IARSCRÍBHINN
V
: CUMHACHTAÍ AGUS FREAGRACHTAÍ NA MBUANCHOISTÍ
(1)
XI.
An Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht
Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:
1.
nithe a bhaineann le forbairt comhbheartais um iarnróid, bóithre, uiscebhealaí intíre, iompar muirí agus aeriompar, go háirithe:
(a)
comhrialacha is infheidhme maidir le hiompar laistigh den Aontas Eorpach,
(b)
gréasáin thraseorpacha a bhunú agus a fhorbairt i réimse an bhonneagair iompair,
(c)
soláthar seirbhísí iompair agus caidrimh le tríú tíortha i réimse an iompair,
(d)
sábháilteacht iompair,
(e)
caidreamh le comhlachtaí agus eagraíochtaí iompair idirnáisiúnta;
(f)
an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, an Ghníomhaireacht Eorpach Iarnród, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta agus Comhghnóthas SESAR;