Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
7ú téarma parlaiminteach - Nollaig 2009
PDF 1214k
CLÁR
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR

TEIDEAL II  : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA AGUS EILE
CAIBIDIL 3  : AN CHÉAD LÉAMH
An chéim sa suí iomlánach

Riail 55  : An chéad léamh a thabhairt chun críche

1.    Scrúdóidh an Pharlaimint an togra le haghaidh gnímh reachtaigh ar bhonn na tuarascála a bheidh tarraingthe suas ag an gcoiste freagrach de bhun Riail 45.

2.    Ar dtús, vótálfaidh an Pharlaimint ar na leasuithe ar an togra lena mbaineann tuarascáil an choiste fhreagraigh, ansin vótálfaidh sí ar an togra, arna leasú nó a mhalairt, ansin vótálfaidh sí ar na leasuithe ar an dréachtrún reachtach, ansin vótálfaidh sí ar an dréachtrún reachtach ina iomláine, ar dréachtrún é nach mbeidh ann ach ráiteas i dtaobh an bhformheasann an Pharlaimint an togra le haghaidh gnímh reachtaigh, an ndiúltaíonn sí dó, nó an molann sí leasuithe air, maille le haon iarrataí nós imeachta.

Tabharfar an chéad léamh chun críche má ghlactar an dréachtrún reachtach. Mura nglacann an Pharlaimint an rún reachtach, déanfar an togra a tharchur ar ais chuig an gcoiste freagrach.

Maidir le gach tuarascáil a chuirtear síos faoin nós imeachta reachtach, ba chóir go mbeadh sí i gcomhréir le forálacha Riail 37, Riail 43 agus Riail 45. Maidir le haon tairiscint neamhreachtach i gcomhair rúin arna cur síos ag coiste, ba chóir go mbeadh sí i gcomhréir leis na nósanna imeachta tarchuir dá bhforáiltear i Riail 48 nó i Riail 188.

3.    Déanfaidh an tUachtarán téacs an togra, arna fhormheas ag an bParlaimint, agus an rún a bheidh ag gabháil leis, a chur ar aghaidh, mar sheasamh na Parlaiminte, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais