IARSCRÍBHINN V : CUMHACHTAÍ AGUS FREAGRACHTAÍ NA MBUANCHOISTÍ(1)
XI. An Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht
Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:
1. nithe a bhaineann le forbairt comhbheartais um iarnróid, bóithre, uiscebhealaí intíre, iompar muirí agus aeriompar, go háirithe:
(a) comhrialacha is infheidhme maidir le hiompar laistigh den Aontas Eorpach,
(b) gréasáin thraseorpacha a bhunú agus a fhorbairt i réimse an bhonneagair iompair,
(c) soláthar seirbhísí iompair agus caidrimh le tríú tíortha i réimse an iompair,
(d) sábháilteacht iompair,
(e) caidreamh le comhlachtaí agus eagraíochtaí iompair idirnáisiúnta;
(f) an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, an Ghníomhaireacht Eorpach Iarnród, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta agus Comhghnóthas SESAR;