Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
8ú téarma parlaiminteach - Eanáir 2015
PDF 1290k
CLÁR
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR

TEIDEAL III  : CAIDREAMH SEACHTRACH
CAIBIDIL 2  : IONADAÍOCHT SHEACHTRACH THAR CEANN AN AONTAIS AGUS AN COMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA

Riail 110  : Ionadaithe speisialta

1.    I gcás ina mbeartaíonn an Chomhairle ionadaí speisialta a cheapadh faoi Airteagal 33 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, déanfaidh an tUachtarán, ar iarraidh ón gcoiste freagrach, a iarraidh ar an gComhairle ráiteas a dhéanamh agus ceisteanna a fhreagairt maidir leis an sainordú, maidir leis na cuspóirí agus maidir le nithe iomchuí eile a bhaineann leis na cúraimí agus an ról a bheidh le comhlíonadh ag an ionadaí speisialta.

2.    Nuair a cheaptar an t-ionadaí speisialta, ach sula rachaidh sé nó sí i mbun an phoist, féadfar a iarraidh ar an té a beidh ceaptha láithriú os comhair an choiste fhreagraigh chun ráiteas a dhéanamh agus ceisteanna a fhreagairt.

3.    Laistigh de thrí mhí ón éisteacht, féadfaidh an coiste moladh a dhéanamh de bhun Riail 134 ar moladh é a bhaineann go díreach leis an ráiteas a rinneadh agus na freagraí a tugadh.

4.    Iarrfar ar an ionadaí speisialta an Pharlaimint a choimeád ar an eolas go hiomlán agus go rialta maidir le feidhmiú praiticiúil an tsainordaithe.

5.    Maidir le hionadaí speisialta a bheidh ceaptha ag an gComhairle agus ag a mbeidh sainordú i ndáil le saincheisteanna áirithe beartais, féadfaidh an Pharlaimint a iarraidh ar an ionadaí speisialta sin, nó féadfaidh an t-ionadaí speisialta sin a iarraidh go n-iarrfar air nó uirthi, ráiteas a dhéanamh os comhair an choiste fhreagraigh.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais