Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
7ú téarma parlaiminteach - Nollaig 2009
PDF 1214k
CLÁR
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR

TEIDEAL VI  : SEISIÚIN
CAIBIDIL 4  : BEARTA A GHLACFAR I gCÁS NACH gCOMHLÍONTAR CAIGHDEÁIN IOMPAIR NA bhFEISIRÍ

Riail 152  : Bearta láithreacha

1.    Déanfaidh an tUachtarán aon Fheisire a chuireann isteach ar sheoladh réidh na n-imeachtaí nó nach bhfuil a iompar nó a hiompar de réir fhorálacha iomchuí Riail 9 a ghlaoch chun oird.

2.    Má dhéantar an cion an athuair, glaofaidh an tUachtarán an Feisire chun oird arís, agus déanfar an méid sin a thaifeadadh sna miontuairiscí.

3.    Má leantar den chur isteach, nó má dhéantar cion eile, féadfaidh an tUachtarán an ceart labhartha a shéanadh ar an gciontóir agus é nó í a chur amach as an Seomra ar feadh an chuid eile den suí. Féadfaidh an tUachtarán, freisin, dul i muinín an bhirt is déanaí atá luaite láithreach agus d’uireasa an dara glao chun oird i gcásanna fíor-thromchúiseacha. Féachfaidh an tArdrúnaí chuige, gan mhoill, go gcuirtear na bearta araíonachta sin i bhfeidhm le cabhair ó na huiséirí agus, más gá, le cabhair ó Sheirbhís Slándála na Parlaiminte.

4.    Más baolach go gcuirfidh cur isteach bac ar ghnó an Tí, dúnfaidh an tUachtarán an suí nó cuirfidh sé an suí ar fionraí go ceann tréimhse sonraí chun an t-ord a athbhunú. Mura bhfuil an tUachtarán in ann éisteacht a fháil, fágfaidh sé an chathaoir; beidh d’éifeacht leis sin go mbeidh an suí ar fionraí. Athchomórfaidh an tUachtarán an suí.

5.    Déanfar na cumhachtaí dá bhforáiltear i míreanna 1 go 4 a dhílsiú, mutatis mutandis, d'oifigigh cheannais comhlachtaí, coistí agus toscaireachtaí de réir mar a fhoráiltear dóibh sna Rialacha Nós Imeachta.

6.    Nuair is cuí, agus ag féachaint do thromchúis an tsáraithe ar chaighdeáin iompair na bhFeisirí, féadfaidh an Feisire atá sa Chathaoir, tráth nach déanaí ná an chéad pháirtseisiún eile nó an chéad chruinniú eile den chomhlacht, den choiste nó den toscaireacht lena mbaineann, a iarraidh ar an Uachtarán Riail 153 a chur i bhfeidhm.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais