Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
7ú téarma parlaiminteach - Nollaig 2009
PDF 1214k
CLÁR
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR

IARSCRÍBHINN XIV  : Creat-Chomhaontú maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún

Tá Parlaimint na hEorpa (1) agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach (dá ngairtear "an dá Institiúid" anseo ina dhiaidh seo),

-.    ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, (dá ngairtear "na Conarthaí" anseo ina dhiaidh seo),

-.    ag féachaint do na Comhaontuithe Idirinstitiúideacha agus do na téacsanna lena rialaítear an caidreamh idir an dá Institiúid,

-.    ag féachaint do Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte (2), agus go háirithe Riail 105, Riail 106 agus Riail 127 (3) chomh maith le hIarscríbhinn VIII,

A.    de bhrí go neartaíonn na Conarthaí dlisteanacht dhaonlathach phróiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh,

B.    de bhrí go measann an dá Institiúid go bhfuil sé fíorthábhacht go ndéanfar dlí an Chomhphobail a thrasuí agus a chur chun feidhme go héifeachtach,

C.    de bhrí nach ndéanann an Creat-Chomhaontú seo difear do chumhachtaí ná do shainchumais na Parlaiminte, an Choimisiúin nó aon institiúide nó orgáin eile de chuid an Aontais Eorpaigh ach go bhféachann sé lena chinntiú go bhfeidhmítear na cumhachtaí agus na sainchumais sin chomh héifeachtach agus is féidir,

D.    de bhrí gur cuí an Creat-Chomhaontú a tugadh i gcrích i mí Iúil 2000 (4) a uasdátú agus an téacs seo a leanas a chur ina ionad,

tar éis a chomhaontú mar a leanas:

I. RAON FEIDHME

1.    Comhaontaíonn an dá Institiúid na bearta seo a leanas chun freagracht pholaitiúil agus dlisteanacht an Choimisiúin a neartú, chun comhagallamh cuiditheach a leathnú, chun sreabhadh faisnéise idir an dá Institiúid a fheabhsú agus chun comhordú na nósanna imeachta agus na pleanála a fheabhsú.

Déanann siad bearta sonracha cur chun feidhme maidir le cur ar aghaidh doiciméad agus faisnéise rúnda de chuid an Choimisiúin, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn 1, agus maidir le tráthchlár le haghaidh chlár reachtach agus oibre an Choimisiúin, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn 2, a chomhaontú freisin.

II. FREAGRACHT PHOLAITIÚIL

2.    Glacfaidh gach Comhalta den Choimisiún freagracht pholaitiúil as gníomhaíocht sa réimse a bhfuil sé nó sí féin i gceannas air, ach sin gan dochar do phrionsabal choláisteacht an Choimisiúin.

Beidh Uachtarán an Choimisiúin freagrach go hiomlán as aon choimhlint leasa a shainaithint a d'fhágfadh nach mbeadh ar chumas Comhalta den Choimisiún a chuid dualgas nó a cuid dualgas a chomhlíonadh.

Beidh Uachtarán an Choimisiúin freagrach freisin as aon ghníomhaíocht a ghlactar ina dhiaidh sin in imthosca den sórt sin; má dhéantar cás aonair a ath-leithdháileadh, cuirfidh an tUachtarán an méid sin in iúl d'Uachtarán na Parlaiminte láithreach agus i scríbhinn.

3.    Má chinneann an Pharlaimint mímhuinín a léiriú i gComhalta den Choimisiún, déanfaidh Uachtarán an Choimisiúin, tar éis an cinneadh sin a bhreithniú go dúthrachtach, a iarraidh ar an gComhalta sin éirí as oifig nó míneoidh sé nó sí a chinntí nó a cinntí don Pharlaimint.

4.    I gcás inar gá socrú a dhéanamh chun duine eile a chur in ionad Comhalta den Choimisiún le linn a théarma nó a téarma oifige de bhun Airteagal 215 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, déanfaidh Uachtarán an Choimisiúin teagmháil láithreach le hUachtarán na Parlaiminte chun teacht ar chomhaontú faoin tslí ina mbeartaíonn Uachtarán an Choimisiúin a áirithiú go ndéanfar an té a bheidh ina Chomhalta nó ina Comhalta feasta a thíolacadh don Pharlaimint gan mhoill agus i gcomhlíonadh iomlán shainchumais na nInstitiúidí.

Cinnteoidh an Pharlaimint go seolfar a cuid nósanna imeachta leis an oiread dithnis is féidir, ionas go bhféadfar seasamh na Parlaiminte a chur in iúl d’Uachtarán an Choimisiúin in am trátha sula n-iarrtar ar an gComhalta dualgais a fheidhmiú mar ionadaí de an Choimisiúin.

5.    Tabharfaidh Uachtarán an Choimisiúin fógra láithreach don Pharlaimint faoi aon chinneadh a bhaineann le leithdháileadh freagrachtaí ar Chomhalta den Choimisiún. Más rud é go n-athraítear freagrachtaí Comhalta den Choimisiún go suntasach, láithreoidh an Comhalta sin os comhair an choiste pharlaimintigh iomchuí arna iarraidh sin don Pharlaimint.

6.    Déanfar aon athruithe ar na forálacha den Chód Iompair do Chomhaltaí an Choimisiúin a bhaineann le coimhlint leasa nó iompraíocht eitice a chur chuig an bParlaimint láithreach.

Beidh aird ag an gCoimisiún ar na tuairimí a léireoidh an Pharlaimint ina leith sin.

7.    I gcomhréir le Riail 106 dá Rialacha Nós Imeachta, déanfaidh an tUachtarán teagmháil le hUachtarán toghaí an Choimisiúin in am trátha roimh thús na nósanna imeachta i ndáil le formheas an Choimisiúin nua. Beidh aird ag an bParlaimint ar na nithe a deir an tUachtarán tofa.

Beidh na nósanna imeachta leagtha amach ar shlí a chinnteoidh go ndéanfar an Coimisiún toghaí go léir a mheasúnú i modh oscailte, cothrom agus comhchuí.

Cinnteoidh Comhaltaí an Choimisiúin thoghaí go ndéanfar an fhaisnéis ábhartha go léir a nochtadh go hiomlán, i gcomhréir leis an oibleagáid neamhspleáchais atá leagtha síos in Airteagal 213 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

III. COMHAGALLAMH CUIDITHEACH AGUS SREABHADH FAISNÉISE

(i) Forálacha ginearálta

8.    Coimeádfaidh an Coimisiún an Pharlaimint ar an eolas, go hiomlán agus go pras, faoina chuid tograí agus tionscnamh sa réimse reachtach agus sa réimse buiséadach.

Sna réimsí go léir ina ngníomhaíonn an Pharlaimint i gcáil reachtach, nó mar bhrainse den údarás buiséadach, cuirfear ar an eolas í, díreach mar a dhéantar i gcás na Comhairle, ag gach céim den phróiseas reachtach agus buiséadach.

9.    I réimse an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála, i réimse an chomhair póilíneachta agus i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, déanfaidh an Coimisiún bearta chun feabhas a chur ar rannpháirtíocht na Parlaiminte ar shlí a chuirfidh tuairimí na Parlaiminte san áireamh a mhéid is féidir.

10.    Buailfidh Uachtarán an Choimisiúin, agus/nó an Leas-Uachtarán atá freagrach as caidreamh idir-institiúideach, le Comhdháil na nUachtarán gach trí mhí chun comhagallamh rialta idir an dá Institiúid ar an leibhéal is airde a chinntiú. Freastalóidh Uachtarán an Choimisiúin ar chruinnithe de chuid Chomhdháil na nUachtarán dhá uair ar a laghad in aghaidh na bliana.

11.    Cinnteoidh gach Comhalta den Choimisiún go bhfuil sreabhadh rialta agus díreach faisnéise ann idir an Comhalta den Choimisiún agus cathaoirleach an choiste pharlaimintigh ábhartha.

12.    Ní dhéanfaidh an Coimisiún aon togra reachtach, nó aon tionscnamh nó cinneadh suntasach, a chur ar fáil go poiblí gan fógra maidir leis an méid sin a thabhairt don Pharlaimint i scríbhinn.

Ar bhonn chlár reachtach agus oibre an Choimisiúin agus an chláir ilbhliantúil, déanfaidh an dá Institiúid, trí chomhaontú comhchoiteann, na tograí agus na tionscnaimh lena ngabhann tábhacht ar leith a shainaithint roimh ré d'fhonn iad a thíolacadh ag suí iomlánach den Pharlaimint.

Ar an gcaoi chéanna, sainaithneoidh siad na tograí agus na tionscnaimh sin a mbeidh faisnéis le soláthar ina leith os comhair Chomhdháil na nUachtarán nó a bheidh le cur in iúl, ar mhodh cuí, don choiste parlaiminteach ábhartha nó dá chathaoirleach.

Glacfar na cinntí sin faoi chuimsiú an chomhagallaimh rialta idir an dá Institiúid, de réir mar a fhoráiltear i bpointe 10, agus uasdátófar iad ar bhonn rialta, agus aird chuí á tabhairt ar aon fhorbairtí polaitiúla.

13.    Más rud é go ndéantar doiciméad inmheánach Coimisiúin – nach bhfuil an Pharlaimint curtha ar an eolas ina thaobh de bhun phointe 8, phointe 9 agus phointe 12 – a scaipeadh lasmuigh de na hInstitiúidí, féadfaidh Uachtarán na Parlaiminte a iarraidh go gcuirfear an doiciméad lena mbaineann ar aghaidh chuig an bParlaimint gan mhoill, chun é a chur ar fáil d'aon Fheisire Parlaiminte a iarrann é.

14.    Soláthróidh an Coimisiún faisnéis rialta i scríbhinn ar ghníomhaíocht a ghlactar mar fhreagra ar iarrataí sonracha a dhírítear air i rúin ón bParlaimint, lena n-áirítear i gcásanna nach rabhthas in ann dearcadh na Parlaiminte a leanúint.

Maidir leis an nós imeachta urscaoilte, beidh feidhm ag na forálacha sonracha atá leagtha síos i bpointe 26.

Beidh aird ag an gCoimisiún ar aon iarrataí a dhéanann an Pharlaimint ar an gCoimisiún, de bhun Airteagal 192 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, chun tograí reachtacha a thíolacadh agus tabharfaidh sé freagra pras agus sách mionsonraithe air sin.

Arna iarraidh sin don Pharlaimint nó don Choimisiún, tabharfar faisnéis ar an obair leantach ar iarrataí suntasacha na Parlaiminte freisin os comhair an choiste pharlaiminitigh ábhartha agus, más gá, ag suí iomlánach den Pharlaimint.

15.    I gcás ina dtíolacann Ballstát tionscnamh reachtach de bhun Airteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, cuirfidh an Coimisiún, má iarrtar air amhlaidh, a sheasamh ar an tionscnamh in iúl don Pharlaimint os comhair an choiste pharlaimintigh ábhartha.

16.    Déanfaidh an Coimisiún an liosta grúpaí saineolaithe a chuirtear ar bun chun cabhrú leis an gCoimisiún i bhfeidhmiú a cheart tionscnaimh a chur in iúl don Pharlaimint. Déanfar an liosta sin a uasdátú ar bhonn rialta agus cuirfear ar fáil go poiblí é.

Laistigh den chreat seo, déanfaidh an Coimisiún, ar iarraidh shonrach réasúnaithe a fháil ó chathaoirleach an choiste pharlaimintigh inniúil, an coiste sin a chur ar an eolas, i modh cuí, faoi ghníomhaíochtaí agus faoi chomhdhéanamh na ngrúpaí sin.

17.    Beidh comhagallamh cuiditheach ann idir an dá Institiúid, trí na sásraí cuí, ar comhagallamh é a bhainfidh le ceisteanna maidir le cúrsaí tábhachtacha riaracháin, go háirithe saincheisteanna a bhfuil impleachtaí díreacha acu ar riarachán na Parlaiminte féin.

18.    I gcás ina n-agraítear rúndacht maidir le haon chuid den fhaisnéis a chuirtear ar aghaidh de bhun an Chreat-Chomhaontaithe seo, déanfar na forálacha atá leagtha síos in Iarscríbhinn 1 a chur i bhfeidhm.

(ii) Caidreamh seachtrach, méadú agus comhaontuithe idirnáisiúnta

19.    Maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear comhaontuithe trádála, tabharfaidh an Coimisiún faisnéis luath agus faisnéis shoiléir don Pharlaimint le linn chéim ullmhaithe na gcomhaontuithe agus le linn caibidlíochtaí idirnáisiúnta a bheith á seoladh agus á dtabhairt chun críche. Clúdaíonn an fhaisnéis sin na dréacht-treoracha caibidlíochta, na treoracha caibidlíochta arna nglacadh, seoladh na gcaibidlíochtaí ina dhiaidh sin agus tabhairt chun críche na gcaibidlíochtaí.

Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a sholáthar don Pharlaimint sách luath chun go mbeidh ar a cumas a tuairim a thabhairt más cuí, agus chun go mbeidh ar chumas an Choimisiúin tuairimí na Parlaiminte a chur san áireamh a mhéid is féidir. Soláthrófar an fhaisnéis sin trí na coistí parlaiminteacha ábhartha agus, más cuí, ag suí iomlánach.

Geallann an Pharlaimint, óna taobh féin de, nósanna imeachta agus coimircí a bhunú maidir le rúndacht, i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn 1.

20.     Déanfaidh an Coimisiún na bearta is gá lena chinntiú go gcuirtear an Pharlaimint ar an eolas láithreach agus go hiomlán faoi na nithe seo a leanas:

    (i) cinntí a bhaineann le comhaontuithe a chur i bhfeidhm go sealadach nó a fhionraí; agus

    (ii) seasamh an Chomhphobail i gcomhlacht arna bhunú le comhaontú.

21.    I gcás ina ndéanann an Coimisiún ionadaíocht ar an gComhphobal Eorpach, éascóidh sé, arna iarraidh sin don Pharlaimint, Feisirí de chuid na Parlaiminte a chur san áireamh mar bhreathnadóirí i dtoscaireachtaí Comhphobail a dhéanann caibidlíocht maidir le comhaontuithe iltaobhacha. Ní fhéadfaidh Feisirí de chuid na Parlaiminte páirt dhíreach a ghlacadh sna seisiúin chaibidlíochta.

Geallann an Coimisiún go ndéanfaidh sé Feisirí de chuid na Parlaiminte a ghlacann páirt mar bhreathnadóirí i dtoscaireachtaí Comhphobail a dhéanann caibidlíochta maidir le comhaontuithe iltaobhacha a choimeád ar an eolas go córasach.

22.    Sula ndéantar aon ghealltáin airgeadais ag comhdhálacha deontóirí, ar gealltáin iad a bhfuil gealltanais nua airgeadais le tuiscint ina leith agus a n-éilítear comhaontú ón údarás buiséadach maidir leo, cuirfidh an Coimisiún an t-údarás buiséadach ar an eolas agus scrúdóidh sé tuairimí an údaráis sin.

23.    Comhaontaíonn an dá Institiúid comhoibriú a dhéanamh lena chéile i réimse na breathnadóireachta toghcháin. Comhoibreoidh an Coimisiún leis an bParlaimint chun an cúnamh is gá a thabhairt do thoscaireachtaí na Parlaiminte a ghlacann páirt i misin bhreathnadóireachta toghcháin de chuid an Chomhphobail.

24.    Coimeádfaidh an Coimisiún an Pharlaimint go hiomlán ar an eolas faoi dhul chun cinn caibidlíochtaí aontachais agus go háirithe faoi aon mhórghnéithe agus mórfhorbairtí, ionas go mbeidh sí in ann a cuid tuairimí a thabhairt in am trátha trí na nósanna imeachta parlaiminteacha cuí.

25.    Nuair a ghlacann an Pharlaimint moladh ar nithe dá dtagraítear i bpointe 24, de bhun Riail 89 dá cuid Rialacha Nós Imeachta, agus nuair a chinneann an Coimisiún, ar chúiseanna tábhachtacha, nach féidir leis tacú le moladh den sórt sin, míneoidh sé na cúiseanna os comhair na Parlaiminte, ag suí iomlánach nó ag an gcéad chruinniú eile den choiste parlaiminteach ábhartha.

(iii) Cur chun feidhme buiséadach

26.    Maidir leis an urscaoileadh bliantúil a rialaítear le hAirteagal 276 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis go léir is gá chun maoirsiú a dhéanamh ar chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain i dtrácht a chur ar aghaidh, arna iarraidh sin air chun na críche sin ag cathaoirleach an choiste pharlaimintigh atá freagrach as an nós imeachta urscaoilte de bhun Iarscríbhinn VII de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte.

Má thagann gnéithe nua chun solais maidir le blianta roimhe sin ar tugadh urscaoileadh ina leith cheana, cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis riachtanach go léir ar an ábhar ar aghaidh d’fhonn teacht ar réiteach atá inghlactha ag an dá thaobh.

IV. COMHOIBRIÚ MAIDIR LEIS NA NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA AGUS MAIDIR LE PLEANÁIL

(i) Cláir pholaitíochta agus reachtacha an Choimisiúin agus leagan amach chlár ilbhliantúil an Aontais Eorpaigh

27.    Tíolacfaidh an Coimisiún tograí i gcomhair leagan amach chlár ilbhliantúil an Aontais Eorpaigh, d'fhonn comhaontú a fháil ar leagan amach cláir idirinstitiúidigh idir na hInstitiúidí lena mbaineann.

28.    Tíolacfaidh Coimisiún nua a chlár polaitíochta agus reachtach chomh luath agus is féidir.

29.    Nuair a ullmhóidh an Coimisiún a chlár reachtach agus oibre, comhoibreoidh an dá Institiúid lena chéile i gcomhréir leis an tráthchlár atá leagtha amach in Aguisín 2.

Beidh aird ag an gCoimisiún ar na tosaíochtaí a léireoidh an Pharlaimint.

Tabharfaidh an Coimisiún dóthain mionsonraí i dtaobh cad a shamhlaítear a bheidh i gceist faoi gach pointe sa chlár reachtach agus oibre.

30.    Geallann Leas-Uachtarán an Choimisiúin atá freagrach as an gcaidreamh idirinstitiúideach go dtuairisceoidh sé do Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí gach trí mhí, trí achoimre a thabhairt ar fheidhmiú polaitiúil an chláir reachtaigh agus oibre don bhliain i dtrácht mar aon le haon uasdátú is gá a dhéanamh mar gheall ar imeachtaí polaitiúla ar imeachtaí topaiciúla tábhachtacha iad.

(ii) Nósanna imeachta reachtacha ginearálta

31.    Geallann an Coimisiún na leasuithe ar a chuid tograí reachtacha arna nglacadh ag an bParlaimint a scrúdú go cúramach, d'fhonn iad a chur san áireamh in aon togra leasaithe.

Nuair atá a thuairim á thabhairt ag an gCoimisiún ar leasuithe na Parlaiminte faoi Airteagal 251 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, geallann sé an aird is mó is féidir a thabhairt ar na leasuithe arna nglacadh ag an dara léamh; más rud é go gcinneann sé, ar chúiseanna tábhachtacha agus tar éis don Choláiste an t-ábhar a bhreithniú, gan na leasuithe sin a ghlacadh nó gan tacú leo, míneoidh sé a chinneadh os comhair na Parlaiminte, agus ar aon chuma ina thuairim ar leasuithe na Parlaiminte de bhua phointe (c) den tríú fomhír d'Airteagal 251(2).

32.    Tabharfaidh an Coimisiún fógra roimh ré don Pharlaimint agus don Chomhairle sula dtarraingeoidh sé siar a chuid tograí.

33.     Maidir le nósanna imeachta reachtacha nach gá comhchinnteoireacht ina leith, déanfaidh an Coimisiún mar a leanas:

    (i) Áiritheoidh sé go meabhraítear in am trátha do chomhlachtaí na Comhairle gan teacht ar chomhaontú polaitiúil ar a chuid tograí sula mbeidh a tuairim glactha ag an bParlaimint. Iarrfaidh sé go ndéanfar an plé a thabhairt chun críche ag leibhéal aireachta tar éis tréimhse réasúnach ama a bheith tugtha do chomhaltaí na Comhairle chun tuairim na Parlaiminte a scrúdú;

    (ii) áiritheoidh sé go gcloíonn an Chomhairle leis na rialacha arna bhforbairt ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach, ar rialacha iad lena gceanglaítear go rachfar i gcomhairle athuair leis an bParlaimint i gcás ina leasaíonn an Chomhairle togra ón gCoimisiún go substaintiúil. Déanfaidh an Coimisiún aon mheabhrúchán don Chomhairle maidir leis an ngá le dul i gcomhairle athuair a chur in iúl don Pharlaimint;

    (iii) geallann sé, más cuí, togra reachtach ar dhiúltaigh an Pharlaimint dó a tharraingt siar. Más rud é, ar chúiseanna tábhachtacha agus tar éis don Choláiste an t-ábhar a bhreithniú, go gcinneann an Coimisiún a thogra a choimeád ar marthain, míneoidh sé na cúiseanna leis an gcinneadh sin i ráiteas os comhair na Parlaiminte.

34.     Óna taobh féin de, chun an phleanáil reachtach a fheabhsú, geallann an Pharlaimint:

    (i) na ranna reachtacha dá cláir oibre a phleanáil, á dtabhairt i gcomhréir leis an gclár reachtach reatha agus leis na rúin atá glactha aici ar an gclár sin;

    (ii) spriocamanna réasúnacha a chomhlíonadh, a mhéid atá fónta don nós imeachta, le linn a tuairim a ghlacadh ag an gcéad léamh faoi na nósanna imeachta um chomhar agus comhchinnteoireacht agus faoin nós imeachta um chomhairliúchán;

    (iii) a luaithe a ghlactar an clár reachtach, rapóirtéirí a cheapadh ar thograí atá le bheith ann, a mhéid is féidir sin;

    (iv) iarrataí ar athchomhairliúchán a bhreithniú mar ábhar fíorthosaíochta ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis riachtanach go léir curtha ar aghaidh chuici.

(iii) Sainchumhachtaí reachtacha agus cur chun feidhme an Choimisiúin

35.    Tabharfaidh an Coimisiún faisnéis iomlán agus faisnéis thráthúil don Pharlaimint maidir leis na gníomhartha a ghlacann sé agus a thagann faoi réim raon feidhme a chuid cumhachtaí reachtacha féin.

Déanfar cur chun feidhme Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (5) a rialú leis an gComhaontú idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún (6) maidir leis na nósanna imeachta chun an cinneadh sin a chur chun feidhme.

Maidir leis na bearta cur chun feidhme a bhaineann leis an earnáil urrús, bhaincéireachta agus árachais, daingníonn an Coimisiún na gealltanais a thug sé ag suí iomlánach an 5 Feabhra 2002 agus a athdhearbhaíodh an 31 Márta 2004. Go háirithe, geallann an Coimisiún go dtabharfar an aird is mó agus is féidir ar sheasamh na Parlaiminte agus ar aon rúin a ghlacfaidh sí i ndáil le bearta cur chun feidhme a théann thar na cumhachtaí cur chun feidhme dá bhforáiltear san ionstraim bhunúsach; i gcásanna den sórt sin, féachfaidh sé le teacht ar réiteach cothromaithe.

(iv) Faireachán ar chur i bhfeidhm dhlí an Chomhphobail

36.    De bhreis ar thuarascálacha sonracha agus ar an tuarascáil bhliantúil maidir le cur i bhfeidhm dhlí an Chomhphobail, déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin don choiste freagrach parlaiminteach, an Pharlaimint a choimeád ar an eolas ó bhéal faoin gcéim atá sroichte sa nós imeachta amhail ón gcéim nuair a sheoltar an tuairim réasúnaithe agus, i gcás nósanna imeachta a bheith tionscanta mar gheall ar mhainneachtain na bearta lena gcuirtear treoir chun feidhme a chur in iúl, nó mainneachtain breithiúnas de chuid na Cúirte Breithiúnais a chomhlíonadh, amhail ó chéim an fhógra fhoirmiúil.

V. RANNPHÁIRTÍOCHT AN CHOIMISIÚIN IN IMEACHTAÍ NA PARLAIMINTE

37.    Féachfaidh an Pharlaimint lena chinntiú, mar riail ghinearálta, go ndéanfar nithe a thagann faoi fhreagracht Comhalta áirithe den Choimisiún a ghrúpáil le chéile.

Féachfaidh an Coimisiún lena chinntiú, mar riail ghinearálta, go mbeidh Comhaltaí den Choimisiún i láthair ag suíonna iomlánacha le haghaidh míreanna den chlár oibre a thagann faoina bhfreagracht, aon uair a iarrann an Pharlaimint amhlaidh.

38.    D'fhonn a chinntiú go mbeidh Comhaltaí an Choimisiúin i láthair, geallann an Pharlaimint a dícheall a dhéanamh gan athruithe a dhéanamh ar na dréachtaí críochnaitheacha dá clár oibre.

I gcás ina leasaíonn an Pharlaimint an dréacht críochnaitheach dá clár oibre, nó i gcás ina n-aistríonn sí ionad míreanna sa chlár oibre laistigh de pháirtseisiún, cuirfidh an Pharlaimint an méid sin in iúl don Choimisiún láithreach. Déanfaidh an Coimisiún gach iarracht chun a chinntiú go mbeidh an Comhalta den Choimisiún atá freagrach i láthair.

39.    Féadfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná cruinniú Chomhdháil na nUachtarán a chinneann an dréacht críochnaitheach de chlár oibre páirtseisiúin, a mholadh go gcuirfear míreanna áirithe san áireamh sa chlár oibre. Tabharfaidh an Pharlaimint lánaird ar mholtaí den sórt sin.

40.    Mar riail ghinearálta, beidh an Comhalta den Choimisiún atá freagrach as mír a bheidh á breithniú i gcoiste parlaiminteach i láthair ag an gcruinniú coiste ábhartha, nuair a iarrtar sin air nó uirthi.

Tabharfar éisteacht do Chomhaltaí den Choimisiún nuair a iarrann siad sin.

Féachfaidh coistí parlaiminteacha lena chinntiú nach ndéantar aon athrú ar na dréachtaí dá gcláir oibre ná ar a gcláir oibre.

Aon uair a leasaíonn coiste parlaiminteach an dréacht dá chlár oibre nó a chlár oibre, cuirfear an méid sin in iúl don Choimisiún láithreach.

I gcás nach n-éilítear go sonrach go mbeidh Comhalta den Choimisiún i láthair ag cruinniú de choiste parlaiminteach, cinnteoidh an Coimisiún go mbeidh oifigeach inniúil ar leibhéal cuí i láthair mar ionadaí thar a cheann.

VI. FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

41.    Geallann an dá Institiúid a gcomhoibriú i réimse na faisnéise agus na cumarsáide a athneartú.

42.    Déanfaidh an dá Institiúid cur chun feidhme an Chreat-Chomhaontaithe seo agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis a mheasúnú go tréimhsiúil agus, má iarrann ceann den dá Institiúid sin amhlaidh, déanfar breithniú i dtaobh iad a athbhreithniú, i bhfianaise na taithí praiticiúla.

43.    Déanfar athbhreithniú ar an gCreat-Chomhaontú seo tar éis theacht i bhfeidhm an Chonartha ag bunú Bunreachta don Eoraip.

Iarscríbhinn 1:   Faisnéis rúnda a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa

1. Raon Feidhme

1.1    Leis an Iarscríbhinn seo, déanfar rialú ar an tslí ina gcuirtear faisnéis rúnda ar aghaidh chuig an bParlaimint ón gCoimisiún agus ina láimhseáiltear an fhaisnéis sin, ar faisnéis í a bhaineann le feidhmiú na sainchumas parlaiminteach maidir leis na nósanna imeachta reachtacha agus buiséadacha, ar an nós imeachta le haghaidh urscaoileadh a thabhairt agus, i dtéarmaí ginearálta, ar feidhmiú chumhachtaí na Parlaiminte i ndáil le grinnscrúdú. Gníomhóidh an dá Institiúid i gcomhréir lena ndualgais fhrithpháirteacha i leith comhair dhílis, de mheon lán-iontaofachta frithpháirtí agus, go feadh an méid is mó is féidir, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de na Conarthaí, go háirithe Airteagal 6 agus Airteagal 46 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 276 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

1.2    Ciallóidh "faisnéis" aon fhaisnéis i scríbhinn nó ó bhéal, is cuma cén meán ina bhfuil sé agus cé hé nó cé hí an t-údar.

1.3    Cinnteoidh an Coimisiún go dtabharfar rochtain ar fhaisnéis don Pharlaimint, de réir fhorálacha na hIarscríbhinne seo, aon uair a fhaigheann sé iarraidh ó cheann de na comhlachtaí parlaiminteacha atá leagtha amach i bpointe 1.4, ar iarraidh í a bhaineann le faisnéis rúnda a chur ar aghaidh.

1.4    I gcomhthéacs na hIarscríbhinne seo, féadfaidh siad seo a leanas faisnéis rúnda a iarraidh ar an gCoimisiún: Uachtarán na Parlaiminte, cathaoirleach na gcoistí parlaiminteacha lena mbaineann, an Biúró agus Comhdháil na nUachtarán.

1.5    Beidh faisnéis ar nósanna imeachta i gcás sáraithe agus ar nósanna imeachta a bhaineann le hiomaíocht eisiata ón Iarscríbhinn seo, a mhéid nach bhfuil siad clúdaithe le cinneadh críochnaitheach ón gCoimisiún ar an dáta a bhfaightear an iarraidh ó cheann de na comhlachtaí parlaiminteacha.

1.6    Beidh feidhm ag na forálacha seo gan dochar do Chinneadh 95/167/CE, Euratom, CEGC ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 19 Aibreán 1995 maidir leis na forálacha mionsonraithe lena rialaítear feidhmiú cheart fiosrúcháin Pharlaimint na hEorpa (7) agus gan dochar do na forálacha ábhartha de Chinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún an 28 Aibreán 1999 lena mbunaítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (8).

2. Rialacha ginearálta

2.1    Ar iarraidh a fháil ó cheann de na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe 1.4, déanfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis rúnda a bhfuil gá léi maidir le feidhmiú chumhachtaí na Parlaiminte i ndáil le grinnscrúdú a chur ar aghaidh le gach dithneas cuí chuig an gcomhlacht sin. De réir a gcumhachtaí agus a bhfreagrachtaí faoi seach, urramóidh an dá Institiúid na nithe seo a leanas:

-    cearta bunúsacha an duine, lena n-áirítear an ceart ar thriail chothrom agus an ceart ar chosaint na príobháideachta;

-    forálacha lena rialaítear nósanna imeachta breithiúnacha agus araíonachta;

-    cosaint na rúndachta gnó agus an chaidrimh tráchtála;

-    cosaint leasanna an Aontais, go háirithe na leasanna sin a bhaineann le sábháilteacht an phobail, caidreamh idirnáisiúnta, cobhsaíocht airgeadaíochta agus leasanna airgeadais.

I gcás easaontais, tarchuirfear an t-ábhar chuig Uachtaráin an dá Institiúid ionas go bhféadfaidh siad an díospóid a réiteach. Ní dhéanfar faisnéis rúnda ó Stát, ó institiúid nó ó eagraíocht idirnáisiúnta a chur ar aghaidh ach amháin le toiliú ón Stát, ón institiúid nó ón eagraíocht lena mbaineann.

2.2    I gcás ina bhfuil aon amhras ann faoi chineál rúnda aon mhíre faisnéise, nó i gcás inar gá na socruithe cuí a leagan síos maidir leis an mír faisnéise sin a chur ar aghaidh i gcomhréir le ceann de na roghanna atá leagtha amach i bpointe 3.2, déanfaidh cathaoirleach an choiste pharlaimintigh lena mbaineann, agus an rapóirtéir, más gá sin, comhairle a ghlacadh gan mhoill leis an gComhalta den Choimisiún ar a bhfuil freagracht as an réimse sin. I gcás easaontais, tarchuirfear an t-ábhar chuig Uachtaráin an dá Institiúid ionas go bhféadfaidh siad an díospóid a réiteach.

2.3    Más rud é, ag deireadh an nós imeachta dá dtagraítear i bpointe 2.2, nach dtagtar ar aon chomhaontú, déanfaidh Uachtarán na Parlaiminte, mar fhreagra ar iarraidh réasúnaithe ón gcoiste parlaiminteach lena mbaineann, a iarraidh ar an gCoimisiún an fhaisnéis rúnda atá i dtrácht a chur ar aghaidh laistigh den spriocam a léireofar go cuí, agus roghnófar na socruithe as measc na roghanna atá leagtha síos i roinn 3 den Iarscríbhinn seo. Sula rachaidh an spriocam sin in éag, cuirfidh an Coimisiún a sheasamh críochnaitheach in iúl don Pharlaimint i scríbhinn, agus forchoimeádann an Pharlaimint an ceart, más cuí sin, chun a ceart a fheidhmiú maidir sásamh a lorg.

3. Socruithe maidir le rochtain ar fhaisnéis rúnda agus maidir le láimhseáil faisnéise rúnda

3.1    Déanfar faisnéis rúnda arna cur ar aghaidh i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha amach i bpointe 2.2 agus, i gcás inar cuí, i bpointe 2.3 a chur ar aghaidh, faoi fhreagracht an Uachtaráin nó faoi fhreagracht Comhalta den Choimisiún, chuig an gcomhlacht parlaiminteach a thíolaic an iarraidh.

3.2    Gan dochar d'fhorálacha phointe 2.3, déanfar socruithe maidir le rochtain agus na socruithe a bheidh ceaptha chun rúndacht na faisnéise a chaomhnú a leagan síos le comhaontú idir an Comhalta den Choimisiún ar a bhfuil freagracht as an réimse atá i gceist agus an comhlacht parlaiminteach lena mbaineann, arna ionadú go cuí ag a chathaoirleach, agus roghnófar ceann de na roghanna seo a leanas:

-    faisnéis atá beartaithe don chathaoirleach an choiste pharlaimintigh iomchuí agus don rapóirtéir don choiste sin;

-    rochtain shrianta ar fhaisnéis do chomhaltaí uile an choiste pharlaimintigh iomchuí i gcomhréir leis na socruithe cuí, agus d'fhéadfadh sé go mbaileofar na doiciméid tar éis iad a iniúchadh agus go mbeidh cosc ar chóipeanna a dhéanamh díobh;

-    plé a dhéanamh sa choiste parlaiminteach iomchuí, agus é i ndáil chomhairle i seomra iata, i gcomhréir le socruithe a bhféadfadh athrú teacht orthu de bhua an méid rúndachta atá i gceist agus i gcomhréir leis na prionsabal atá leagtha amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte;

-    doiciméid a mbeidh gach sonra pearsanta bainte amach astu a chur ar fáil;

-    i gcásanna a mbeidh údar maith leo ar fhorais fhíoreisceachtúla, faisnéis atá beartaithe d'Uachtarán na Parlaiminte amháin.

Ní fhéadfar an fhaisnéis atá i dtrácht a fhoilsiú ná a chur ar aghaidh chuig aon seolaí eile.

3.3    I gcás nach gcomhlíontar na socruithe seo, beidh feidhm ag na forálacha a bhaineann le smachtbhannaí agus atá leagtha amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte.

3.4    D'fhonn na forálacha atá leagtha amach thuas a chur chun feidhme, cinnteoidh an Pharlaimint go ndéanfar na socruithe seo a leanas a chur i bhfeidhm iarbhír:

-    córas daingean cartlainne do dhoiciméid atá aicmithe mar dhoiciméid rúnda;

-    seomra léitheoireachta daingean (gan meaisíní fótachóipeála, teileafóin, saoráidí facs, scanóirí nó aon trealamh teicniúil eile chun doiciméid a atáirgeadh agus a tharchur, etc.);

-    socruithe slándála lena rialaítear rochtain ar an seomra léitheoireachta, lena n-áirítear ceanglais maidir le síniú a chur i gclár rochtana agus dearbhú sollúnta a thabhairt gan an fhaisnéis rúnda a scrúdaítear a scaipeadh.

3.5    Glacfaidh an Coimisiún gach beart is gá chun forálacha na hIarscríbhinne seo a chur chun feidhme.

Iarscríbhinn 2:   Tráthchlár do chlár reachtach agus oibre an Choimisiúin

1.    I mí Feabhra, déanfaidh Uachtarán an Choimisiúin agus/nó an Leas-Uachtarán atá freagrach as caidreamh idirinstitiúideach an cinneadh maidir leis an Straitéis Bheartais Bhliaintúil (SBB) don bhliain dár gcionn thíolacadh do Chomhdháil na nUachtarán.

2.    Ag páirtseisiún Feabhra-Márta, glacfaidh na hInstitiúidí lena mbaineann páirt i ndíospóireacht ar phríomhlínte na dtosaíochtaí polaitiúla, agus iad bunaithe ar an gcinneadh SBB don bhliain dár gcionn.

3.    Tar éis na díospóireachta sin, déanfaidh na coistí parlaiminteacha inniúla agus na Comhaltaí iomchuí den Choimisiún comhagallamh déthaobhach a sheoladh go rialta ar fud na bliana chun measúnú a dhéanamh ar an staid maidir le cur chun feidhme chlár reatha reachtach agus oibre an Choimisiúin agus chun plé a dhéanamh ar ullmhú an chláir ina dhiaidh sin i ngach ceann dá sainréimsí. Déanfaidh gach coiste parlaiminteach toradh na gcruinnithe sin a thuairisciú go rialta do Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí.

4.    Déanfaidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí malartú tuairimí a sheoladh go rialta leis an Leas-Chathaoirleach den Choimisiún ar a bhfuil freagracht as caidreamh idirinstitiúideach, chun measúnú a dhéanamh ar an staid maidir le cur chun feidhme chlár reatha reachtach agus oibre an Choimisiúin, chun plé a dhéanamh ar ullmhú an chláir ina dhiaidh sin, agus chun torthaí an chomhagallaimh leanúnaigh dhéthaobhaigh idir na coistí parlaiminteacha lena mbaineann agus Comhaltaí iomchuí an Choimisiúin a mheas.

5.    I Meán Fómhair, cuirfidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí tuarascáil achomair faoi bhráid Chomhdháil na nUachtarán, agus tabharfaidh Comhdháil na nUachtarán fógra faoin tuarascáil sin in iúl don Choimisiún.

6.    Ag páirtseisiún mhí na Samhna, déanfaidh Uachtarán an Choimisiúin clár reachtach agus oibre an Choimisiúin don bhliain dár gcionn a thíolacadh os comhair na Parlaiminte, agus beidh an Coláiste páirteach sa pháirtseisiún sin. Beidh measúnú ar chur chun feidhme an chláir reatha san áireamh sa tíolacadh sin. Tar éis an tíolactha, glacfar le rún ón bParlaimint ag páirtseisiún mhí na Nollag.

Beidh liosta tograí reachtacha agus tograí neamhreachtacha don bhliain dár gcionn, agus é i bhfoirm a bheidh fós le cinneadh (9), in éineacht le clár reachtach agus oibre an Choimisiúin. Cuirfear an clár ar aghaidh chuig an bParlaimint in am trátha roimh an bpáirtseisiún a bhfuil díospóireacht le déanamh air lena linn.

7.    Cuirfear an tráthchlár seo i bhfeidhm ag gach timthriall rialta do leagan amach cláir, ach amháin i mblianta toghcháin na Parlaiminte atá ann i gcomhthráth le deireadh théarma oifige an Choimisiúin.

8.    Maidir leis an tráthchlár seo, ní dochar é d'aon chomhaontú amach anseo ar leagan amach cláir idirinstitiúidigh.

(1)Cinneadh ón bParlaimint an 26 Bealtaine 2005.
(2)IO L 44, 15.2.2005, lch. 1.
(3)Tá oiriúnú déanta ar uimhreacha na rialacha agus na n-iarscríbhinní seo chun uimhriú nua na Rialacha Nós imeachta, amhail ó thús an seachtú téarma parlaiminteach a chur i gcuntas.
(4)IO C 121, 24.4.2001, lch. 122.
(5)IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.
(6)IO L 256, 10.10.2000, lch. 19.
(7)IO L 113, 19.5.1995, lch. 2.
(8)IO L 136, 31.5.1999, lch. 20.
(9)Le cur san áireamh: féilire agus, i gcás inar cuí, an bunús dlí agus impleachtaí buiséadacha.
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais