóisialta feabhsuithe iarbhír a chothú do chách. Ba cheart ionadaithe foirne a chur ar an eolas go tráthúil maidir leis na saincheisteanna go léir atá ábhartha dóibh. Ina theannta sin, ar leibhéal chórais CEBC/Euro, tá idirphlé tairbheach fós ar siúl ag BCE le hionadaithe foirne agus ba cheart an t-idirphlé sin a choinneáil sa siúl maidir leis na réimsí sin ina bhféadfadh tionchar a bheith ag na cinntí ó chomhlachtaí cinnteoireachta BCE ar choinníollacha fostaíochta sna bainc cheannais.

31.  Cad iad na conclúidí a bhaineann tú as an gcomparáid idir na beartais trédhearcachta atá á leanúint ag BCE agus ag na príomhbhainc cheannais eile (Cúlchiste Feidearálach, Banc Shasana,....)?

Tá trédhearcacht agus dea-chumarsáid bunriachtanach i gcomhair stiúradh beartais airgeadaíochta sa lá atá inniu ann, chun faisnéis atá ábhartha ó thaobh beartais de a thabhairt do na margaí airgeadais agus don phobal, ionas gur féidir stiúradh an bheartais airgeadaíochta a thuiscint go maith agus gur féidir a bheith ag súil leis. Dá fheabhas tuiscint an phobail, is ea is inchreidte agus is éifeachtaí a bhíonn beartas airgeadaíochta. Agus ar ndóigh, tá trédhearcacht ar cheann de chlocha coirnéil an dea-rialachais.

Is amhlaidh atá na beartais trédhearcachta atá á leanúint ag an gCúlchiste Feidearálach (Fed) agus ag Banc Shasana (BoE) ar thaobh amháin, agus ag BCE ar an taobh eile, éagsúil óna chéile mar gheall ar chineálacha éagsúla na n-institiúidí sin, mar aon leis an gcomhthéacs ilghnéitheach, na dúshláin ilghnéitheacha agus na deitéarmanaint ilghnéitheacha atá rompu. Ar cheann de na gnéithe ábhartha sin, tá castacht chineál ilnáisiúnta an Eorochórais i gcomparáid le húdaráis eile um bheartas airgeadaíochta. Ní hionann sin is a rá, áfach, go bhfuil caighdeáin trédhearcachta BCE níos ísle ná caighdeáin trédhearcachta a bpiaraí. Os a choinne sin, tá méadú mór tagtha go tapa le déanaí ar chaighdeáin trédhearcachta BCE. Ba cheart aitheantas a thabhairt do na hiarrachtaí suntasachta atá déanta ag BCE le blianta beaga anuas chun a thrédhearcacht a threisiú. Ar na samplaí atá ann, tá foilsiú na gcuntas ar na cruinnithe maidir le beartas airgeadaíochta agus nochtadh na gclár oibre. Sa bhrí sin, is cinnte gur ní fíorthábhachtach é an tiomantas athdhearbhaithe agus láidir a rinne BCE maidir lena chreat trédhearcachta a athbhreithniú, a choigeartú agus a thabhairt cothrom le dáta agus ba cheart tacú leis.

32.  Cad é do thuairim maidir le cuntasacht BCE do Pharlaimint na hEorpa, agus na bearta is gá a dhéanamh chun í a fheabhsú, go háirithe i gcomhthéacs na n-idirphléití airgeadaíochta ráithiúla leis an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta? Cad iad, dar leat, na bearta agus na hathchóirithe amach anseo lena ndéanfaí cuntasacht BCE do Pharlaimint na hEorpa a threisiú?

Áirithítear le cuntasacht go ngníomhaíonn BCE i gcomhréir lena shainordú. Is é sin an frithbheart don neamhspleáchas, rud atá bunriachtanach chun go mbeadh BCE in ann an sainordú sin a shaothrú saor ó aon bhac. Ba iad saoránaigh AE iad féin a thug a shainordú do BCE tráth a rinneadh na Conarthaí a dhaingniú agus dá bhrí sin, ó thaobh an daonlathais de, tá BCE freagrach as a chuid gníomhaíochtaí atá dírithe ar shaoránaigh AE agus ar a n-ionadaithe a thoghann siad go díreach agus atá i láthair anseo i bParlaimint na hEorpa.

Tá creat cuntasachta daingean agus cuimsitheach forbartha ag BCE thar na blianta. Maidir le héisteachtaí ráithiúla an Uachtaráin anseo ag an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta, an iliomad ceisteanna ilghnéitheacha a sheolann na FPEnna chuig BCE maidir lena chroíbheartais agus a chroíghníomhaíochtaí, éisteachtaí chomhaltaí eile an Bhoird Feidhmiúcháin maidir le topaicí sonracha, foilsiú agus cur i láthair thuarascáil bhliantúil BCE mar aon leis an obair leantach ar an Rún ó Pharlaimint na hEorpa lena mbaineann, an malartú tuairimí a bhíonn ann go minic idir Uachtarán PE agus Uachtarán an BCE agus an iliomad ceanglais cuntasachta atá sa Rialachán SMA, níl iontu ach samplaí a chruthaíonn a dhoimhne agus a fhiúntaí agus atá gaol cuntasachta BCE i dtreo Pharlaimint na hEorpa.

Sa chomhthéacs sin, is uirlis bhunriachtanach é an tIdirphlé Airgeadais ráithiúil chun trédhearcacht a thabhairt do chinntí beartais airgeadaíochta a dhéanann BCE i leith shaoránaigh AE agus a n-ionadaithe, go háirithe agus grinnscrúdú níos mó á dhéanamh ar chinntí, amhail réamhthreoir nó an straitéis scoir ó bheartas airgeadaíochta neamhghnách. Creidim go gcruthaíonn an t-ardleibhéal idirghníomhaíochta atá ann faoi láthair gur beart fiúntach é sin, ar beart é nach mbíonn leisce ar na FPEnna ceisteanna criticiúla a chur ina leith, ná nach mbíonn ionadaithe BCE ag iarraidh gan an oiread léargais agus réasúnaíochta agus is féidir a chur ar fáil ina leith. Sa bhreis air sin, leis na topaicí a roghnaíonn an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (ECON) agus an anailís chúlra ar na topaicí atá ann a bhuí leis na páipéir faisnéisithe a ullmhaíonn na saineolaithe airgeadaíochta roimh ré, cuirtear pointe fócais ar fáil do na héisteachtaí lena gcuirtear ar chumas na FPEnna plé níos leithne a dhéanamh le BCE maidir le beartas eacnamaíoch i gcoitinne.

Amhail le beartais AE eile, cuireann PE bunchóras srianta agus ceartúchán ar fáil agus is gá iad a chaomhnú agus a áirithiú. Amach anseo, ba cheart go mbeadh an creat cuntasachta fós éifeachtúil agus oiriúnaithe do na riachtanais nua agus do na dúshláin nua, trí na hidirghníomhaíochtaí a mhéadú de réir mar is gá. I gcás an idirphlé airgeadaíochta, ba cheart go mbeadh na hidirghníomhaíochtaí sin dírithe ar a áirithiú go dtuigfí straitéis BCE go maith, go mbeadh sí dírithe go leordhóthanach agus go mbeadh sí á cur i bhfeidhm go rathúil agus go héifeachtúil. D’fhéadfaí é sin a chomhlánú le fosheisiúin théamúla faoi thopaicí ar leith, lena n-éascófaí anailís níos doimhne agus plé níos doimhne ar réimsí a bhfuil spéis ar leith ag baint leo. Go bunúsach, caithfear an gaol idir BCE agus Parlaimint na hEorpa, a chontrapháirt bunriachtanach ó thaobh na cuntasachta de, a choinneáil dlúth agus docht.

33.  Dar leat, cad iad na rioscaí agus na dúshláin is tábhachtaí atá roimh BCE san am i láthair?

In ainneoin na mbeart neamhghnách ar baineadh úsáid astu le blianta beaga anuas, táthar ag tuar fós go mbeidh leibhéal boilscithe an limistéir euro níos lú ná an ráta tagartha de 2% go ceann roinnt blianta eile. Mar gheall ar an staid sin, tá údar maith ann go ndéanfaí athmheasúnú leanúnach ar choinníollacha eacnamaíocha agus airgeadaíochta an limistéir euro agus ar éifeachtaí na mbeart a úsáideadh go dtí seo. Idir an dá linn, ní mór do BCE a bheith ar an airdeall freisin maidir le haon ardú míchuí amach anseo ar rioscaí airgeadais sa timpeallacht reatha ina bhfuil rátaí úis an-íseal agus coinníollacha airgeadaíochta agus airgeadais scaoilte.

Agus sinn ag breathnú romhainn, tá roinnt dúshlán tábhachtach ann fós maidir le beartas airgeadaíochta sa limistéar euro. Tabharfar aghaidh ar roinnt acu roimh i bhfad, agus tá roinnt eile acu de chineál níos fadtéarmaí. Sa ghearrthéarma, agus sa mhéid go bhfuil coigeartú leanúnach i dtreo na haidhme á léiriú ag an mboilsciú sin, beidh ar BCE a mheas conas a dhéanfaidh sé a sheasamh maidir lena bheartas airgeadaíochta a normalú. Beidh na ceannaigh sócmhainní faoi CCS agus an ráta saoráide taisce, atá ar leibhéil dhiúltacha faoi láthair, ag baint leis sin. Maidir lena ndéanfar feasta, ní mór coigeartuithe ar chonair glancheannach sócmhainní a nascadh leis an dul chun cinn a dhéanfar maidir le boilsciú a chóineasú i dtreo a aidhme. A luaithe a dhéanfar na glancheannaigh a fhoirceannadh, féadfaidh an normalú leanúint ar aghaidh tríd an ráta saoráide taisce a ardú agus na rátaí beartais eile a ardú.

Sa bhreis ar na dúshláin a bhaineann leis an timpeallacht reatha ina bhfuil boilsciú íseal agus na dúshláin a bhaineann leis an ngá seasamh an bheartais airgeadaíochta a normalú sa deireadh, san fhadtéarma tá dúshlán sách mór roimh an mbeartas airgeadaíochta, mar gur dócha go mbeidh na rátaí úis fós an-íseal amach seo. Go háirithe, léiríonn an fhianaise go bhfuil ísliú tagtha ar an ráta úis nádúrtha, mar a thugtar air, le blianta beaga anuas sna hardgheilleagair, agus d’fhéadfadh sé a bheith gar do náid nó diúltach fiú anois. Gan beann ar na cúiseanna leis sin (déimeagrafacha, teicniúla, etc.), baineann deacrachtaí suntasacha leis na rátaí nádúrtha ísle sin maidir le gnáthbheartas rátaí úis.

Sna himthosca sin, is cosúil go bhfanfaidh roinnt de na bearta a rinneadh le déanaí, amhail cláir ceannaithe sócmhainní nó réamhthreoir ar rátaí úis gearrthéarmacha, i sraith straitéisí na mbanc ceannais amach anseo, toisc gur éirigh leo rátaí fadtéarmacha a laghdú nuair a bhí na rátaí gearrthéarmacha sáinnithe ar a gcuimse íochtair iarbhír. Tá a chuid teorainneacha féin ag baint leis na beartais sin, áfach. Dá bhrí sin, b’fhéidir gur ghá machnamh níos bunúsaí a dhéanamh ar choigeartuithe ionchasacha a dhéanamh ar an straitéis bheartais airgeadaíochta. Ag an am céanna, cé gur freagracht de chuid na mbanc ceannais é aon athrú a dhéanamh ar an straitéis beartais airgeadaíochta, is fiú a chuimhneamh gur beag cumhacht atá ag beartas airgeadaíochta maidir le rátaí úis nádúrtha a ardú. Is tosca iarbhír, den chuid is mó, amhail an déimeagrafach agus dul chun cinn teicneolaíoch, a chinneann beartas airgeadaíochta. Mar thoradh air sin, baineann an fhreagracht maidir le rátaí úis nádúrtha a ardú le réimsí eile beartais, amhail beartas fioscach agus, go háirithe, athchóirithe struchtúracha. Dá bhrí sin, cé go bhfuil mórán bainte amach ag beartas airgeadaíochta le blianta beaga anuas, ní bheimid in ann tréimhse ina mbeidh fás eacnamaíoch mór agus cobhsaí agus cobhsaíocht praghsanna ann a ráthú ach amháin trí thréaniarracht ón lucht déanta beartas eacnamaíoch go léir.

34.  Tar éis tuarascáil a tháinig ó Ombudsman AE agus ó Pharlaimint na hEorpa le déanaí maidir le moltaí sa tuarascáil is déanaí ar BCE a glacadh i mí na Feabhra 2018, cad iad do thuairimí maidir leis na nithe seo a leanas:

1)  an gá le dearbhuithe maidir le leasanna airgeadais do chomhaltaí a Chomhairle Rialaithe a fhoilsiú chun coinbhleachtaí leasa a chosc,

2)  an gá lena áirithiú go mbeidh staonadh gairmiúil dhá bhliain ann do chomhaltaí Chomhairle Rialaithe BCE a bheidh ag dul as oifig,

3)  go mbeadh Comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin ag staonadh, i bprionsabal, ó bheith ina gcomhaltaí d’fhóraim nó d’eagraíochtaí eile ag an am céanna lena n-áirítear feidhmeannaigh ó bhainc atá faoi mhaoirseacht ag BCE;

Is institiúid é BCE a bhfuil sé de chúram air freastal ar an leas poiblí agus, dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go mbeadh gá leis na caighdeáin eiticiúla is airde ó thaobh a fhoirne de ach maidir le comhaltaí dá chomhlachtaí cinnteoireachta go háirithe chun aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint agus chun an leibhéal sláine, inniúlachta, éifeachtúlachta agus trédhearcachta is airde is féidir a áirithiú.

Maidir leis an iarratas chun dearbhuithe leasanna airgeadais a fhoilsiú, aontaím le beart ar bith a dhéanamh lena gcuirfí feabhas ar thrédhearcacht agus ar chuntasacht in institiúidí poiblí amhail BCE, ós rud é gur coinníoll riachtanach é sin le haghaidh a neamhspleáchais. Go deimhin, tá mé faoi réir ceanglais den sórt sin cheana mar chomhalta de Rialtas na Spáinne, agus tá iallach orm aon leasanna airgeadais nó príobháideacha a nochtadh sula nglacfaidh mé an Aireacht orm féin agus tar éis dom éirí aisti.

Maidir le tréimhsí staonta, níl mé go pearsanta in aghaidh tréimhsí marana den chineál sin chun aon choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint. Go deimhin, le reachtaíocht de chuid na Spáinne (Ley 3/2015, de 30 de marzo, reguladora del ejercicio del alto cargo de la Administración General del Estado), ar gá dom urraim a thabhairt di, rialaítear neamh-chomhoiriúnachtaí gairmiúla agus pá le linn tréimhse seirbhíse poiblí mar oifigeach sinsearach agus i ndiaidh na tréimhse sin.

Maidir leis an dara ceist, ní mór do chomhaltaí Bhord Feidhmiúcháin BCE an fhírinne agus fíorgheilleagar a thuiscint chun bheith go hiomlán ar an eolas faoi thuairimí, ábhair amhrais agus ábhair imní ghníomhairí an chórais. Is féidir é sin a bhaint amach ar bhealaí éagsúla, ach níl siad go léir iomchuí chun coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a chosc.

35.  Cad é do mheasúnú maidir le rannpháirtíocht BCE i gcomhthéacs na gclár cúnaimh airgeadais? Cén chaoi, dar leat, a bhforbrófar amach anseo rannpháirtíocht ionchasach BCE sna cláir chúnaimh airgeadais?

Maidir le rannpháirtíocht BCE sna cláir cúnaimh airgeadais, mar a leagtar síos anois í sa Rialachán Dé-Phaca agus i gConradh SCE, rinneadh í a cheistiú uaireanta, ach creidim gur féidir a mhaíomh go raibh gá léi ag tráthanna fíorthábhachtacha. Ar aon nós, ní mór an rannpháirtíocht sin a thuiscint i gcomhthéacs brú ama, strus ar an margadh, faisnéis neamhiomlán, an-bheagán taithí ar choigeartuithe móra a dhéanamh laistigh d’aontas airgeadaíochta agus easpa creata dhlithiúil le haghaidh géarchéimeanna a láimhseáil.

Sa chás sin, rinneadh rannpháirtíocht BCE, mar a tuaradh sa reachtaíocht thánaisteach is infheidhme, a theorannú go bunúsach do chomhairle agus saineolas a chur ar fáil i gcomhair réimse ábhar a bhí ábhartha maidir le feidhmiú cuí an bheartais airgeadaíochta, an chobhsaíocht airgeadais agus tacaíocht do bheartais ghinearálta eacnamaíocha de chuid an Aontais. Rinne BCE (i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach agus le CAI) ionchur a chur ar fáil don Ghrúpa Euro agus do Bhord Gobharnóirí SCE, a bhí ar an aon chomhlacht cinnteoireachta a bhí ann.

In ainneoin an róil sin, agus neamhspleáchas iomlán BCE a bheith á choinneáil, bhí roinnt ábhar imní agus ábhar amhrais ann maidir leis an bhféidearthacht go gcuirfeadh BCE isteach ar cheisteanna i leith ceannas náisiúnta agus/nó maidir leis na coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann, agus is é sin an fáth a gcreidim i dtaca leis an ról a bheidh ag BCE amach anseo, gur ról comhairleach i réimse faireachais agus measúnú cláir a bheidh ann den chuid is mó.

As seo amach, beidh cúinsí i bhfad níos fabhraí ann chun a bheith ag déileáil le géarchéimeanna amach anseo, a bhuí le creat bainistithe géarchéime a bheidh níos daingne agus níos cuimsithí, lena n-áirítear an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc (BRRD), agus an tAontas Baincéireachta atá fós neamhiomlán, agus cuideoidh an creat sin le híoslaghdú a dhéanamh ar an ngá páirt a bheith ag BCE.

36.  Cad iad na bearta iarbhír a d’fhéadfadh BCE a dhéanamh chun go gcuirfeadh níos mó iarrthóirí baineanna isteach ar na poist is sinsearaí in BCE amach anseo agus chun athraitheacht inscne iomlán in BCE a fheabhsú?

Is ábhar ríthábhachtach í an athraitheacht inscne, agus ní mór dár bpríomhinstitiúidí dea-shampla a thabhairt don chuid eile den tsochaí. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go ndéanfadh BCE, mar aon le heintitis phríobháideacha eile agus eintitis phoiblí eile, ardú céime a thabhairt do mhná go dtí na poist is sinsearaí. Sa bhrí sin, beidh ar BCE ceathrar comhaltaí Boird eile a thoghadh sa dá bhliain atá amach romhainn. Is fir iad na comhaltaí go léir a bhfuil a sainorduithe á gcur i gcrích acu, mar sin beidh deis den scoth againn amach anseo chun deis a thabhairt do Bhord lena mbeidh níos mó cothromaíochta inscne ag baint leis agus chun dul chun cinn i dtreo comhionannas inscne.

Tá BCE ag obair cheana chun athraitheacht inscne níos mó a áirithiú trí thacú le timpeallacht oibre atá ilghnéitheach agus cuimsitheach agus trí spriocanna sonracha a leagan síos maidir le mná a bheith i bpoist bhainistíochta. Ba cheart, áfach, tuilleadh dul chun cinn a shaothrú, go háirithe maidir le poist bhainistíochta, agus ba cheart aghaidh a thabhairt ar an tsíleáil ghloine a bheidh tábhachtach fós sna blianta atá amach romhainn.

37.  Cad é do thuairim maidir le feabhsuithe a d’fhéadfaí a chur ar chuntasacht BCE maidir le CIE ó thaobh a éifeachtúlachta oibríochtúla de?

Mar thoradh ar neamhspleáchas BCE, tá sainordú CIE teoranta do mheasúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht oibríochtúil bhainistíocht BCE, mar a tuaradh faoi Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Is é is aidhm leis an méid sin ná cothromaíocht a choinneáil idir bainistíocht fhónta airgeadais ar chistí poiblí agus tuairisciú leordhóthanach do shaoránaigh a áirithiú, ar thaobh amháin, agus cinnteoireacht BCE a choinneáil slán ó aon bhrú polaitiúil gearrthéarmach, ar réamhchoinníoll é do BCE a bheith in ann a shainordú a shaothrú go leordhóthanach. Ar aon nós, is céim dhearfach é BCE a bheith toilteanach comhoibriú a dhéanamh agus freagra a thabhairt ar mholtaí CIE le tamall beag anuas, agus is amhlaidh atá an scéal maidir lena ghealltanas chun a chreat cuntasachta a oiriúnú tuilleadh le haghaidh dúshláin a bheidh ann amach anseo.

38.  Cad é do thuairim maidir leis an gcaoi a ndearna an Chomhairle neamhaird de thuairim PE uair amháin i gcás comhalta den bhord a cheapadh?

De réir an Chonartha ar an Aontas Eorpach (Airteagal 283), is í an Chomhairle Eorpach a dhéanfaidh an tUachtarán, an Leas-Uachtarán agus an ceathrar comhaltaí eile den Bhord Feidhmiúcháin a cheapadh ar mholadh ón gComhairle, tar éis dó dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus le Comhairle Rialaithe BCE. Is é sin le rá, gur ar an gComhairle amháin atá an fhreagracht chun comhaltaí an Bhoird a roghnú.

Dá bhrí sin, nuair a dhéanfaidh an Chomhairle cinneadh nach bhfuil i gcomhréir leis an tuairim ó PE, ní chiallaíonn sé sin agus a rá go ndearna sí neamhaird den tuairim sin. Is é a chiallaíonn sé, i ndiaidh don Chomhairle anailís agus meastóireacht a dhéanamh ar an tuairim, go bhfuil cinneadh eile fós déanta aici.

Maidir leis an gcás ar leith atá luaite sa cheist, ní dhearna tuairim PE amhras a tharraingt ar cháilíochtaí an iarrthóra ach ní dhearna sí ach a thabhairt chun solais nach bean a bhí ann.

39.  Cad atá beartaithe agat féin a dhéanamh chun feabhas a chur ar chothromaíocht inscne in BCE?

Mar a dúirt mé i gceist Uimhir 36, ní hamháin go bhfuil cothromaíocht inscne mar thosaíocht agam ar chúiseanna comhionannais, is coinníoll le haghaidh éifeachtúlacht eacnamaíoch í freisin. Tá neart fianaise ann go bhfuil ilghnéitheacht agus cuimsitheacht ina mórspreagadh le haghaidh feidhmíochta agus gur bealach í cothromaíocht inscne chun ilghnéitheacht a chur chun cinn. Sin an fáth gur cheart dúinn go léir a bheith ag obair laistigh dár gcumais agus dár bhfreagrachtaí agus gur cheart dúinn fáil réidh le haon bhacainní ar rath a bheith ar mhná sa saol gairmiúil.

Má thoghtar mar Leas-Uachtarán mé, leanfaidh mé de thacú leis an bprionsabal seo mar atá déanta agam roimhe seo, mar atá léirithe ag na ceapacháin a bhfuil mé freagrach astu faoi láthair: Tá ag mná sé cinn de na hocht bpost ardghráid in Aireacht an Gheilleagair, lena n-áirítear gach duine den triúr Státrúnaithe, an tArd-Rúnaí don Státchiste, agus an tArd-Rúnaí Tionscail agus do FMBanna.

AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Ceapachán Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Tagairtí

N8-0053/2018 – C8-0040/2018 – 2018/0804(NLE)

Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú

20.2.2018

 

 

 

An coiste freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ECON

 

 

 

 

Rapóirtéirí:

       Dáta an cheapacháin

Roberto Gualtieri

23.1.2018

 

 

 

Pléite sa choiste

26.2.2018

 

 

 

Dáta an ghlactha

27.2.2018

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

27

14

13

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Burkhard Balz, Hugues Bayet, Pervenche Berès, Udo Bullmann, David Coburn, Esther de Lange, Markus Ferber, Jonás Fernández, Neena Gill, Roberto Gualtieri, Brian Hayes, Gunnar Hökmark, Danuta Maria Hübner, Cătălin Sorin Ivan, Petr Ježek, Wolf Klinz, Georgios Kyrtsos, Philippe Lamberts, Werner Langen, Bernd Lucke, Olle Ludvigsson, Gabriel Mato, Costas Mavrides, Bernard Monot, Caroline Nagtegaal, Luděk Niedermayer, Stanisław Ożóg, Dimitrios Papadimoulis, Dariusz Rosati, Pirkko Ruohonen-Lerner, Anne Sander, Alfred Sant, Molly Scott Cato, Pedro Silva Pereira, Theodor Dumitru Stolojan, Kay Swinburne, Ramon Tremosa i Balcells, Ernest Urtasun, Marco Valli, Tom Vandenkendelaere, Jakob von Weizsäcker

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Enrique Calvet Chambon, Jan Keller, Verónica Lope Fontagné, Paloma López Bermejo, Thomas Mann, Michel Reimon, Tibor Szanyi, Romana Tomc, Miguel Urbán Crespo, Roberts Zīle

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Zbigniew Kuźmiuk, Edouard Martin, José Ignacio Salafranca Sánchez-Neyra

Dáta don chur síos

6.3.2018

  • [1]  IO C 67, 22.2.2018, lch. 1.
An nuashonrú is déanaí: 9 Márta 2018
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais