Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
7ú téarma parlaiminteach - Nollaig 2009
PDF 1214k
CLÁR
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR

TEIDEAL VI  : SEISIÚIN
CAIBIDIL 5  : CÓRAM AGUS VÓTÁIL

Riail 161  : An t-ord ina ndéanfar vótáil ar leasuithe

1.    Beidh tosaíocht ag leasuithe ar an téacs lena mbaineann siad agus déanfar vótáil orthu sula ndéantar vótáil ar an téacs.

2.    Má dhéantar dhá leasú nó níos mó atá éagsúil go hiomlán lena chéile a chur síos ar an gcuid chéanna de théacs, beidh tosaíocht ag an leasú is mó a imíonn ón téacs bunaidh agus déanfar vótáil ar an leasú sin ar dtús. Má ghlactar an leasú sin measfar go bhfuil diúltaithe do na leasuithe eile; má dhiúltaítear dó, déanfar vótáil ar an gcéad leasú eile san ord tosaíochta agus déanfar amhlaidh i gcás gach ceann de na leasuithe eile atá fágtha. I gcás amhrais faoin ord tosaíochta, is é an tUachtarán a dhéanfaidh cinneadh ina leith. Má dhiúltaítear do na leasuithe go léir, measfar an téacs bunaidh a bheith arna ghlacadh mura rud é go n-iarrtar vótáil ar leithligh laistigh den teorainn ama shonraithe.

3.    Féadfaidh an tUachtarán a chur faoi deara go ndéanfar vótáil ar an téacs bunaidh ar dtús, nó go ndéanfar vótáil ar leasú atá níos gaire don téacs bunaidh roimh an leasú is faide a imíonn ón téacs bunaidh.

Má fhaigheann ceachtar rogha díobh sin tromlach, titfidh gach leasú eile a cuireadh síos ar an téacs céanna ar lár.

4.    Ar bhonn eisceachtúil, ar thogra ón Uachtarán, féadfar vótáil a dhéanamh ar leasuithe a chuirtear síos tar éis dheireadh na díospóireachta más leasuithe comhréitigh iad nó má tá fadhbanna teicniúla ann. Gheobhaidh an tUachtarán comhaontú na Parlaiminte chun vótáil a dhéanamh ar leasuithe den sórt sin.

Faoi Riail 157(3), cinneann an tUachtarán an bhfuil leasuithe inghlactha. I gcás leasuithe comhréitigh arna gcur síos tar éis dheireadh na díospóireachta, faoin mír seo, déanann an tUachtarán cinneadh ar a n-inghlacthacht agus cinntear gach cás ar leithligh óna chéile, ag féachaint do chineál comhréitigh na leasuithe.

Féadfar na critéir ghinearálta seo a leanas maidir le hinghlacthacht a chur i bhfeidhm:

-    mar riail ghinearálta, ní fhéadfaidh leasuithe comhréitigh a bheith bainteach le codanna den téacs nach raibh leasú curtha síos ina leith roimh dheireadh na teorann ama le haghaidh leasuithe a chur síos;

-    mar riail ghinearálta, ní fhéadfaidh ach grúpaí polaitiúla nó Cathaoirligh nó rapóirtéirí na gcoistí lena mbaineann nó údair leasuithe eile leasuithe comhréitigh a chur síos;

-    mar riail ghinearálta, tá sé intuigthe go ndéanfar leasuithe eile ar an sliocht céanna a tharraingt siar nuair a chuirtear síos leasuithe comhréitigh.

Is é an tUachtarán amháin a fhéadfaidh a mholadh go mbreithneofar leasú comhréitigh. Ionas go bhféadfar vótáil a dhéanamh ar leasú comhréitigh, ní mór don Uachtarán comhaontú na Parlaiminte a fháil trína fhiafraí an bhfuil aon agóid in aghaidh vótáil den sórt sin a dhéanamh. Má dhéantar agóid, déanann an Pharlaimint cinneadh ar an ábhar trí thromlach na vótaí a chaitear.

5.    I gcás ina bhfuil sraith leasuithe ar an téacs lena mbaineann an tuarascáil curtha síos ag an gcoiste freagrach, cuirfidh an tUachtarán faoi deara go ndéanfar vótáil chomhchoiteann orthu, mura rud é go n-iarrann grúpa polaitiúil nó 40 Feisire ar a laghad go ndéanfar vótálacha ar leithligh nó mura rud é go mbeifear tar éis leasuithe eile a chur síos.

6.    Féadfaidh an tUachtarán a chur faoi deara go ndéanfar vótáil chomhchoiteann ar leasuithe eile i gcás inar leasuithe comhlántacha iad. I gcásanna den sórt sin, leanfaidh sé an nós imeachta atá leagtha síos i mír 5. Féadfaidh údair na leasuithe sin vótálacha comhchoiteanna den sórt sin a mholadh i gcás inar leasuithe comhlántacha iad a gcuid leasuithe.

7.    Féadfaidh an tUachtarán a chinneadh, tar éis leasú ar leith a ghlacadh nó tar éis diúltú dó, go ndéanfar vótáil chomhchoiteann ar roinnt leasuithe eile a bhfuil ábhar comhchosúil iontu nó a bhfuil cuspóirí comhchosúla acu. Féadfaidh an tUachtarán comhaontú na Parlaiminte a lorg sula ndéanfaidh sé amhlaidh.

Féadfaidh sraith leasuithe den sórt sin a bheith bainteach le codanna éagsúla den téacs bunaidh.

8.    I gcás dhá leasú nó níos mó atá comhionann lena chéile a bheith curtha síos ag údair éagsúla, déanfar vótáil orthu mar aon leasú amháin.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais