Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
7ú téarma parlaiminteach - Nollaig 2009
PDF 1214k
CLÁR
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR

TEIDEAL VI  : SEISIÚIN
CAIBIDIL 5  : CÓRAM AGUS VÓTÁIL

Riail 158  : An nós imeachta vótála

1.    Beidh feidhm ag an nós imeachta vótála seo a leanas maidir le tuarascálacha:

(a)    ar dtús, vótáil ar aon leasuithe ar an téacs lena mbaineann tuarascáil an choiste fhreagraigh,

(b)    ansin, vótáil ar an téacs sin ina iomláine, cibé acu arna leasú nó a mhalairt,

(c)    ina dhiaidh sin, vótáil ar leasuithe ar an tairiscint i gcomhair rúin/i gcomhair dréachta de rún reachtach,

(d)    agus ar deireadh, vótáil ar an tairiscint i gcomhair rúin/i gcomhair dréachta de rún reachtach ina hiomláine (an vótáil chríochnaitheach).

Ní dhéanfaidh an Pharlaimint vótáil ar an ráiteas míniúcháin atá sa tuarascáil.

2.    Beidh feidhm ag an nós imeachta seo a leanas maidir leis an dara léamh:

(a)    i gcás nach gcuirtear síos aon togra chun diúltú do sheasamh na Comhairle, nó chun an comhsheasamh sin a leasú, measfar an seasamh sin a bheith arna fhormheas i gcomhréir le Riail 72;

(b)    déanfar vótáil ar thogra chun diúltú do sheasamh na Comhairle roimh an vótáil ar aon leasuithe (féach Riail 65(1));

(c)    i gcás ina gcuirtear síos roinnt leasuithe ar sheasamh na Comhairle, déanfar vótáil orthu san ord atá leagtha amach i Riail 161;

(d)    i gcás ina bhfuil vótáil déanta ag an bParlaimint d'fhonn seasamh na Comhairle a leasú, ní fhéadfar vótáil eile ar an téacs ina iomláine a dhéanamh ach amháin i gcomhréir le Riail 65(2).

3.    Beidh feidhm ag an nós imeachta atá leagtha amach i Riail 69 maidir leis an tríú léamh.

4.    Le linn vótáil a dhéanamh ar théacsanna reachtacha agus ar thairiscintí neamhreachtacha i gcomhair rún, déanfar an vótáil a bhaineann leis na codanna substainteacha ar dtús agus, ina dhiaidh sin, déanfar an vótáil a bhaineann le luanna agus le haithris. Titfidh leasuithe ar lár má tá siad ar neamhréir le vótáil roimhe sin.

5.    Is é nó í an rapóirtéir an t-aon Fheisire amháin a mbeidh cead labhartha aige nó aici le linn na vótála, agus beidh deis aige nó aici tuairimí an choiste fhreagraigh ar na leasuithe a ndéantar vótáil orthu a chur in iúl go hachomair.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais