TEIDEAL
I
: FEISIRÍ, COMHLACHTAÍ PARLAIMINTE AGUS GRÚPAÍ POLAITIÚLA
CAIBIDIL
2
: OIFIGIGH NA PARLAIMINTE
Riail
17
: Toghadh na Leas-Uachtarán
1.
Déanfar na Leas-Uachtaráin a thoghadh ansin ar pháipéar ballóide aonair. Maidir leis na daoine sin, suas go dtí ceithre dhuine dhéag, arb iad na daoine iad a gheobhaidh tromlach glan de na vótaí a chaitear ar an gcéad bhallóid, dearbhófar iad a bheith tofa in ord uimhriúil a gcuid vótaí. I gcás ina bhfuil an líon iarrthóirí a thoghtar níos lú ná an líon suíochán atá le líonadh, seolfar an dara ballóid faoi na coinníollacha céanna chun na suíocháin atá fágtha a líonadh. I gcás ina bhfuil gá leis an tríú ballóid, is leor tromlach coibhneasta chun na suíocháin atá fágtha a líonadh. I gcás comhionannais vótaí, dearbhófar gurb é nó í an t-iarrthóir is sine atá tofa.
Murab ionann agus Riail 16(1), cé nach ndéantar foráil go sainráite leis an Riail seo maidir le hainmniúcháin nua a thabhairt isteach idir ballóidí le linn thoghadh na Leas-Uachtarán, beidh gníomh den sórt sin incheadaithe mar nach mór don Pharlaimint, ós rud é gur comhlacht ceannasach í, a bheith in ann gach iarrthóir féideartha a mheas, go háirithe mar go bhféadfaí bac a chur ar sheoladh réidh an toghcháin mura mbeadh rogha den sórt sin ann.
2.
Faoi réir fhorálacha Riail 20(1), beidh tosaíocht ag na Leas-Uachtaráin san ord ina dtoghtar iad agus, i gcás comhionannais vótaí, de réir aoise.
I gcás ina dtoghtar d'aon gháir iad, tionólfar ballóid rúnda chun an t-ord tosaíochta a chinneadh.