TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena n-údarófar don Ostair agus don Rómáin glacadh, ar mhaithe leis an Aontas Eorpach, le haontachas Hondúras le Coinbhinsiún na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí (1980)
11.12.2018 - (COM(2018)0528 – C8‑0377/2018 – 2018/0278(NLE)) - *
An Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla
Rapóirtéir: Mary Honeyball
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena n-údarófar don Ostair agus don Rómáin glacadh, ar mhaithe leis an Aontas Eorpach, le haontachas Hondúras le Coinbhinsiún na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí (1980)
(COM(2018)0528 – C8‑0377/2018 – 2018/0278(NLE))
(Comhairliúchán)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle (COM(2018)0528),
– ag féachaint d’Airteagal 38, an ceathrú mír, de Choinbhinsiún na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí (1980),
– ag féachaint d’Airteagal 81(3) agus d’Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle leis an bParlaimint (C8‑0377/2018),
– ag féachaint don tuairim ón gCúirt Bhreithiúnais[1] maidir le hinniúlacht eachtrach eisiach an Aontais Eorpaigh i gcomhair dearbhú glactha d’aontachas le Coinbhinsiún na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí (1980),
– ag féachaint do Riail 78c agus do Riail 108(8) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A8-0457/2018),
1. Ag formheas an údaraithe don Ostair agus don Rómáin glacadh, ar mhaithe leis an Aontas Eorpach, le haontachas Hondúras le Coinbhinsiún na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí (1980);
2. Á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, agus chomh maith leis sin chuig Oifig Bhuan Chomhdháil na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach.
- [1] Tuairim ón gCúirt Bhreithiúnais an 14 Deireadh Fómhair 2014, 1/13, ECLI:AE:C:2014:2303.
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
Is ionstraim fhíorthábhachtach é Coinbhinsiún na Háige an 25 Deireadh Fómhair 1980 ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí. Tá sé daingnithe ag gach Ballstát de AE.
Tugann an Coinbhinsiún isteach córas comhair idir na stáit chonarthacha arb aidhm leis cásanna fuadach idirnáisiúnta leanaí a réiteach.
Ina lán cásanna, tarlaíonn na fadhbanna sin nuair a scarann lánúin. Más é gur as dhá stát éagsúla don mháthair agus don athair, tá cathú ann leas a bhaint as an easpa comhair idir na stáit sin chun coimeád an linbh a fháil. Bíonn na meáin ag cur thar maoil le tuairiscí faoi chásanna ina bhfuadaítear leanaí tar éis idirscartha nó colscartha.
Is é an fhadhb is mó le cásanna den chineál sin ná an claonadh náisiúnta a bhíonn i gcóras dlí na stát féin. Is éard a tharlaíonn go minic ná go bhfógraíonn na cúirteanna sa dá stát lena mbaineann go bhfuil siad inniúil, agus dámhann an dá chúirt faoi seach coimeád an linbh ar an tuismitheoir ar náisiúnach de chuid stát céanna na cúirte iad.
Is é is cúis leis an gCoinbhinsiúin ná cásanna den chineál sin a réiteach ar leibhéal idirnáisiúnta, trína leagan síos gurb iad na cúirteanna inniúla agus na dlíthe is infheidhme iad siúd ar de chuid stát cónaithe an linbh iad. Leis an gCoinbhinsiún, tugtar isteach freisin córas lena n-áirithítear go dtugtar leanaí a fuadaíodh ar ais láithreach bonn.
Tá inniúlacht eachtrach eisiach ag AE sa réimse sin feasta mar a dheimhnigh an Chúirt Bhreithiúnais i dTuairim 1/13. Dá bhrí sin, ní fheidhmíonn na Ballstáit a thuilleadh ar a gcuntas féin. Is é an fhadhb atá ann ná nach bhforáiltear sa Choinbhinsiún do ghníomh neamhspleách arna dhéanamh ag eagraíochtaí idirnáisiúnta.
Thaisc Hondúras an ionstraim aontachais a ghabhann le Coinbhinsiún 1980 an 20 Nollaig 1993. Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm i Hondúras an 1 Márta 1994.
Tá Coinbhinsiún 1980 i bhfeidhm cheana idir Hondúras agus 25 Bhallstát de AE. Níl ann ach an Ostair, an Danmhairg agus an Rómáin nár ghlac fós le haontachas Hondúras leis an gCoinbhinsiún.
Ós rud é go gcumhdaíonn inniúlacht eachtrach eisiach an Aontais Eorpaigh fuadach idirnáisiúnta leanaí, caithfear an cinneadh cibé acu an nglacfar nó nach nglacfar le haontachas Hondúras a dhéanamh ar leibhéal AE trí bhíthin Cinneadh ón gComhairle. Dá bhrí sin, ba cheart don Ostair agus don Rómáin, ar mhaithe leis an Aontas Eorpach, a dhearbhú go nglactar le haontachas Hondúras.
Dá nglacfadh an Ostair agus an Rómáin leis, bheadh Coinbhinsiún 1980 infheidhme idir Hondúras agus gach Ballstát de AE cé is moite den Danmhairg.
Is díol sásaimh é aontachas Hondúras le Coinbhinsiún 1980 na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí. Dá bhrí sin, molann an Rapóirtéir don Pharlaimint an togra a fhormheas gan leasú, chun a áirithiú go gcuirfear cosaint ar fáil ar fud AE do na leanaí faoi thrácht.
AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
Teideal |
Cinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear don Ostair agus don Rómáin glacadh, ar mhaithe leis an Aontas Eorpach, le haontachas Hondúras le Coinbhinsiún na Háige ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí (1980) |
||||
Tagairtí |
COM(2018)0528 – C8-0377/2018 – 2018/0278(NLE) |
||||
Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú |
20.7.2018 |
|
|
|
|
An Coiste Freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
JURI 10.9.2018 |
|
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Mary Honeyball 24.9.2018 |
|
|
|
|
Pléite sa choiste |
20.11.2018 |
|
|
|
|
Dáta an ghlactha |
6.12.2018 |
|
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
22 0 0 |
|||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Joëlle Bergeron, Jean-Marie Cavada, Mady Delvaux, Rosa Estaràs Ferragut, Mary Honeyball, Julia Reda, Evelyn Regner, Pavel Svoboda, József Szájer, Axel Voss |
||||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Geoffroy Didier, Pascal Durand, Angel Dzhambazki, Ana Miranda, Jens Rohde, Virginie Rozière, Tiemo Wölken |
||||
Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Lucy Anderson, Georges Bach, Kostadinka Kuneva, Jeroen Lenaers, Philippe Loiseau |
||||
Dáta don chur síos |
11.12.2018 |
||||
TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
22 |
+ |
|
ALDE |
Jean-Marie Cavada, Jens Rohde |
|
ECR |
Angel Dzhambazki |
|
EFDD |
Joëlle Bergeron |
|
ENF |
Philippe Loiseau |
|
GUE/NGL |
Kostadinka Kuneva |
|
PPE |
Georges Bach, Geoffroy Didier, Rosa Estaràs Ferragut, Jeroen Lenaers, Pavel Svoboda, József Szájer, Axel Voss |
|
S&D |
Lucy Anderson, Mady Delvaux, Mary Honeyball, Evelyn Regner, Virginie Rozière, Tiemo Wölken |
|
VERTS/ALE |
Pascal Durand, Ana Miranda, Julia Reda |
|
0 |
- |
|
|
|
|
0 |
0 |
|
|
|
|
Eochair:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh