TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó in ábhair thráchtála (seirbheáil doiciméad)
7.1.2019 - (COM(2018)0379 – C8‑0243/2018 – 2018/0204(COD)) - ***I
An Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla
Rapóirtéir: Sergio Gaetano Cofferati
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó in ábhair thráchtála (seirbheáil doiciméad)
(COM(2018)0379 – C8‑0243/2018 – 2018/0204(COD))
(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0379),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 81 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0243/2018);
- ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A8-0001/2019),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Leasú 1 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 1 | ||||||||||||||||||||||
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú | |||||||||||||||||||||
(1) Chun go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach mar is ceart ní mór feabhas breise a chur ar tharchur agus seirbheáil doiciméad breithiúnach agus doiciméad seachbhreithiúnach in ábhair shibhialta nó in ábhair thráchtála idir na Ballstáit agus an tarchur agus an tseirbheáil sin a bhrostú. |
(1) Chun go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach mar is cuí agus chun go bhforbróidh limistéar ceartais shibhialta san Aontas ní mór feabhas breise a chur ar tharchur agus seirbheáil doiciméad breithiúnach agus doiciméad seachbhreithiúnach in ábhair shibhialta nó in ábhair thráchtála idir na Ballstáit agus an tarchur agus an tseirbheáil sin a bhrostú, agus, ag an am céanna, ardleibhéal slándála agus cosanta a áirithiú i dtarchur na ndoiciméad sin agus, sa chaoi sin, cearta an tseolaí a choimirciú agus príobháideachas sonraí pearsanta a chosaint. | |||||||||||||||||||||
Leasú 2 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 4 | ||||||||||||||||||||||
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú | |||||||||||||||||||||
(4) Chun a áirithiú gur luath a tharchuirfear doiciméid chuig Ballstáit eile chun críocha seirbheála iontu, ba cheart gach modh cumarsáide nua-aimseartha a úsáid, ar acht go gcomhlíonfar coinníollacha áirithe maidir le sláine agus iontaofacht an doiciméid a gheofar. Chun na críche sin, ba cheart an chumarsáid uile agus na malartuithe uile idir gníomhaireachtaí agus comhlachtaí arna n-ainmniú ag na Ballstáit a dhéanamh trí chóras TF díláraithe atá comhdhéanta de chórais TF náisiúnta. |
(4) Chun a áirithiú go héifeachtach gur go pras a tharchuirfear doiciméid chuig Ballstáit eile chun críocha seirbheála iontu, ba cheart gach modh cumarsáide iomchuí nua-aimseartha a úsáid, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe maidir le sláine agus iontaofacht an doiciméid a gheofar agus go ndéanfar urraim do chearta nós imeachta, ardleibhéil slándála i dtarchur na ndoiciméad sin agus cosaint an phríobháideachais agus na sonraí pearsanta a áirithiú. Chun na críche sin, ba cheart an chumarsáid uile agus na malartuithe uile idir gníomhaireachtaí agus comhlachtaí arna n-ainmniú ag na Ballstáit a dhéanamh trí chóras TF díláraithe atá comhdhéanta de chórais TF náisiúnta. | |||||||||||||||||||||
Leasú 3 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 4 a (nua) | ||||||||||||||||||||||
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú | |||||||||||||||||||||
|
(4a) Ba cheart an córas TF díláraithe atá le bunú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1393/2003 a bheith bunaithe ar chóras e-CODEX agus ba cheart go ndéanfadh eu-LISA bainistiú air. Ba cheart acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil do eu-LISA le haghaidh córas den sórt sin a thabhairt isteach agus a choinneáil i mbun oibriú, mar aon le tacaíocht theicniúil a sholáthar do na gníomhaireachtaí a dhéanfaidh na doiciméid a tharchur agus a fháil, agus do chomhlachtaí lárnacha i gcás ina mbeadh fadhbanna le hoibriú an chórais. Ba cheart don Choimisiún, a luaithe is féidir, agus in aon chás roimh dheireadh 2019, togra a thíolacadh le haghaidh Rialachán maidir le cumarsáid trasteorann in imeachtaí breithiúnacha (e-CODEX). | |||||||||||||||||||||
Leasú 4 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 4 b (nua) | ||||||||||||||||||||||
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú | |||||||||||||||||||||
|
(4b) I gcás ina bhfuil doiciméad lena dtionscnaítear na himeachtaí seirbheáilte ar an gcosantóir cheana féin agus nár dhiúltaigh an cosantóir glacadh leis an doiciméad sin, ba cheart deis a chur ar fáil, faoi dhlí Bhallstát an fhóraim, do na páirtithe a bhfuil sainchónaí orthu i mBallstát eile ionadaí a cheapadh chun críche doiciméid a sheirbheáil orthu siúd i mBallstát an fhóraim, ar choinníoll go bhfuil an páirtí lena mbaineann curtha ar an eolas go cuí faoi na hiarmhairtí a bhainfeadh leis an rogha sin agus go bhfuil glactha go follasach aige leis an rogha sin. | |||||||||||||||||||||
Leasú 5 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 5 | ||||||||||||||||||||||
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú | |||||||||||||||||||||
(5) Ba cheart don ghníomhaireacht fála a chur in iúl don seolaí i scríbhinn agus san fhoirm chaighdeánach, i ngach cás agus gan aon chorrlach lánroghnach ina leith, go bhféadfaidh sé an doiciméad atá le seirbheáil a dhiúltú mura bhfuil sé i dteanga a thuigeann sé nó i gceann de theangacha oifigiúla áit na seirbheála. Ba cheart feidhm a bheith ag an riail seo chomh maith maidir le haon seirbheáil a dhéanfar tar a éis sin nuair a bheidh an ceart atá aige diúltú feidhmithe ag an seolaí. Ba cheart feidhm a bheith ag ceart an diúltaithe maidir le seirbheáil a dhéanann gníomhairí taidhleoireachta nó consalacha, seirbheáil trí sheirbhísí poist agus seirbheáil dhíreach. Ba cheart an deis a bheith ann seirbheáil an doiciméid a diúltaíodh a leigheas trí aistriúchán ar an doiciméad sin a sheirbheáil ar an seolaí. |
(5) Ba cheart don ghníomhaireacht fála a chur in iúl in am trátha don seolaí i scríbhinn agus san fhoirm chaighdeánach, i ngach cás agus gan aon lánrogha ina leith, go bhféadfaidh sé diúltú glacadh leis an doiciméad atá le seirbheáil mura bhfuil sé i dteanga a thuigeann sé nó sí. Ba cheart feidhm a bheith ag an riail sin freisin maidir le haon seirbheáil a dhéanfar ina dhiaidh sin nuair a bheidh an ceart atá aige nó aici diúltú feidhmithe ag an seolaí. Ba cheart feidhm a bheith ag ceart an diúltaithe maidir le seirbheáil a dhéanann gníomhairí taidhleoireachta nó consalacha, seirbheáil trí sheirbhísí poist nó cúiréara agus seirbheáil dhíreach. Ba cheart an deis a bheith ann seirbheáil an doiciméid a diúltaíodh a leigheas trí aistriúchán oifigiúil ar an doiciméad sin a sheirbheáil ar an seolaí. | |||||||||||||||||||||
Leasú 6 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 6 | ||||||||||||||||||||||
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú | |||||||||||||||||||||
(6) Má dhiúltaíonn an seolaí an doiciméad a ghlacadh, ba cheart don chúirt nó don údarás a bhfuil na himeachtaí dlí os a chomhair ar éirigh an tseirbheáil riachtanach lena linn, ba cheart di nó dó a chinntiú an raibh údar cuí leis an diúltú sin. Chuige sin, ba cheart don chúirt sin nó don údarás sin an fhaisnéis ábhartha uile atá sa chomhad nó atá ar fáil aici nó aige a chur san áireamh chun a dhéanamh amach go cruinn cé na scileanna teanga atá ag an seolaí. Agus í ag meas scileanna teanga an tseolaí, ba cheart don chúirt eilimintí faisnéise a chur san áireamh amhail doiciméid a scríobh an seolaí sa teanga lena mbaineann, an mbaineann ceird an tseolaí leis na scileanna teanga sin (e.g. múinteoir nó ateangaire), an saoránach é an seolaí den Bhallstát ina bhfuil na himeachtaí breithiúnacha ar bun nó an raibh cónaí ar an seolaí ar feadh tamall fada sa Bhallstát sin roimhe sin. Níor cheart an measúnú sin a dhéanamh má tarraingíodh suas an doiciméad sin i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla ionad na seirbheála nó má aistríodh é go dtí an teanga sin. |
(6) Má dhiúltaíonn an seolaí glacadh leis an doiciméad, ba cheart don chúirt nó don údarás a bhfuil na himeachtaí dlí os a comhair nó os a chomhair a ndearnadh an tseirbheáil riachtanach lena linn a chinntiú go raibh údar cuí leis an diúltú sin. Chuige sin, ba cheart don chúirt sin nó don údarás sin an fhaisnéis ábhartha uile atá sa chomhad a chur san áireamh chun a dhéanamh amach go cruinn cé na scileanna teanga atá ag an seolaí. Agus í ag meas scileanna teanga an tseolaí, ba cheart don chúirt gnéithe faisnéise a chur san áireamh amhail doiciméid a scríobh an seolaí sa teanga lena mbaineann, an mbaineann ceird an tseolaí leis na scileanna teanga sin, an saoránach é an seolaí den Bhallstát ina bhfuil na himeachtaí breithiúnacha ar bun nó an raibh cónaí ar an seolaí ar feadh tréimhse fhada sa Bhallstát sin roimhe sin. | |||||||||||||||||||||
Leasú 7 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 7 | ||||||||||||||||||||||
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú | |||||||||||||||||||||
(7) Chun go mbeidh imeachtaí breithiúnacha éifeachtúil tapa, ní mór cainéil dhíreacha éascaithe a bheith ann le haghaidh doiciméid a sheirbheáil ar dhaoine i mBallstát eile. Dá bharr sin, ba cheart an deis a bheith ann do dhuine a bhfuil leas aige in imeacht breithiúnach nó do chúirt nó údarás a bhfuil imeacht breithiúnach os a c(h)omhair ar sheirbheáil doiciméad a dhéanamh díreach le modhanna leictreonacha chuig cuntas úsáideora digiteach seolaí a bhfuil cónaí air i mBallstát eile. Ba cheart coinníollacha a bheith leagtha amach maidir leis an tseirbheáil dhíreach leictreonach sin lena n-áireofaí nach n-úsáidfí cuntais úsáideora leictreonacha ach i gcás ina mbeadh coimircí iomchuí ann chun leasanna na seolaithe a chosaint, bíodh sin le hardchaighdeáin theicniúla nó i bhfoirm toilithe shainráite ón seolaí. |
(7) Chun go mbeidh imeachtaí breithiúnacha éifeachtúil agus tapa, ní mór cainéil dhíreacha, éascaithe agus slána a bheith ann le haghaidh doiciméid a sheirbheáil ar dhaoine i mBallstát eile. Ba cheart an deis a bheith ann do dhuine a bhfuil leas aige in imeacht breithiúnach nó do chúirt nó údarás a bhfuil imeacht breithiúnach os a comhair nó os a chomhair seirbheáil doiciméad a dhéanamh go díreach trí mhodhanna leictreonacha chuig seolaí a bhfuil sainchónaí air i mBallstát eile. Níor cheart seirbheáil dhíreach leictreonach den sórt sin a cheadú, áfach, ach amháin má bhíonn coimircí iomchuí ann chun leasanna na seolaithe a chosaint, lena n-áirítear ardchaighdeáin theicniúla agus toiliú sainráite arna thabhairt ag an seolaí. I gcás ina ndéantar doiciméid a sheirbheáil nó a tharchur go leictreonach, ba cheart a bheith in ann admháil a chur ar fáil go bhfuarthas na doiciméid sin. | |||||||||||||||||||||
Leasú 8 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 8 | ||||||||||||||||||||||
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú | |||||||||||||||||||||
(8) Ba cheart feabhas a chur ar na cainéil dhíreacha atá ann cheana le haghaidh doiciméid a tharchur agus a sheirbheáil chun go gcuirfear ar fáil leo roghanna malartacha ar tharchur traidisiúnta trí na gníomhaireachtaí fála. Chun na críche sin, ba cheart do sholáthraithe seirbheála poist admháil fála shonrach a úsáid nuair a dhéanann siad seirbheáil tríd an bpost faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007. Mar an gcéanna, ba cheart an deis a bheith ann d’aon duine a bhfuil leas aige in imeacht breithiúnach agus do chúirteanna nó údaráis a bhfuil imeacht breithiúnach os a gcomhair seirbheáil doiciméad a dhéanamh i gcríoch na mBallstát uile díreach trí na hoifigigh bhreithiúnacha nó trí oifigigh nó daoine inniúla eile sa Bhallstát lena mbaineann. |
(8) I bhfianaise an ghá atá le feabhas a chur ar na creatfhorálacha maidir le comhar breithiúnach san Aontas agus na nósanna imeachta dlíthiúla poiblí riaracháin a thabhairt cothrom le dáta chun an idir-inoibritheacht trasteorann a mhéadú agus an caidreamh leis na saoránaigh a éascú, ba cheart feabhas a chur ar na cainéil dhíreacha atá ann cheana le haghaidh doiciméid a tharchur agus a sheirbheáil chun gur roghanna malartacha tapa, iontaofa, níos sláine agus níos inrochtana i gcoitinne iad ar an tarchur traidisiúnta trí na gníomhaireachtaí fála. Chun na críche sin, ba cheart do sholáthraithe seirbheála poist admháil fála shonrach a úsáid nuair a dhéanann siad seirbheáil tríd an bpost faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007. Mar an gcéanna, ba cheart an deis a bheith ann d’aon duine a bhfuil leas aige in imeacht breithiúnach agus do chúirteanna nó údaráis a bhfuil imeacht breithiúnach os a gcomhair seirbheáil doiciméad a dhéanamh i gcríoch na mBallstát uile díreach trí na hoifigigh bhreithiúnacha nó trí oifigigh nó daoine inniúla eile sa Bhallstát lena mbaineann. | |||||||||||||||||||||
Leasú 9 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 8 a (nua) | ||||||||||||||||||||||
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú | |||||||||||||||||||||
|
(8a) I gcás nár tháinig an cosantóir i láthair agus nach bhfuil aon deimhniú seirbheála ná deimhniú seachadta faighte, ba cheart go mbeadh an breitheamh fós in ann breithiúnas a thabhairt, faoi réir srianta áirithe agus ar choinníoll go mbeidh ceanglais éagsúla comhlíonta maidir le coimirciú a thabhairt do leasanna an chosantóra. Sna cásanna sin, beidh sé bunriachtanach a áirithiú go ndéanfar gach iarracht réasúnta an cosantóir a chur ar an eolas go bhfuil imeachtaí cúirte tionscanta ina coinne nó ina choinne. Chuige sin, ba cheart don chúirt teachtaireachtaí foláirimh a sheoladh trí na cainéil chumarsáide uile atá ar fáil a bhfuiltear ar an eolas fúthu agus ar dócha nach féidir iad a rochtain ach ar bhealach atá ar fáil don seolaí amháin, lena n-áirítear, mar shampla, trí úsáid a bhaint as uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist nó cuntas príobháideach meán sóisialta an duine sin. | |||||||||||||||||||||
Leasú 10 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 9 | ||||||||||||||||||||||
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú | |||||||||||||||||||||
(9) Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus cloíonn sé leis na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, tá an Rialachán seo dírithe ar a áirithiú go n-urramófar go huile cearta cosanta na seolaithe, a eascraíonn ón gceart triail chóir a fháil atá cumhdaithe in Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. |
(9) Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, tá an Rialachán seo dírithe ar a áirithiú go n-urramófar go huile cearta cosanta na seolaithe, a eascraíonn ón gceart triail chóir a fháil, a leagtar síos in Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ar an gcaoi chéanna, trí rochtain chomhionann ar cheartas a ráthú, tá sé mar aidhm leis an Rialachán an neamh-idirdhealú a chur chun cinn (Airteagal 18 CFAE), agus urramaítear ann rialacha an Aontais atá ann cheana maidir le cosaint sonraí pearsanta agus an phríobháideachais. | |||||||||||||||||||||
Leasú 11 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 9 a (nua) | ||||||||||||||||||||||
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú | |||||||||||||||||||||
|
(9a) Tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfar an Rialachán a chur i bhfeidhm i gcomhréir le dlí cosanta sonraí an Aontais agus go n-urramófar leis cosaint an phríobháideachais mar leagtar síos í sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tá sé tábhachtach freisin a áirithiú go ndéanfar aon phróiseáil ar shonraí pearsanta daoine nádúrtha faoin Rialachán seo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir (CE) 2002/58. Níor cheart sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil faoin Rialachán seo a phróiseáil ach amháin chun na gcríoch sonrach a leagtar amach sa Rialachán seo. | |||||||||||||||||||||
Leasú 12 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 10 – an chuid réamhráiteach | ||||||||||||||||||||||
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú | |||||||||||||||||||||
(10) Chun gur féidir na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 a oiriúnú go tapa, ba cheart an chumhacht gníomh a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le hIarscríbhinn I, Iarscríbhinn II, agus Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016*. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
(10) Chun na socruithe mionsonraithe maidir le feidhmiú an chórais TF dhíláraithe le haghaidh doiciméid a mhalartú, agus cumarsáid a dhéanamh fúthu, idir na gníomhaireachtaí agus comhlachtaí arna n-ainmniú ag na Ballstáit a shainiú, agus chun cinneadh a dhéanamh faoi na socruithe mionsonraithe le haghaidh fheidhmiú na seirbhísí seachadta cláraithe leictreonacha cáilithe a úsáidfear chun doiciméid a sheirbheáil trí mhodhanna leictreonacha, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún. Leis na gníomhartha tarmligthe sin, ba cheart go ráthófaí tarchur iontaofa agus rianúil na sonraí ábhartha, mar aon le hardleibhéil slándála sa tarchur, cosaint an phríobháideachais agus na sonraí pearsanta, agus, i dtaca le seirbheáil leictreonach doiciméad, rochtain chomhionann do dhaoine faoi mhíchumas. Thairis sin, chun gur féidir na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 a oiriúnú go tapa, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le leasuithe ar Iarscríbhinní I, II, agus IV a ghabhann leis an Rialachán sin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016*. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. | |||||||||||||||||||||
Leasú 13 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 12 a (nua) | ||||||||||||||||||||||
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú | |||||||||||||||||||||
|
(12a) Féachtar leis an Rialachán seo le feabhas a chur ar éifeachtacht agus ar luas na n-imeachtaí breithiúnacha trí shimpliú agus trí chuíchóiriú a dhéanamh ar na nósanna imeachta maidir le fógra a thabhairt faoi dhoiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha, nó cumarsáid a dhéanamh fúthu, ar leibhéal an Aontais, agus, ag an am céanna, le laghdú a dhéanamh ar mhoilleanna agus costais do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí. Sa bhreis air sin, le níos mó deimhneachta dlíthiúla, mar aon le nósanna imeachta atá níos simplí, agus atá cuíchóirithe agus digitithe, is féidir daoine aonair agus gnólachtaí a spreagadh le dul i mbun idirbhearta trasteorann agus, sa chaoi sin, borradh a chur faoin trádáil laistigh den Aontas agus, dá bhrí sin, faoi fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. | |||||||||||||||||||||
Leasú 14 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 1 – mír 3 | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 15 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 2 – mír 4 – pointe c | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 16 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 3a – mír 1 | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 17 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 3a – mír 2 | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 18 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 3 a – mír 3 | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 19 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 3 a – mír 4 | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 20 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 3 a – mír 4 a (nua) | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 21 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 3a – mír 4 a (nua) | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 22 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 3c – mír 1 – an chuid réamhráiteach | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 23 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 3 c – mír 1 – pointe c | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 24 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 3 c – mír 2 – pointe a | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 25 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 4 – mír 3 | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 26 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 6 – mír 1 | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 27 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 6 – mír 2 | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 28 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 6 – mír 3 | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 29 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 6 – mír 4 | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 30 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 6 – mír 4 a (nua) | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 31 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 7a – teideal | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 32 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 7a – mír 1 | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 33 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 7 a – mír 2 | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 34 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 8 – mír 1 | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 35 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 8 – mír 2 | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 36 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 8 – mír 3 | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 37 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 8 – mír 4 | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 38 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 8 – mír 5 | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 39 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 8 – mír 7 | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 40 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 14 – teideal | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 41 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 14 – mír 1 | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 42 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 14 – mír 2 | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 43 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 14 – mír 3 | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 44 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 15 – mír 2 | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 45 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 15a – mír 1 – an chuid réamhráiteach | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 46 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 15a – mír 1 – pointe a | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 47 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 15a – mír 1 – pointe b | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 48 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 15a – mír 1 a (nua) | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 49 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 18 – mír 2 | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 50 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 18 – mír 6 | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 51 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 18a | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 52 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 18b | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 53 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 19 – mír 1 | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 54 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 19 – mír 2 – pointe b | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 55 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 19 – mír 3 | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 56 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 19 – mír 4 | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Réasúnú | ||||||||||||||||||||||
Leasú 57 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 19 – mír 5 – pointe a | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 58 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13 a (nua) Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 22 – mír -1 (nua) | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 59 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13 b (nua) Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 22 – mír 1 | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 60 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13 c (nua) Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 22 – mír 2 | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 61 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13 d (nua) Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 22 – mír 3 | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 62 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13 e (nua) Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 22 – mír 4 | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 63 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 15 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 23a – mír 1 | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Leasú 64 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 16 Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 Airteagal 24 – mír 1 | ||||||||||||||||||||||
|
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
Tá Rialachán (CE) Uimh. 2007/1393 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó in ábhair thráchtála (seirbheáil doiciméad) tar éis a bheith ina chuid rathúil de chlár an Aontais um chomhar ceartais shibhialta. In 2017, thug an Coimisiún faoi mheasúnú um oiriúnacht rialála (REFIT) a dhéanamh i gcomhréir leis na treoirlínte maidir le rialáil níos fearr, chun feidhmiú na hionstraime a mheas i dtaca le cúig bhunchritéar meastóireachta riachtanacha, mar atá an éifeachtúlacht, an éifeachtacht, an ábharthacht, an chomhsheasmhacht agus breisluach an Aontais. Sa tuarascáil sin, tarraingíodh anuas roinnt saincheisteanna, go príomha maidir le an bhféidearthacht a bhí ann na rialacha a nuachóiriú i bhfianaise an dul chun cinn atá déanta maidir le teicneolaíocht na cumarsáide. Dá bharr sin, an 31Bealtaine 2018, thíolaic an Coimisiún an togra maidir leis an Rialachán a leasú.
Is é is aidhm don togra ón gCoimisiún Eorpach ná soiléiriú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe de Rialachán (CE) 2007/1393, feabhas a dhéanamh ar éifeachtúlacht agus tapúlacht nósanna imeachta breithiúnacha a bhfuil impleachtaí tráchtála ag baint leo maidir le hábhair shibhialta nó thráchtála, go háirithe trí dhoiciméid a mhalartú go leictreonach, agus riarachán cuí a áirithiú sna cásanna sin, lena n-áirítear trí choimircí don chosantóir a neartú.
Is iad seo a leanas príomhghnéithe an togra ón gCoimisiún:
• Raon feidhme. Tugtar soiléiriú ann go mbeidh feidhm ag an Rialachán maidir le gach cás ina mbeidh sainchónaí ar sheolaí doiciméid bhreithiúnaigh i mBallstát eile.
• Malartú digiteach doiciméad. Moltar maidir le gach cumarsáid agus malartú doiciméad a dhéanfar idir gníomhaireachtaí tarchuir, gníomhaireachtaí fála agus comhlachtaí lárnacha, go ndéanfaí an chumarsáid agus an malartú sin go leictreonach, trí chóras TF díláraithe, comhdhéanta de chórais TF náisiúnta atá idirnasctha trí bhonneagar cumarsáide. Ba cheart córas TF díláraithe den sórt sin a bhunú trí ghníomhartha tarmligthe. Ba cheart úsáid a bhaint as modhanna malartacha i gcásanna ina gcuirfear isteach gan choinne agus ar bhealach eisceachtúil ar an gcóras TF.
• I gcás nach fios cad é seoladh an duine atá le seirbheáil. Bheadh ceanglas ar na Ballstáit cúnamh a thabhairt chun a fháil amach cá bhfuil an faighteoir, trí cheann amháin ar a laghad de thrí rogha mhalartacha.
• An oibleagáid ionadaí a cheapadh i mBallstát an fhóraim chun doiciméid a sheirbheáil. Glacann an togra leis na dlíthe agus na cleachtais atá ann cheana i roinnt Ballstát, ar dá réir sin is féidir ceanglas a chur ar pháirtithe eachtracha in imeachtaí ionadaí a cheapadh chun doiciméid bhreithiúnacha a sheirbheáil orthu i mBallstát an fhóraim, tar éis do dhoiciméad lena dtionscnaítear na himeachtaí a bheith seirbheáilte orthu.
• An ceart doiciméad a dhiúltú. Tugtar soiléiriú sa togra ar an nós imeachta trínar féidir le seolaí diúltú glacadh leis an doiciméad mura bhfuil sé dréachtaithe i dteanga iomchuí a thuigeann sé nó sí nó aistrithe go dtí an teanga sin. Is í coicís an teorainn ama atá socraithe chun doiciméad a dhiúltú.
• Modhanna díreacha malartacha chun doiciméid a sheirbheáil. Tugtar seirbheáil leictreonach doiciméad isteach faoin Rialachán mar mhodh malartach seirbheála. Áirítear le modhanna malartacha seirbheála freisin, inter alia, seirbheáil tríd an bpost agus seirbheáil dhíreach trí oifigigh bhreithiúnacha, feidhmeannaigh nó daoine inniúla eile sa Bhallstát lena mbaineann. Maidir leis an tseirbheáil tríd an bpost, tugtar isteach duillín fillte agus déantar coincheap na ‘bhfaighteoirí ionaid’ a shoiléiriú. I dtaca le seirbheáil dhíreach, bheadh cead ag gníomhaireachtaí tarchuir agus ag cúirteanna a gcuirfear na himeachtaí os a gcomhair úsáid a bhaint as an modh sin, modh a mbeadh feidhm aige ar chríoch gach Ballstáit.
