TEIDEAL
I
: FEISIRÍ, COMHLACHTAÍ PARLAIMINTE AGUS GRÚPAÍ POLAITIÚLA
CAIBIDIL
4
: GRÚPAÍ POLAITIÚLA
Riail
33
: Feisirí neamhcheangailte
1.
Soláthrófar rúnaíocht d'Fheisirí nach mbaineann le grúpa polaitiúil. Déanfaidh an Biúró, ar thogra ón Ardrúnaí, na socruithe mionsonraithe a leagan síos.
2.
Déanfaidh an Biúró stádas agus cearta parlaiminteacha na bhFeisirí sin a chinneadh.
3.
Leagfaidh an Biúró síos na rialacha a bhainfidh le soláthar, cur chun feidhme agus iniúchadh na leithreasaí a thaifeadfar i mbuiséad na Parlaiminte chun costais rúnaíochta agus saoráidí riaracháin na bhFeisirí neamhcheangailte a chlúdach.