Tuarascáil - A8-0071/2019Tuarascáil
A8-0071/2019

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle trí Údarú Ginearálta Onnmhairithe ón Aontas a dheonú i gcomhair onnmhairiú earraí dé-úsáide áirithe ón Aontas chuig Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Tuaisceart Éireann

8.2.2019 - (COM(2018)0891 – C8‑0513/2018 – 2018/0435(COD)) - ***I

An Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta
Rapóirtéir: Klaus Buchner
(Nós imeachta simplithe – Riail 50(1) de na Rialacha Nós Imeachta)


Nós Imeachta : 2018/0435(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A8-0071/2019
Téacsanna arna gcur síos :
A8-0071/2019
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle trí Údarú Ginearálta Onnmhairithe ón Aontas a dheonú i gcomhair onnmhairiú earraí dé-úsáide áirithe ón Aontas chuig Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

(COM(20180)0891 – C8‑0513/2018 – 2018/0435(COD))

(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0891),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0513/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A8-0071/2019),

1.  Ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh, lena nglacann sí ceannas ar thogra an Choimisiúin;

2.  Á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  Á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ EACHTRACHA

Tag.: D(2019)4005

An tUas. Bernd Lange

Cathaoirleach

An Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta

Ábhar:  Tuairim maidir leis an tuarascáil ar Údarú Ginearálta Onnmhairithe ón Aontas i gcomhair onnmhairiú earraí dé-úsáide áirithe ón Aontas chuig Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (2018/0435(COD))

A Chathaoirligh,

Faoin nós imeachta dá dtagraítear thuas, iarradh ar an gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha tuairim a thíolacadh chuig do choiste. An 24 Eanáir 2019, chinn ár gcoiste an tuairim a sheoladh i bhfoirm litreach.

Chinn an Coiste um Ghnóthaí Eachtracha a iarraidh ar an gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin.

“A. De bhrí, i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ó AE, go bhfuil cúig thogra reachtach glactha ag an gCoimisiún chun déileáil leis an gcás go n-imeodh an Ríocht Aontaithe gan mhargadh. Tá na bearta atá molta sonrach, teoranta agus spriocdhírithe ar leigheas a fháil ar an tionchar diúltach a bheadh ag tarraingt siar ainrialta nó ar oiriúnú riachtanach na reachtaíochta a chumasú. Mar a thug Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí (CCC) ar aird níos túisce an mhí seo, ba cheart do PE a áirithú go ndéantar an reachtaíocht ábhartha a ghlacadh chomh sciobtha agus is féidir;

B. De bhrí go bhfuil Coiste AFET, faoi Rialacha 50 (3) agus 53 de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, le tuairim a thabhairt i dtaca leis an Tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (INTA) ar an rialachán atá beartaithe chun an Ríocht Aontaithe a chur leis an liosta de thíortha a bhfuil údarú ginearálta i gcomhair onnmhairiú earraí dé-úsáide bailí ina dtaobh ar fud AE;

C. De bhrí gurb é cuspóir aonair an rialacháin atá beartaithe ná Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle a leasú trí Údarú Ginearálta Onnmhairithe ón Aontas a dheonú i gcomhair onnmhairiú earraí dé-úsáide áirithe ón Aontas chuig Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, trí bhíthin dhá leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn IIa, Cuid 2 de Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle;

1. Molann Coiste AFET gan an rialachán atá beartaithe [2018/0435(COD)] a mhodhnú (i.e. aontú leis an togra ón gCoimisiún).”

Le dea-mhéin,

David McAllister  

AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH

Teideal

Údarú Ginearálta Onnmhairithe ón Aontas i gcomhair onnmhairiú earraí dé-úsáide áirithe ón Aontas chuig Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

Tagairtí

COM(2018)0891 – C8-0513/2018 – 2018/0435(COD)

Dáta tíolactha chun PE

20.12.2018

 

 

 

An Coiste Freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

INTA

14.1.2019

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

AFET

14.1.2019

 

 

 

Rapóirtéirí

       Dáta an cheapacháin

Klaus Buchner

23.1.2019

 

 

 

Nós imeachta simplithe - dáta an chinnidh

23.1.2019

Pléite sa choiste

4.2.2019

 

 

 

Dáta an ghlactha

4.2.2019

 

 

 

Dáta don chur síos

8.2.2019

An nuashonrú is déanaí: 27 Feabhra 2019
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais