Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
8ú téarma parlaiminteach - Eanáir 2017
EPUB 212kPDF 1040k
CLÁR
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR

TEIDEAL V  : CAIDREAMH LE hINSTITIUIDÍ AGUS LE COMHLACHTAÍ EILE
CAIBIDIL  4  : TUARASCÁLACHA Ó INSTITIÚIDÍ AGUS Ó CHOMHLACHTAÍ EILE

Riail 132  : Tuarascálacha bliantúla agus tuarascálacha eile ó institiúidí nó ó chomhlachtaí eile

1.    Maidir le tuarascálacha bliantúla agus maidir le tuarascálacha eile ó institiúidí nó ó chomhlachtaí eile, ar ina leith a dhéantar foráil leis na Conarthaí á rá go rachfar i gcomhairle leis an bParlaimint, nó ar ina leith a cheanglaítear le forálacha dlíthiúla eile tuairim de chuid na Parlaiminte a fháil, déileálfar leo i dtuarascáil a chuirfear faoi bhráid an tsuí iomlánaigh.

2.    Déanfar tuarascálacha bliantúla agus tuarascálacha eile ó institiúidí nó ó chomhlachtaí eile nach gclúdaítear le raon feidhme mhír 1 a tharchur chuig an gcoiste freagrach, a dhéanfaidh iad a scrúdú, agus a d’fhéadfadh tairiscint ghearr i gcomhair rúin a thíolacadh don Pharlaimint nó a mholadh go ndéanfar tuarascáil a tharraingt suas faoi Riail 52, má mheasann sé gur cheart don Pharlaimint seasamh a ghlacadh maidir le ceist thábhachtach a clúdaíodh sna tuarascálacha.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais