Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
8ú téarma parlaiminteach - Meán Fómhair 2015
PDF 1299k
CLÁR
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR

TEIDEAL II  : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA AGUS EILE
CAIBIDIL 1  : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA — FORÁLACHA GINEARÁLTA

Riail 40  : Cumhachtaí reachtacha a tharmligean

1.    Le linn don Pharlaimint grinnscrúdú a dhéanamh ar thogra le haghaidh gníomh reachtach lena dtarmligtear cumhachtaí chuig an gCoimisiún, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tabharfaidh sí aird ar leith ar chuspóirí, inneachar, raon feidhme agus ré an tarmligin agus ar na coinníollacha a mbeidh an tarmligean sin faoina réir.

2.    Féadfaidh an coiste atá freagrach as an ábhar tuairim an choiste atá freagrach as léirmhíniú agus cur i bhfeidhm dhlí an Aontais a iarraidh aon tráth.

3.    Féadfaidh an coiste atá freagrach as léirmhíniú agus cur i bhfeidhm dhlí an Aontais, ar a thionscnamh féin, déileáil freisin le ceisteanna maidir le tarmligean cumhachtaí reachtacha. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh sé an coiste atá freagrach as an ábhar ar an eolas go cuí.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais