Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
7ú téarma parlaiminteach - Nollaig 2009
PDF 1214k
CLÁR
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR

TEIDEAL II  : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA AGUS EILE
CAIBIDIL 1  : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA — FORÁLACHA GINEARÁLTA

Riail 44  : Nósanna imeachta reachtacha maidir le tionscnaimh a thagann ó Bhallstáit

1.    Maidir le tionscnaimh a thagann ó Bhallstáit de bhun Airteagal 76 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déileálfar leo de bhun na Rialach seo agus Rialacha 36 go 39, Riail 43 agus Riail 55.

2.    Féadfaidh an coiste freagrach a iarraidh ar ionadaithe de chuid na mBallstát tionscnaimh a dtionscnamh a thíolacadh don choiste. Féadfaidh Uachtaránacht na Comhairle a bheith i dteannta na n-ionadaithe.

3.    Sula dtéann an coiste freagrach ar aghaidh leis an vótáil, iarrfaidh sé ar an gCoimisiún an bhfuil seasamh ar an tionscnamh ullmhaithe aige agus, má tá, iarrfaidh sé ar an gCoimisiún a sheasamh a chur in iúl don choiste.

4.    I gcás ina ndéantar dhá thogra nó níos mó, arna dtionscnamh ag an gCoimisiún agus/nó ag Ballstáit, ar tograí iad a bhfuil an cuspóir reachtach céanna acu, a chur faoi bhráid na Parlaiminte ag an am céanna nó laistigh de thréimhse ghearr ama óna chéile, déileálfaidh an Pharlaimint leo i dtuarascáil aonair. Léireoidh an coiste freagrach, ina thuarascáil, cén téacs a bhfuil leasuithe molta aige ina leith agus tagróidh sé do gach téacs eile sa rún reachtach.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais