Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2016/0230(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0262/2017

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0262/2017

Díospóireachtaí :

PV 11/09/2017 - 21
CRE 11/09/2017 - 21
PV 16/04/2018 - 20
CRE 16/04/2018 - 20

Vótaí :

PV 13/09/2017 - 9.8
CRE 13/09/2017 - 9.8
Mínithe ar vótaí
PV 17/04/2018 - 6.5
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2017)0339
P8_TA(2018)0096

Téacsanna atá glactha
PDF 243kWORD 61k
Dé Máirt, 17 Aibreán 2018 - Strasbourg
Astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún agus athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh 2030 ***I
P8_TA(2018)0096A8-0262/2017
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2018 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó thalamhúsáid, athrú ar thalamhúsáid agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat aeráide agus fuinnimh 2030 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú (COM(2016)0479 – C8-0330/2016 – 2016/0230(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0479),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0330/2016),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 14 Nollaig 2016(1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 23 Márta 2017(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Nollaig 2017 go ndéanfaí seasamh na Parlaiminte a fhormheas, de réir Airteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus do na tuairimí ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A8-0262/2017),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(3);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go suntasach é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go suntasach;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 75, 10.3.2017, lch. 103.
(2) IO C 272, 17.8.2017, lch. 36.
(3) Glacann an seasamh seo ionad na leasuithe arna nglacadh an 13 Meán Fómhair 2017 (Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2017)0339).


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 17 Aibreán 2018 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2018/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh , agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE
P8_TC1-COD(2016)0230

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2018/841.)

An nuashonrú is déanaí: 3 Nollaig 2018Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais