Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
7ú téarma parlaiminteach - Nollaig 2009
PDF 1214k
CLÁR
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR

TEIDEAL I  : FEISIRÍ, COMHLACHTAÍ PARLAIMINTE AGUS GRÚPAÍ POLAITIÚLA
CAIBIDIL 1  : FEISIRÍ PHARLAIMINT NA hEORPA

Riail 6  : Díolúine a tharscaoileadh

1.    I bhfeidhmiú a cumhachtaí i ndáil le pribhléidí agus díolúintí á bhfeidhmiú aici, féachfaidh an Pharlaimint go príomha lena hiomláine mar thionól reachtach daonlathach a chaomhnú agus féachfaidh sí le neamhspleáchas a Feisirí a áirithiú le linn dóibh a gcuid dualgas a chomhlíonadh.

2.    Maidir le haon iarraidh ó údarás inniúil Ballstáit chuig an Uachtarán chun díolúine Feisire a tharscaoileadh, déanfar í a fhógairt sa Pharlaimint agus a tharchur chuig an gcoiste freagrach.

3.    Maidir le haon iarraidh ó Fheisire nó ó iarFheisire ar an Uachtarán chun pribhléidí agus díolúintí a chosaint, déanfar í a fhógairt sa Pharlaimint agus a tharchur chuig an gcoiste freagrach.

Féadfaidh Feisire eile ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an Fheisire nó an iarFheisire. Ní fhéadfaidh Feisire eile an iarraidh a dhéanamh gan comhaontú a fháil ón bhFeisire lena mbaineann.

4.    Ar bhonn práinne, in imthosca ina ndéantar Feisirí a ghabháil nó ina gcuirtear bac ar a saorghluaiseacht de shárú dealraitheach ar a gcuid pribhléidí agus díolúintí, féadfaidh an tUachtarán, tar éis dul i gcomhairle le cathaoirleach agus rapóirtéir an choiste fhreagraigh, gníomhú ar a thionscnamh féin chun pribhléidí agus díolúintí an Fheisire lena mbaineann a dhearbhú. Tabharfaidh an tUachtarán fógra faoin tionscnamh sin don choiste agus cuirfidh sé an Pharlaimint ar an eolas faoi.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais