Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
8ú téarma parlaiminteach - Márta 2019
EPUB 161kPDF 1053k
CLÁR
AGUISÍN
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL IV : TRÉDHEARCACHT GNÓ

Riail 115 : Trédhearcacht ghníomhaíochtaí na Parlaiminte

1.   Cinnteoidh an Pharlaimint go seoltar a cuid gníomhaíochtaí ar an tslí is trédhearcaí is féidir, i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 1 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, le hAirteagal 15 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus le hAirteagal 42 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

2.   Is go poiblí a bheidh na díospóireachtaí sa Pharlaimint.

3.   Is go poiblí a bheidh cruinnithe na gCoistí de ghnáth. Ar a dhéanaí nuair a ghlactar an clár oibre do chruinniú, féadfaidh siad a chinneadh, áfach, an clár oibre sin a roinnt ina ítimí a mbeidh cuid acu oscailte don phobal agus a mbeidh an chuid eile acu dúnta don phobal. Má sheoltar cruinniú i seomra iata, áfach, féadfaidh an coiste a chinneadh doiciméid a bhaineann leis an gcruinniú a chur ar fáil don rochtain phoiblí.

An nuashonrú is déanaí: 13 Bealtaine 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais