1.
Déanfar tuarascáil focal ar fhocal d'imeachtaí gach suí a tharraingt suas mar dhoiciméad ilteangach ina mbeidh na hionchuir ó bhéal uile ar fáil sa teanga oifigiúil bhunaidh.
2.
Gan dochar dá chuid cumhachtaí araíonachta eile, féadfaidh an tUachtarán a chur faoi deara go ndéanfar óráidí Feisirí nár glaodh orthu chun labhairt nó a leanann orthu de bheith ag labhairt tar éis an ama atá tugtha dóibh a scriosadh as tuarascálacha focal ar fhocal.
3.
Féadfaidh na cainteoirí ceartúcháin a dhéanamh ar chlóscríbhinní a n-ionchur ó bhéal laistigh de chúig lá oibre. Déanfar na ceartúcháin a chur chuig an Ardrúnaíocht laistigh den sprioc- am sin.
4.
Foilseofar an tuarascáil ilteangach focal ar fhocal mar iarscríbhinn a ghabhann le hIris
5.
Déanfar aon sliocht as an tuarascáil focal ar fhocal a aistriú go teanga oifigiúil ar bith má iarrann Feisire amhlaidh. Más gá, déanfar an t-aistriúchán a chur ar fáil ar gearrfhógra.