Riail
138
: An nós imeachta sa suí iomlánach gan leasú agus gan díospóireacht
1.
Déanfar aon togra le haghaidh gnímh reachtaigh (an chéad léamh) agus aon tairiscint neamhreachtach i gcomhair rúin, arna glacadh i gcoiste, agus níos lú ná an deichiú cuid de chomhaltaí an choiste a bheith tar éis vótáil ina coinne, a chur ar an dréacht de chlár oibre na Parlaiminte i gcomhair vótála gan leasú.
Beidh an mhír faoi réir vótála aonair ansin mura rud é go ndéanfaidh grúpaí polaitiúla nó Feisirí aonair arb ionann a líon agus an deichiú cuid d’Fheisirí na Parlaiminte, a iarraidh i scríbhinn, sula dtarraingeofar suas an dréacht críochnaitheach den chlár oibre, go mbeidh an mhír faoi réir a leasaithe, agus sa chás sin socróidh an tUachtarán teorainn ama chun leasuithe a chur síos.
2.
Maidir le míreanna a chuirtear ar an dréacht críochnaitheach den chlár oibre i gcomhair vótála gan leasú, ní dhéanfar díospóireacht orthu ach oiread mura rud é go ndéanfaidh an Pharlaimint, le linn an clár oibre a ghlacadh ag tús páirtseisiúin, cinneadh dá mhalairt ar thogra ó Chomhdháil na nUachtarán nó arna iarraidh sin ag grúpa polaitiúil nó ag 40 Feisire ar a laghad amhlaidh.
3.
Le linn dréacht críochnaitheach de chlár oibre páirtseisiúin a tharraingt suas, féadfaidh Comhdháil na nUachtarán a mholadh go dtógfar míreanna eile gan leasú nó gan díospóireacht. Le linn a clár oibre a ghlacadh, ní fhéadfaidh an Pharlaimint glacadh le haon togra den sórt sin más rud é go bhfuil grúpa polaitiúil nó 40 Feisire ar a laghad tar éis agóid a chur síos ina aghaidh i scríbhinn uair an chloig ar a laghad sula gcuirtear tús leis an bpáirtseisiún.
4.
I gcás ina dtógtar mír gan díospóireacht, féadfaidh an rapóirtéir nó Cathaoirleach an choiste fhreagraigh ráiteas a dhéanamh díreach roimh an vótáil ar ráiteas é nach mbeidh níos faide ná dhá nóiméad.