Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
8ú téarma parlaiminteach - Iúil 2018
EPUB 222kPDF 1147k
CLÁR
AGUISÍN
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

IARSCRÍBHINN V : CUMHACHTAÍ AGUS FREAGRACHTAÍ NA MBUANCHOISTÍ(1)
III.   An Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta

Tá an coiste freagrach as:

nithe a bhaineann le comhbheartas tráchtála an Aontais agus a chaidreamh eacnamaíoch seachtrach a bhunú agus a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu, go háirithe na nithe seo a leanas:

1.   caidreamh airgeadais, eacnamaíoch agus trádála le tríú tíortha agus le heagraíochtaí réigiúnacha;

2.   an chomhtharaif sheachtrach agus éascú trádála mar aon le gnéithe seachtracha d'fhorálacha agus bainistíocht custaim;

3.   comhaontuithe déthaobhacha, iltaobhacha agus ilpháirtithe lena rialaítear caidreamh eacnamaíoch, trádála agus infheistíochta le tríú tíortha agus le heagraíochtaí réigiúnacha a oscailt, faireachán a dhéanamh orthu, iad a thabhairt i gcrích agus bearta leantacha a dhéanamh orthu;

4.   bearta a bhaineann le comhchuibhiú teicniúil nó caighdeánú sna réimsí atá clúdaithe in ionstraimí dlí idirnáisiúnta;

5.   caidreamh le heagraíochtaí idirnáisiúnta iomchuí agus le fóraim idirnáisiúnta maidir le nithe a bhaineann le trádáil, agus le heagraíochtaí a chuireann lánpháirtiú réigiúnach eacnamaíoch agus tráchtála chun cinn lasmuigh den Aontas;

6.   caidreamh leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, lena n-áirítear a gné pharlaiminteach.

Déanann an coiste idirchaidreamh leis na toscaireachtaí idirpharlaiminteacha agus ad hoc iomchuí a phléann leis na gnéithe eacnamaíocha agus trádála den chaidreamh le tríú tíortha.

(1)Arna ghlacadh le cinneadh ón bParlaimint an 15 Eanáir 2014.
An nuashonrú is déanaí: 22 Bealtaine 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais