CAIBIDIL
3
: CEISTEANNA ARNA nDÍRIÚ CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG AN gCOIMISIÚN AGUS CHUIG AN mBANC CEANNAIS EORPACH
Riail
115
: Ceisteanna i gcomhair freagra ó bhéal maille le díospóireacht
1.
Féadfaidh coiste, grúpa polaitiúil nó 40 Feisire ar a laghad ceisteanna a dhíriú chuig an gComhairle nó chuig an gCoimisiún agus féadfar a iarraidh go gcuirfear ar chlár oibre na Parlaiminte iad.
Cuirfear ceisteanna den sórt sin faoi bhráid an Uachtaráin i scríbhinn agus tarchuirfidh seisean láithreach chuig Comhdháil na nUachtarán iad.
Déanfaidh Comhdháil na nUachtarán cinneadh i dtaobh an ceart ceisteanna a chur ar an gclár oibre agus i dtaobh cén t-ord ina gcuirfear ar an gclár oibre iad. Maidir le ceisteanna nach gcuirtear ar chlár oibre na Parlaiminte laistigh de thrí mhí ón tráth a thíolactar iad, titfidh siad ar lár.
2.
Ní mór ceisteanna arna ndíriú chuig an gCoimisiún a tharchur chuig an institiúid sin seachtain amháin ar a laghad roimh an suí iomlánach a mbeidh na ceisteanna sin ar a chlár oibre agus ní mór ceisteanna arna ndíriú chuig an gComhairle a tharchur chuici trí seachtaine ar a laghad roimh an dáta sin.
3.
I gcás ina mbaineann na ceisteanna le nithe dá dtagraítear in Airteagal 42 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní bheidh feidhm ag an teorainn ama dá bhforáiltear i mír 2 den Riail seo, agus ní mór don Chomhairle freagra a thabhairt sách pras chun an Pharlaimint a choimeád ar an eolas go cuí.
4.
Féadfaidh duine de na ceistitheoirí an cheist a thairiscint ar feadh cúig nóiméad. Freagróidh comhalta amháin den institiúid lena mbaineann.
Tá údar na ceiste i dteideal an tréimhse iomlán ama labhartha atá luaite a úsáid.
5.
Beidh feidhm
mutatis mutandis ag Riail 110(2) go (5).