TEIDEAL
II
: NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA AGUS EILE
CAIBIDIL
5
: AN TRÍÚ LÉAMH
An chéim iomlánach
Riail
69
: Téacs comhpháirteach
1.
I gcás ina dtagtar ar comhaontú maidir le téacs comhpháirteach laistigh den Choiste Idir-réitigh, cuirfear an t-ábhar ar chlár oibre suí den Pharlaimint a thionólfar laistigh de shé seachtaine nó, má fhadaítear an tréimhse, laistigh d’ocht seachtaine ón dáta a bhformheasann an Coiste Idir-réitigh an téacs comhpháirteach.
2.
Déanfaidh an Cathaoirleach nó comhalta ainmnithe eile de thoscaireacht na Parlaiminte chuig an gCoiste Idir-réitigh ráiteas ar an téacs comhpháirteach, a mbeidh tuarascáil ag gabháil leis.
3.
Ní fhéadfar aon leasuithe ar an téacs comhpháirteach a chur síos.
4.
Beidh an téacs comhpháirteach ina iomláine ina ábhar do vótáil aonair. Formheasfar an téacs comhpháirteach má fhaigheann sé tromlach na vótaí a chaitear.
5.
Más rud é nach dtagtar ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach laistigh den Choiste Idir-réitigh, déanfaidh an Cathaoirleach nó comhalta ainmnithe eile de thoscaireacht na Parlaiminte chuig an gCoiste Idir-réitigh ráiteas. Beidh díospóireacht ann tar éis an ráiteas sin a thabhairt.