• Nuair nach dtagann an cosantóir i láthair. Ceanglófar ar an gcúirt a bhfuil na himeachtaí curtha os a comhair teachtaireacht foláirimh faoi thionscnamh na n-imeachtaí nó faoin mbreithiúnas mainneachtana a sheoladh chuig an gcosantóir in absentia trí na bealaí cumarsáide uile a bheidh ar fáil. Is é dhá bhliain ó eisiúint an bhreithiúnais mhainneachtana an tréimhse chomhchuibhithe agus shocraithe ina mbeidh an t-athbhreithniú urghnách ar fáil.
Cur chuige an Rapóirtéara agus na príomhathruithe a mholtar
Tacaíonn an Rapóirtéir le haidhm an togra feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar luas mhalartú agus sheirbheáil trasteorann na ndoiciméad breithiúnach agus seachbhreithiúnach. Ba cheart go mbeadh ról tábhachtach ina leith sin ag nósanna imeachta leictreonacha. Ag an am céanna, is gá a chinntiú go dtabharfar cosaint do chearta na bpáirtithe agus, i gcás aon nós imeachta a thabharfar isteach, go malartófar doiciméid ar bhealach rianúil agus iontaofa, mar aon le hardchaighdeáin slándála, inrochtaineacht agus cosaint an phríobháideachais agus sonraí pearsanta a chinntiú.
Go ginearálta, is díol sásaimh iad na soiléirithe atá molta ag an Coimisiún maidir le Rialachán (CE) 2007/1393, ós rud é go gcuirfidh siad teorainn leis an éiginnteacht dhlíthiúil agus an ilroinnt maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin.
Tacaíonn an Rapóirtéir leis an moladh go dtabharfaí malartú leictreonach doiciméad isteach idir gníomhaireachtaí tarchuir, gníomhaireachtaí fála agus comhlachtaí lárnacha trí chóras TF díláraithe a bhunú a bheadh comhdhéanta de chórais TF náisiúnta a bheadh idirnasctha trí bhonneagar cumarsáide slán agus iontaofa. Ba cheart an córas sin a bheith bunaithe ar e-CODEX agus ba cheart a mhodhanna feidhmíochta a shainiú trí ghníomhartha tarmligthe. Leis an gcóras IT díláraithe, ba cheart go ndéanfaí ardchaighdeáin slándála agus cosanta príobháideachais agus sonraí pearsanta a chinntiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir (CE) 2002/58.
Tacaíonn na Rapóirtéir freisin leis an moladh go dtabharfaí seirbheáil leictreonach isteach mar mhodh malartach seirbheála. Chun cearta an chosantóra a chosaint, áfach, is gá a chinntiú go nglacfaidh an seolaí leis go bhfuil an modh sin seirbheála agus na modhanna teicniúla a úsáidfear chun doiciméid a mhalartú éifeachtach agus go gcinnteofar leo, inter alia, ardleibhéal slándála, inrochtaineacht, príobháideachas agus cosaint sonraí pearsanta.
Measann an Rapóirtéir gur cheart an deis a thabhairt do pháirtithe a bhfuil sainchónaí orthu i mBallstát eile ionadaí a cheapadh sa Bhallstát ina bhfuil na himeachtaí ar siúl, ar mhaithe le doiciméid a sheirbheáil orthu. Níor cheart, áfach, go mbeadh an méid sin ina oibleagáid ar na páirtithe, mar gheall ar na costais bhreise a chuirfeadh sé orthu agus ar an ábhar go bhfuil modhanna malartacha seirbheála ar féidir brath orthu ar fáil. In aon chás, ba cheart na bearta sa Rialachán seo a bheith gan dochar do cheanglais an Aontais agus do na ceanglais náisiúnta lena bhforchuirtear oibleagáid ar pháirtithe a bhfuil sainchónaí orthu i mBallstát eile ionadaí a cheapadh i mBallstát an fhóraim chun críocha eile seachas doiciméid a sheirbheáil faoin Rialachán seo.
Chun rochtain ar an gceartas a chinntiú, bunaítear le Rialachán (CE) 2007/1393 teorainneacha maidir leis na híocaíochtaí a fhéadfaidh na Ballstáit a fhorchur ar iarratasóirí as dul i muinín oifigigh bhreithiúnaigh nó duine atá inniúil i ndoiciméid a sheirbheáil nó as modh áirithe seirbheála a úsáid. D’fhéadfadh éagsúlacht shuntasach a bheith ann idir na Ballstáit maidir le costais, ar féidir iad a bheith os cionn EUR 100 ar sheirbheáil dhíreach i gcásanna áirithe. Tá an Rapóirtéir den tuairim nár cheart na costais a bheith iomarcach ná ina n-ualach rómhór ar iarratasóirí, ós rud é go bhféadfadh sé sin teorainn a chur le húsáid modhanna malartacha seirbheála agus difear diúltach a dhéanamh do rochtain ar an gceartas. Chun rochtain ar an gceartas a chinntiú, bunaítear le Rialachán (CE) 2007/1393 teorainneacha maidir leis na híocaíochtaí a fhéadfaidh na Ballstáit a fhorchur ar iarratasóirí as dul i muinín oifigigh bhreithiúnaigh nó duine atá inniúil i ndoiciméid a sheirbheáil nó as modh áirithe seirbheála a úsáid.
Tá sé úsáideach nuashonrú a dhéanamh ar fhorálacha Rialachán (CE) 2007/1393 maidir le cosanta an phríobháideachais agus sonraí pearsanta, i bhfianaise na bhforbairtí a rinneadh le déanaí ar dhlí an Aontais sa réimse sin agus, go háirithe, fhormheas Rialachán (AE) 2016/679.
Tá sé beartaithe ag an Rapóirtéir spriocdhátaí sonracha áirithe a chur isteach in Airteagal 6 chun a chinntiú go mbeidh tarchur na ndoiciméad agus an chumarsáid idir gníomhaireachtaí tarchuir, gníomhaireachtaí fála agus comhlachtaí lárnacha furasta agus éifeachtach. Braitheann na spriocdhátaí sin ar tharchur leictreonach na ndoiciméad agus ar an gcumarsáid leictreonach. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, nach mbeifí ag súil leis go mbeadh feidhm acu i gcás ina ndéanfaí tarchur trí mhodhanna malartacha mar gheall ar chur isteach gan choinne agus eisceachtúil ar an gcóras TF díláraithe.
Cuirtear soiléirithe agus mionathruithe isteach in Airteagal 8, i ndáil leis an nós imeachta maidir leis an gceart diúltú glacadh le doiciméad mura bhfuil sé dréachtaithe i dteanga iomchuí ná aistrithe go teanga iomchuí, agus in Airteagal 19, i ndáil leis na coinníollacha maidir le breithiúnais mhainneachtana agus na coimircí do na cosantóirí sna cásanna sin.
NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
Teideal |
Doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó in ábhair thráchtála (seirbheáil doiciméad) |
||||
Tagairtí |
COM(2018)0379 – C8-0243/2018 – 2018/0204(COD) |
||||
Dáta tíolactha chun PE |
31.5.2018 |
|
|
|
|
An Coiste freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
JURI 10.9.2018 |
|
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Sergio Gaetano Cofferati 24.9.2018 |
|
|
|
|
Pléite sa choiste |
20.11.2018 |
|
|
|
|
Dáta an ghlactha |
10.12.2018 |
|
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
18 0 0 |
|||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Joëlle Bergeron, Jean-Marie Cavada, Kostas Chrysogonos, Mady Delvaux, Mary Honeyball, Sajjad Karim, Sylvia-Yvonne Kaufmann, António Marinho e Pinto, Julia Reda, Evelyn Regner, Pavel Svoboda, Axel Voss, Francis Zammit Dimech, Tadeusz Zwiefka |
||||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Sergio Gaetano Cofferati, Luis de Grandes Pascual, Tiemo Wölken, Kosma Złotowski |
||||
Dáta don chur síos |
8.1.2019 |
||||
TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE FREAGRACH
18 |
+ |
|
ALDE |
Jean-Marie Cavada, António Marinho e Pinto |
|
ECR |
Kosma Złotowski |
|
EFDD |
Joëlle Bergeron |
|
GUE/NGL |
Kostas Chrysogonos |
|
PPE |
Daniel Buda, Luis de Grandes Pascual, Pavel Svoboda, Axel Voss, Francis Zammit Dimech, Tadeusz Zwiefka |
|
S&D |
Sergio Gaetano Cofferati, Mady Delvaux, Mary Honeyball, Sylvia-Yvonne Kaufmann, Evelyn Regner, Tiemo Wölken |
|
VERTS/ALE |
Julia Reda |
|
0 |
- |
|
|
|
|
0 |
0 |
|
|
|
|
Eochair na siombailí:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh