TUARASCÁIL maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil i ndáil le hábhar an chláir leictreonaigh
11.9.2018 - (COM(2018)0349 – C8‑0371/2018 – 2018/0181(CNS)) - *
An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta
Rapóirtéir: Ivana Maletić
(Nós imeachta simplithe – Riail 50(1) de na Rialacha Nós Imeachta)
DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil i ndáil le hábhar an chláir leictreonaigh
(COM(2018)0349 – C8‑0371/2018 – 2018/0181(CNS))
(Nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2018)0349),
– ag féachaint d’Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle leis an bParlaimint (C8‑0371/2018),
– ag féachaint do Riail 78c dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0285/2018),
1. Ag formheas an togra ón gCoimisiún;
2. Á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag an bParlaimint;
3. Á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle leis an bParlaimint má tá sé ar intinn aici an téacs a d’fhormheas an Pharlaimint a leasú go substaintiúil;
4. Á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
Leis an togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil i ndáil le hábhar an chláir leictreonaigh, leagtar síos an bunús dlí le haghaidh comhar riaracháin idir na Ballstáit.
Baineann sé sin le huathoibriú mhaoirsiú na ngluaiseachtaí maidir le hearraí máil arna n-eisiúint lena dtomhailt i mBallstát amháin agus atá á n-aistriú go Ballstát eile lena seachadadh chun críocha tráchtála sa Bhallstát eile sin. Leis na socruithe nua, beidh ceangal ar oibreoirí eacnamaíocha a bhíonn ag aistriú earraí faoi Chaibidil V de Threoir XXX/CE clárú i gclár na n-oibreoirí eacnamaíocha atá srianta faoi láthair d’oibreoirí eacnamaíocha a bhaineann úsáid as na socruithe i gCaibidlí III agus IV de Threoir XXX/CE. Leis an moladh reatha, cuirtear é sin chun feidhme i Rialachán (AE) Uimh. 389/2012.
Is é cuspóir an togra ná oibleagáid ar oibreoirí eacnamaíocha a bhíonn ag aistriú earraí clárú a thabhairt isteach faoi Chaibidil V, Roinn 2 de Threoir XXX/CE. In éagmais an togra sin, ní bheifear in ann gluaiseacht earraí a eisítear lena dtomhailt a uathoibriú go hiomlán. Thairis sin, sa togra seo, urramaítear na cearta bunúsacha, go háirithe an ceart chun príobháideachais tríd an bhforáil reatha maidir le cosaint sonraí i Rialachán (AE) Uimh. 389/2012.
Le buiséad FISCALIS, cumhdófar an tionchar buiséadach maidir le seirbhís leathnaithe nua a fhorbairt agus a oibriú go lárnach faoi chuimsiú na leithreasaí dá bhforáiltear cheana féin sa chlárú airgeadais ofigiúil. Ní bheidh gá le haon acmhainní breise ó bhuiséad an Aontais. Anuas air sin, níl sé i gceist go ndéanfaí réamhbhreithiúnas leis an tionscnamh seo ar thogra an Choimisiúin ar an gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile.
Leis an togra, leasaítear raon feidhme Airteagal 19 den Rialachán chun dhá chatagóir nua d’oibreoirí eacnamaíocha a áireamh: coinsíneoirí deimhnithe, atá cláraithe mar choinsíneoirí le haghaidh earraí máil atá eisithe cheana féin lena dtomhailt agus coinsínithe deimhnithe atá cláraithe mar choinsínithe le haghaidh earraí máil atá eisithe cheana féin lena dtomhailt. Féadfaidh coimeádaithe trádstórais údaraithe agus coinsíneoirí cláraithe gníomhú mar choinsíneoirí deimhnithe agus féadfaidh coimeádaithe trádstórais údaraithe agus coinsínitithe údaraithe gníomhú mar choinsínithe deimhnithe. Is gá údaráis inniúla an Bhallstáit a chur ar an eolas faoin méid sin agus ba cheart an fhaisnéis sin a chur san áireamh sa chlár chomh maith.
Anuas air sin, de réir an togra, sa chlár leictreonach, beidh faisnéis faoin gceart atá ag an gcoinsíneoir cláraithe na réimsí cinn scríbe a fhágáil ar lár sa dréacht-doiciméad riaracháin leictreonach agus táirgí fuinnimh a bhfuil na dleachtanna ina leith ar fionraí á n-aistriú ar muir nó ar uiscebhealaí intíre. Faoi Airteagal 23 de Threoir XXX/CE, féadfaidh an coimeádaí trádstórais údaraithe agus an coinsíneoir cláraithe an réimse cinn scríbe a fhágáil ar lár. Faoi láthair, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 389/2012, ní bhíonn an fhaisnéis sin a bhaineann leis an réimse cinn scríbe a bheith fágtha ar lár sa phríomhchlárlann ach amháin i gcás coimeádaí trádstórais údaraithe.
NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
Teideal |
Comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil i ndáil le hábhar an chláir leictreonaigh |
||||
Tagairtí |
COM(2018)0349 – C8-0371/2018 – 2018/0181(CNS) |
||||
Dáta a ndeachthas i gcomhairle leis an bParlaimint |
12.7.2018 |
|
|
|
|
An Coiste freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
ECON 10.9.2018 |
|
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Ivana Maletić 20.6.2018 |
|
|
|
|
Nós imeachta simplithe - dáta an chinnidh |
29.8.2018 |
||||
Pléite sa choiste |
29.8.2018 |
|
|
|
|
Dáta an ghlactha |
7.9.2018 |
|
|
|
|
Dáta don chur síos |
11.9.2018 |
||||