TEIDEAL
I
: FEISIRÍ, COMHLACHTAÍ PARLAIMINTE AGUS GRÚPAÍ POLAITIÚLA
CAIBIDIL
3
: COMHLACHTAÍ AGUS DUALGAIS
Riail
27
: Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí
1.
Beidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí comhdhéanta de Chathaoirligh na mbuanchoistí nó na gcoistí sealadacha go léir. Toghfaidh sí a Cathaoirleach féin.
2.
Féadfaidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí moltaí a chur faoi bhráid Chomhdháil na nUachtarán faoi obair na gcoistí agus faoi dhréachtú chlár oibre na bpáirtseisiún.
3.
Féadfaidh an Biúró agus Comhdháil na nUachtarán a threorú do Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí cúraimí sonracha a chomhall.