Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
8ú téarma parlaiminteach - Eanáir 2017
EPUB 212kPDF 1040k
CLÁR
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR

IARSCRÍBHINN V  : CUMHACHTAÍ AGUS FREAGRACHTAÍ NA MBUANCHOISTÍ (1)

I.    An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha

Tá an coiste freagrach as beartas eachtrach an Aontais a chur chun cinn, a chur chun feidhme agus as faireachán a dhéanamh air maidir leis an méid seo a leanas:

1.    an comhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) agus an comhbheartas slándála agus cosanta (CBSC); sa chomhthéacs seo tugann fochoiste um shlándáil agus um chosaint cúnamh don choiste;

2.    caidreamh le hinstitiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an AE, le hEagraíocht na Náisiún Aontaithe agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile agus le tionóil idirpharlaiminteacha maidir le nithe a thagann faoina chúram;

3.    formhaoirseacht ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí;

4.    neartú an chaidrimh pholaitiúil le tríú tíortha trí chláir chuimsitheacha chomhair agus chúnaimh nó trí chomhaontuithe idirnáisiúnta ar nós comhaontuithe comhlachais agus comhpháirtíochta;

5.    caibidlíocht maidir le haontachas Stát Eorpach leis an Aontas a oscailt, faireachán a dhéanamh ar an gcaibidlíocht sin agus í a thabhairt chun críche;

6.    an reachtaíocht uile, na cláir uile agus grinnscrúdú uile ar ghníomhaíochtaí arna ndéanamh faoin Ionstraim Eorpach i gcomhair Daonlathais agus Chearta an Duine, faoin Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht, faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais, faoin Ionstraim lena gcuirtear le Cobhsaíocht agus le Síocháin agus faoin Ionstraim um Chomhpháirtíocht maidir le comhar le tríú tíortha; agus na bearta atá mar bhonn agus mar thaca acu;

7.    faireachán agus bearta leantacha a dhéanamh ar, inter alia, Bheartas Comharsanachta na hEorpa (BCE), go háirithe maidir le Tuarascálacha Bliantúla de chuid BCE faoi Dhul Chun Cinn;

8.    saincheisteanna a bhaineann leis an daonlathas, an smacht dlíthiúil, cearta an duine, lena n-áirítear cearta mionlach, i dtríú tíortha agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta; sa chomhthéacs seo, tugann fochoiste um chearta an duine cúnamh don choiste, rud ba cheart a áirithiú go bhfuil comhtháthú idir beartais sheachtracha uile de chuid an Aontais agus a bheartas um chearta an duine; gan dochar do na rialacha iomchuí, iarrfar ar chomhaltaí ó choistí agus ó chomhlachtaí eile a bhfuil freagrachtaí sa réimse seo orthu freastal ar chruinnithe de chuid an fhochoiste;

9.    rannpháirtíocht na Parlaiminte i misin bhreathnadóireachta toghcháin, nuair is iomchuí i gcomhar le coistí agus toscaireachtaí iomchuí eile.

Comhordaíonn an coiste obair na gcoistí parlaiminteacha comhpháirteacha agus na gcoistí um chomhar parlaiminteach chomh maith le hobair na dtoscaireachtaí idirpharlaiminteacha agus na dtoscaireachtaí ad hoc a thagann faoina réimse freagrachtaí agus cuireann sé formhaoirseacht pholaitiúil ar fáil dóibh.

II.    An Coiste um Fhorbairt

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.    cur chun cinn, cur chun feidhme agus faireachán i ndáil le beartas forbartha agus comhair an Aontais, go háirithe:

(a)    comhagallamh polaitíochta le tíortha atá i mbéal forbartha, go déthaobhach agus sna heagraíochtaí idirnáisiúnta agus sna fóraim idirpharlaiminteacha iomchuí,
(b)    cabhair do thíortha atá i mbéal forbartha agus comhaontuithe comhair leo, go háirithe formhaoirseacht ar mhaoiniú éifeachtach cabhrach agus measúnú ar aschur, lena n-áirítear maidir leis an mbochtaineacht a dhíothú,
(c)    faireachán a dhéanamh ar an gcaidreamh idir beartais na mBallstát agus na beartais sin a chuirtear chun feidhme ar leibhéal an Aontais;
(d)    luachanna daonlathacha, dea-rialachas agus cearta an duine a chur chun cinn i dtíortha atá i mbéal forbartha;
(e)    comhleanúnachas beartais a chur chun feidhme, a chur ar aghaidh agus faireachán a dhéanamh air maidir le beartas forbartha;

2.    an reachtaíocht uile, na cláir uile agus an grinnscrúdú uile ar ghníomhaíochtaí arna ndéanamh faoin Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt (ICF), faoin gCiste Eorpach Forbraíochta (CEF) - i ndlúthchomhar le parlaimintí náisiúnta - agus faoin Ionstraim maidir le Cabhair Dhaonnúil, mar aon leis na nithe uile a bhaineann le cabhair dhaonnúil i dtíortha i mbéal forbartha agus na beartais is bonn leo;

3.    nithe a bhaineann le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE agus caidreamh leis na comhlachtaí iomchuí;

4.    nithe a bhaineann le Tíortha agus Críocha Thar Lear (TCLanna);

5.    rannpháirtíocht na Parlaiminte i misin bhreathnadóireachta toghcháin, nuair is cuí i gcomhar le coistí agus toscaireachtaí iomchuí eile.

Comhordaíonn an coiste obair na dtoscaireachtaí idirpharlaiminteacha agus na dtoscaireachtaí ad hoc a thagann faoina réimse freagrachtaí.

III.    An Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta

Tá an coiste freagrach as:

nithe a bhaineann le comhbheartas tráchtála an Aontais agus a chaidreamh eacnamaíoch seachtrach a bhunú agus a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu, go háirithe na nithe seo a leanas:

1.    caidreamh airgeadais, eacnamaíoch agus trádála le tríú tíortha agus le heagraíochtaí réigiúnacha;

2.    an chomhtharaif sheachtrach agus éascú trádála mar aon le gnéithe seachtracha d'fhorálacha agus bainistíocht custaim;

3.    comhaontuithe déthaobhacha, iltaobhacha agus ilpháirtithe lena rialaítear caidreamh eacnamaíoch, trádála agus infheistíochta le tríú tíortha agus le heagraíochtaí réigiúnacha a oscailt, faireachán a dhéanamh orthu, iad a thabhairt i gcrích agus bearta leantacha a dhéanamh orthu;

4.    bearta a bhaineann le comhchuibhiú teicniúil nó caighdeánú sna réimsí atá clúdaithe in ionstraimí dlí idirnáisiúnta;

5.    caidreamh le heagraíochtaí idirnáisiúnta iomchuí agus le fóraim idirnáisiúnta maidir le nithe a bhaineann le trádáil, agus le heagraíochtaí a chuireann lánpháirtiú réigiúnach eacnamaíoch agus tráchtála chun cinn lasmuigh den Aontas;

6.    caidreamh leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, lena n-áirítear a gné pharlaiminteach.

Déanann an coiste idirchaidreamh leis na toscaireachtaí idirpharlaiminteacha agus ad hoc iomchuí a phléann leis na gnéithe eacnamaíocha agus trádála den chaidreamh le tríú tíortha.

IV.    An Coiste um Buiséid

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.    an creat ilbhliantúil airgeadais le haghaidh ioncam agus chaiteachas an Aontais agus córas acmhainní dílse an Aontais;

2.    sainchumais bhuiséadacha na Parlaiminte, eadhon buiséad an Aontais chomh maith le caibidlíocht agus cur chun feidhme i ndáil le comhaontuithe idirinstitiúideacha sa réimse seo;

3.    meastacháin na Parlaiminte de réir an nós imeachta atá sainithe sna Rialacha;

4.    buiséad na gcomhlachtaí díláraithe;

5.    gníomhaíochtaí airgeadais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta nach cuid de rialachas eacnamaíoch na hEorpa iad;

6.    buiséadú Chiste Forbraíochta na hEorpa, gan dochar do chumhachtaí an choiste atá freagrach as Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE;

7.    impleachtaí airgeadais agus comhréireacht le creat airgeadais ilbhliantúil na ngníomhartha Aontais go léir, gan dochar do chumhachtaí na gcoistí iomchuí;

8.    breithniú leanúnach agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme an bhuiséid reatha d'ainneoin Riail 92a(1), aistrithe leithreasaí, nósanna imeachta a bhaineann leis na pleananna bunaíochta, leithreasaí riaracháin agus tuairimí i dtaca le tionscadail a bhaineann le foirgnimh agus a bhfuil impleachtaí suntasacha airgeadais ag gabháil leo;

9.    an Rialachán Airgeadais, gan nithe a bhaineann le cur chun feidhme, bainistiú agus rialú an bhuiséid a áireamh.

V.    An Coiste um Rialú Buiséadach

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.    rialú agus cur chun feidhme bhuiséad an Aontais agus Chiste Forbraíochta na hEorpa, agus na cinntí ar urscaoileadh atá le glacadh ag an bParlaimint, lena n-áirítear an nós imeachta urscaoilte inmheánach agus gach beart eile a ghabhann leis na cinntí sin nó lena gcuirtear na cinntí sin chun feidhme;

2.    dúnadh, tíolacadh agus iniúchadh chuntais agus chláir chomhardaithe an Aontais, a chuid institiúidí agus aon chomhlachtaí a ndéanann sé maoiniú orthu, lena n-áirítear leithreasaí a bhunú atá le tabhairt ar aghaidh agus réiteach na gcomharduithe;

3.    rialú ghníomhaíochtaí airgeadais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta;

4.    faireachán a dhéanamh ar chost-éifeachtacht na gcineálacha éagsúla maoinithe Aontais le linn beartais an Aontais a chur chun feidhme, ina bhfuil baint, arna iarraidh sin don Choiste um Rialú Buiséadach, leis na sainchoistí agus ag gníomhú dó, arna iarraidh sin don Choiste um Rialú Buiséadach, i gcomhar leis na sainchoistí le haghaidh scrúdú ar thuarascálacha speisialta de chuid na Cúirte Iniúchóirí;

5.    caidreamh leis an Oifig Frith-Chalaoise Eorpach (OLAF), breithniú a dhéanamh ar chalaois agus ar mhírialtachtaí i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, bearta atá dírithe ar chásanna den sórt sin a chosc agus a ionchúiseamh, leasanna airgeadais an Aontais agus na gníomhartha ábhartha de chuid an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh sa réimse seo a chosaint go dian;

6.    caidreamh leis an gCúirt Iniúchóirí, ceapadh a cuid comhaltaí agus breithniú a dhéanamh ar a cuid tuarascálacha;

7.    an Rialachán Airgeadais, a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme, bainistiú agus rialú an bhuiséid.

VI.    An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.    beartais eacnamaíochta agus airgeadaíochta an Aontais, feidhmiú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus chóras airgeadaíochta agus airgeadais na hEorpa (lena n-áirítear caidreamh leis na hinstitiúidí nó leis na heagraíochtaí iomchuí);

2.    saorghluaiseacht caipitil agus íocaíochtaí (íocaíochtaí trasteorann, limistéar íocaíochta aonair, comhardú íocaíochtaí, gluaiseachtaí caipitil agus an beartas maidir le hairgead a fháil ar iasacht agus a thabhairt ar iasacht, rialú gluaiseachtaí caipitil de thionscnamh tríú tíortha, bearta chun onnmhairiú chaipiteal an Aontais a spreagadh);

3.    an córas airgeadaíochta agus airgeadais idirnáisiúnta (lena n-áirítear caidreamh le hinstitiúidí agus le heagraíochtaí airgeadais agus airgeadaíochta);

4.    rialacha ar iomaíocht agus ar chabhair Stáit nó ar chabhair phoiblí;

5.    forálacha cánach;

6.    rialáil agus maoirseacht a dhéanamh ar sheirbhísí airgeadais, ar institiúidí airgeadais agus ar mhargaí airgeadais lena n-áirítear tuairisciú airgeadais, iniúchadh, rialacha cuntasaíochta, rialachas corparáideach agus nithe eile dlí cuideachtaí a bhaineann go sonrach le seirbhísí airgeadais.

7.    gníomhaíochtaí airgeadais ábhartha an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta mar chuid de rialachas eacnamaíoch na hEorpa i limistéar an euro.

VII.    An Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.    beartas fostaíochta agus gach gné den bheartas sóisialta lena n-áirítear coinníollacha oibre, slándáil shóisialta, cuimsiú sóisialta agus cosaint shóisialta;

2.    cearta oibrithe;

3.    bearta sláinte agus sábháilteachta san ionad oibre;

4.    Ciste Sóisialta na hEorpa;

5.    beartas gairmoiliúna, lena n-áirítear cáilíochtaí gairmiúla;

6.    saorghluaiseacht oibrithe agus pinsinéirí;

7.    an comhagallamh sóisialta;

8.    gach cineál idirdhealaithe san ionad oibre agus sa mhargadh saothair ach amháin na cineálacha sin atá bunaithe ar ghnéas;

9.    caidreamh leo seo a leanas:

–    an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop),
–    an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú,
–    Fondúireacht Oiliúna na hEorpa,
–    an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair;

chomh maith le caidreamh le comhlachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile.

VIII.    An Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.    beartas comhshaoil agus bearta cosanta comhshaoil, go háirithe beartais agus bearta a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)    an t-athrú aeráide;
(b)    truailliú aeir, ithreach agus uisce, bainistiú agus athchúrsáil dramhaíola, substaintí agus ullmhóidí contúirteacha, leibhéil torainn agus cosaint na bithéagsúlachta,
(c)    forbairt inbhuanaithe,
(d)    bearta agus comhaontuithe idirnáisiúnta agus réigiúnacha atá dírithe ar chosaint an chomhshaoil,
(e)    damáiste comhshaoil a dheisiú,
(f)    cosaint shibhialta,
(g)    an Ghníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach,
(h)    an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán;

2.    sláinte phoiblí, go háirithe:

(a)    cláir agus gníomhartha sonracha i réimse na sláinte poiblí,
(b)    táirgí cógaisíochta agus táirgí cosmaideacha,
(c)    gnéithe sláinte den bhithsceimhlitheoireacht,
(d)    an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus an Lárionad Eorpach um Chosc agus Rialú Galar;

3.    saincheisteanna sábháilteachta bia, lena n-áirítear go háirithe:

(a)    lipéadú agus sábháilteacht earraí bia,
(b)    reachtaíocht tréidliachta maidir le cosaint in aghaidh rioscaí do shláinte an duine; seiceálacha sláinte poiblí ar earraí bia agus ar chórais táirgthe bia,
(c)    Údarás Sábháilteachta Bia na hEorpa agus Oifig Bia agus Tréidliachta na hEorpa.

IX.    An Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.    beartas tionsclaíochta an Aontais agus agus bearta lena gaolmhara, agus cur i bhfeidhm teicneolaíochtaí nua, lena n-áirítear bearta a bhaineann le fiontair bheaga agus mheánmhéide;

2.    beartas taighde agus nuálaíochta an Aontais, lena n-áirítear eolaíocht agus teicneolaíocht mar aon le scaipeadh agus saothrú torthaí taighde;

3.    beartas Eorpach spáis;

4.    gníomhaíochtaí an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde, na Comhairle Eorpaí um Thaighde, na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht agus na hInstitiúide Ábhar Tagartha agus Tomhas, chomh maith le JET, ITER agus tionscadail eile sa réimse céanna;

5.    bearta an Aontais a bhaineann leis an mbeartas fuinnimh i gcoitinne agus i gcomhthéacs bhunú agus fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh, lena náirítear bearta a bhaineann leis an méid seo a leanas;

(a)    slándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas,
(b)    éifeachtúlacht fuinnimh agus coigilt fuinnimh a chur chun cinn agus cineálacha nua fuinnimh agus cineálacha in-athnuaite fuinnimh a fhorbairt;
(c)    idirnascadh gréasán fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn lena n-áirítear gréasáin thras-Eorpacha a bhunú agus a fhorbairt in earnáil an bhonneagair fuinnimh;

6.    Conradh Euratom agus Gníomhaireacht Soláthair Euratom; sábháilteacht núicléach, díchoimisiúnú agus diúscairt dramhaíola san earnáil núicléach;

7.    sochaí na faisnéise, teicneolaíocht na faisnéise agus gréasáin agus seirbhísí cumarsáide, lena n-áirítear teicneolaíochtaí agus gnéithe slándála agus gréasáin thras-Eorpacha a bhunú agus a fhorbairt in earnáil an bhonneagair teileachumarsáide mar aon le gníomhaíochtaí de chuid Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (ENISA).

X.    An Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.    ar leibhéal an Aontais, comhordú a dhéanamh ar an reachtaíocht náisiúnta i réimse an mhargaidh inmheánaigh agus an aontais custaim, go háirithe:

(a)    saorghluaiseacht earraí, lena n-áirítear comhchuibhiú na gcaighdeán teicniúil,
(b)    ceart bunaíochta,
(c)    an tsaoirse seirbhísí a sholáthar ach amháin sna hearnálacha airgeadais agus poist;

2.    feidhmiú an Mhargaidh Aonair, lena n-áirítear bearta atá dírithe ar chonstaicí a d'fhéadfadh a bheith ar chur i bhfeidhm an Mhargaidh Aonair, lena n-áirítear an Margadh Aonair Digiteach, a aithint agus deireadh a chur leis na constaicí sin;

3.    leasanna eacnamaíocha na dtomhaltóirí a chur chun cinn agus a chosaint, seachas saincheisteanna sláinte poiblí agus sábháilteachta bia;

4.    beartas agus reachtaíocht a bhaineann le forfheidhmiú rialacha de chuid an Mhargaidh Aonair agus chearta na dtomhaltóirí.

XI.    An Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.    nithe a bhaineann le forbairt comhbheartais um iarnróid, bóithre, uiscebhealaí intíre, iompar muirí agus aeriompar, go háirithe:

(a)    comhrialacha is infheidhme maidir le hiompar laistigh den Aontas Eorpach,
(b)    gréasáin thraseorpacha a bhunú agus a fhorbairt i réimse an bhonneagair iompair,
(c)    soláthar seirbhísí iompair agus caidrimh le tríú tíortha i réimse an iompair,
(d)    sábháilteacht iompair,
(e)    caidreamh le comhlachtaí agus eagraíochtaí iompair idirnáisiúnta;
(f)    an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, an Ghníomhaireacht Eorpach Iarnród, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta agus Comhghnóthas SESAR;

2.    seirbhísí poist;

3.    turasóireacht.

XII.    An Coiste um Fhorbairt Réigiúnach

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

beartas réigiúnach agus comhtháthaithe, go háirithe:

1.    oibriú agus forbairtbheartas forbartha réigiúnaigh agus comhtháthaithe an Aontais, mar a bunaíodh sna Conarthaí;

2.    Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe agus ionstraimí eile de chuid bheartas réigiúnach an Aontais,

3.    measúnú ar thionchar bheartais eile an Aontais ar chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta,

4.    comhordú ar ionstraimí struchtúracha an Aontais,

5.    gné uirbeach an bheartais chomhtháthaithe;

6.    na réigiúin agus na hoileáin is forimeallaí chomh maith le comhar trasteorann agus idir-réigiúnach,

7.    caidreamh le Coiste na Réigiún, le heagraíochtaí comhair idir-réigiúnaigh agus le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha.

XIII.    An Coiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.    oibriú agus forbairt an chomhbheartais talmhaíochta;

2.    forbairt na tuaithe, lena n-áirítear gníomhaíochtaí na n-ionstraimí airgeadais iomchuí;

3.    reachtaíocht maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)    ábhair a bhaineann le tréidliacht agus folláine plandaí agus ábhair bheatha d'ainmhithe ar choinníoll nach bhfuil cosaint ar rioscaí do shláinte an duine i gceist le bearta den sórt sin,
(b)    fearachas agus leas ainmhithe;

4.    feabhsú a dhéanamh ar cháilíocht táirgí talmhaíochta;

5.    soláthairtí amhábhar talmhaíochta;

6.    Oifig an Chomhphobail maidir le Cineálacha Plandaí;

7.    foraoiseacht agus agrafhoraoiseacht.

XIV.    An Coiste um Iascach

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.    oibriú agus forbairt an chomhbheartais iascaigh agus bainistiú an chomhbheartais sin;

2.    caomhnú na n-acmhainní iascaigh, bainistiú an iascaigh agus na gcabhlach a shaothraíonn acmhainní den sórt sin agus taighde mara agus iascaigh fheidhmigh;

3.    comheagrú an mhargaidh i ndáil le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe agus próiseáil agus margaíocht díobh sin;

4.    an beartas struchtúrach sna hearnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe, lena n-áirítear na hionstraimí airgeadais agus na cistí le haghaidh treoraíochta iascaigh chun tacaíocht a thabhairt do ha hearnálacha seo;

5.    beartas muirí comhtháite maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta;

6.    comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe, eagraíochtaí réigiúnacha iascaigh agus cur chun feidhme oibleagáidí idirnáisiúnta i réimse an iascaigh.

XV.    An Coiste um Chultúr agus um Oideachas

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.    gnéithe cultúrtha an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe:

(a)    feabhas a chur ar an eolas ar chultúr agus ar scaipeadh an chultúir,
(b)    éagsúlacht chultúrtha agus éagsúlacht teanga a chosaint agus a chur chun cinn,
(c)    an oidhreacht chultúrtha, malartuithe cultúrtha agus cruthaíocht ealaíonta a chaomhnú agus a choimirciú;

2.    beartas oideachais an Aontais, lena n-áirítear réimse ardoideachais na hEorpa mar aon le córas na scoileanna Eorpacha agus foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn;

3.    an beartas closamhairc agus gnéithe cultúrtha agus oideachais de shochaí na faisnéise;

4.    beartas óige;

5.    beartas spóirt agus áineasa a fhorbairt;

6.    beartas faisnéise agus meán;

7.    comhar le tríú tíortha i réimsí an chultúir agus an oideachais agus caidreamh leis na heagraíochtaí agus na hinstitiúidí idirnáisiúnta iomchuí.

XVI.    An Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.    léirmhíniú agus cur i bhfeidhm dhlí an Aontais agus faireachán a dhéanamh air agus comhlíonadh an dlí phríomha i dtaca le gníomhartha an Aontais de, go háirithe rogha na mbunús dlí agus urraim do phrionsabal na coimhdeachta agus do phrionsabal na comhréireachta;

2.    léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an dlí idirnáisiúnta, a mhéid a dhéantar difear don Aontas Eorpach;

3.    reachtóireacht níos fearr agus simpliú dhlí an Aontais;

4.    cosaint dhlíthiúil chearta agus shainchumais na Parlaiminte, lena n-áirítear rannpháirtíocht na Parlaiminte i gcaingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

5.    gníomhartha an Aontais lena ndéantar difear d'ord dlíthiúil na mBallstát, eadhon sna réimsí seo a leanas:

(a)    an dlí sibhialta agus tráchtála,
(b)    an dlí cuideachtaí,
(c)    dlí na maoine intleachtúla,
(d)    an dlí nós imeachta;

6.    bearta a bhaineann le comhar breithiúnach agus riaracháin in ábhair shibhialta;

7.    dliteanas agus smachtbhannaí comhshaoil in aghaidh coireachta comhshaoil;

8.    ceisteanna eitice a bhaineann le teicneolaíochtaí nua, an nós imeachta le haghaidh coistí comhlachaithe a chur i bhfeidhm i gcomhar leis na coistí iomchuí;

9.    Reacht na bhFeisirí agus Rialacháin Foirne an Aontais Eorpaigh;

10.    pribhléidí agus díolúintí chomh maith le fíorú dhintiúir na bhFeisirí;

11.    eagrúchán agus reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

12.    Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh.

XVII.    An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.    cearta na saoránach, cearta an duine agus cearta bunúsacha, lena n-áirítear cosaint do mhionlaigh, mar atá leagtha síos sna Conarthaí agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a chosaint laistigh de chríoch an Aontais;

2.    na bearta is gá chun gach cineál idirdhealaithe a chomhrac, seachas na cineálacha sin atá bunaithe ar ghnéas nó a tharlaíonn san ionad oibre agus sa mhargadh saothair;

3.    reachtaíocht i réimse na trédhearcachta agus i réimse na cosanta daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta;

4.    limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhunú agus a fhorbairt agus prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta á n-urramú, go háirithe:

(a)    bearta a bhaineann le hiontráil agus gluaiseacht daoine, le tearmann agus le himirce,
(b)    bearta a bhaineann le bainistiú lánpháirtithe na gcomhtheorainneacha,
(c)    bearta a bhaineann le comhar póilíneachta agus le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, lena n-áirítear sceimhlitheoireacht, agus bearta substainteacha agus nós imeachta a bhaineann le cur chuige Aontais níos comhtháite a fhorbairt maidir leis an dlí coiriúil;

5.    an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, Europol, Eurojust, Cepol, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus comhlachtaí agus gníomhaireachtaí eile sa réimse céanna;

6.    cinneadh a dhéanamh i dtaca le baol soiléir a bheith ann go bhfuil sárú tromchúiseach déanta ag Ballstát ar na prionsabail is coiteann do na Ballstáit.

XVIII.    An Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.    na gnéithe institiúideacha de phróiseas na lánpháirtíochta Eorpaí, go háirithe a mhéid a bhaineann le hullmhú, tionscnamh agus imeachtaí gnáthnósanna imeachta um athbhreithniú ar na Conarthaí agus nósanna imeachta simplithe um athbhreithniú ar na Conarthaí;

2.    cur chun feidhme na gConarthaí agus measúnú a dhéanamh ar a n-oibriú;

3.    na hiarmhairtí institiúideacha a ghabhann le caibidlíocht ar mhéadú an Aontais nó le tarraingt siar ón Aontas;

4.    caidreamh idirinstitiúideach, lena n-áirítear scrúdú a dhéanamh ar chomhaontuithe idirinstitiúideacha de bhun Riail 140(2) de na Rialacha Nós Imeachta, d'fhonn iad a fhormheas ag an bParlaimint;

5.    nós imeachta toghcháin aonfhoirmeach;

6.    páirtithe polaitiúla agus fondúireachtaí polaitiúla ar leibhéal Eorpach, gan dochar d'inniúlachtaí an Bhiúró;

7.    cinneadh a dhéanamh maidir le sárú leanúnach tromchúiseach a bheith déanta ag Ballstát ar na prionsabail is coiteann do na Ballstáit;

8.    léirmhíniú agus cur i bhfeidhm na Rialacha Nós Imeachta agus tograí i gcomhair leasuithe orthu.

XIX.    An Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.    sainmhíniú, cur chun cinn agus cosaint chearta na mban san Aontas agus bearta gaolmhara de chuid an Aontais;

2.    cearta na mban a chur chun cinn i dtríú tíortha;

3.    beartas comhdheiseanna, lena n-áirítear comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn a mhéid a bhaineann le deiseanna sa mhargadh saothair agus le cóir chomhionann ag an obair;

4.    deireadh a chur le gach cineál foréigin agus idirdhealaithe atá bunaithe ar ghnéas;

5.    príomhshruthú inscne a chur chun feidhme agus a fhorbairt tuilleadh sna hearnálacha beartais go léir;

6.    obair leantach ar chomhaontuithe agus ar choinbhinsiúin idirnáisiúnta a bhaineann le cearta na mban agus iad a chur chun feidhme;

7.    spreagadh feasachta maidir le cearta ban.

XX.    An Coiste um Achainíocha

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.    achainíocha;

2.    éisteachtaí poiblí a eagrú maidir le tionscnaimh saoránach de bhun Riail 211;

3.    caidreamh leis an Ombudsman Eorpach.

(1)Arna ghlacadh le cinneadh ón bParlaimint an 15 Eanáir 2014.
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais