Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
8ú téarma parlaiminteach - Iúil 2018
EPUB 222kPDF 1147k
CLÁR
AGUISÍN
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL VIII : COISTÍ AGUS TOSCAIREACHTAÍ
CAIBIDIL 1 : COISTÍ

Riail 197 : Coistí speisialta (1)

1.   Ar thogra ó Chomhdháil na nUachtarán, féadfaidh an Pharlaimint, aon tráth, coistí speisialta a chur ar bun, a ndéanfar a gcuid freagrachtaí, a líon comhaltaí agus a dtéarma oifige a shainiú ag an am céanna a dhéantar an cinneadh chun iad a chur ar bun.

2.   Ní fhéadfaidh téarma oifige na gcoistí speisialta dul thar 12 mhí, ach amháin i gcás ina bhfadaíonn an Pharlaimint an téarma roimh dó dul in éag. Mura rud é go gcinntear a mhalairt i gcinneadh na Parlaiminte chun an coiste speisialta a chur ar bun, tosóidh a théarma oifige ó dháta a chruinnithe tionscnaimh.

3.   Ní bheidh an ceart ag coistí speisialta tuairimí a thabhairt do choistí eile.

(1) An leagan de Riail 197 a mbeidh feidhm aige ó oscailt pháirtseisiúin Iúil 2019, tá sé ar fáil fresin san Aguisín a ghabhann leis an eagrán seo de na Rialacha Nós Imeachta.
An nuashonrú is déanaí: 22 Bealtaine 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais