TEIDEAL
I
: FEISIRÍ, COMHLACHTAÍ PARLAIMINTE AGUS GRÚPAÍ POLAITIÚLA
CAIBIDIL
2
: OIFIGIGH NA PARLAIMINTE
Riail
12
: An Cathaoirleach Sealadach
1.
Ag an suí dá bhforáiltear faoi Riail 134(2), agus ag aon suí eile a thionóltar chun an tUachtarán agus an Biúró a thoghadh, is é nó í an sean-Uachtarán, nó murab ann dó nó di, is duine de na seanLeas-Uachtaráin in ord tosaíochta, nó murab ann d'aon duine díobh sin, is é nó í an Feisire is faide i seilbh oifige, a rachaidh sa chathaoir go dtí go dtoghtar an tUachtarán.
2.
Ní dhéanfar aon ghnó fad a bheidh Feisire sa chathaoir go sealadach de bhua mhír 1 mura rud é go mbaineann sé le toghadh an Uachtaráin nó fíorú na ndintiúr.
Déanann an Feisire atá sa chathaoir go sealadach de bhua mhír 1 cumhachtaí an Uachtaráin dá dtagraítear sa dara fomhír de Riail 3(2) a fheidhmiú. Déantar aon ábhar eile a bhaineann le fíorú dintiúr agus a ardaítear nuair atá an Feisire sin sa chathaoir a tharchur chuig an gcoiste atá freagrach as fíorú na ndintiúr.