Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le comhfhogasú fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (COM(2015)0615 – C8-0387/2015 – 2015/0278(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2015)0615),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0387/2015),
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an mbunús dlí atá molta,
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 25 Bealtaine 2016(1),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 19 Nollaig 2018 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Rialacha 59 agus 39 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus do na tuairimí ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne agus ón gCoiste um Achainíocha (A8-0188/2017),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(2);
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Glacann an seasamh seo ionad na leasuithe arna nglacadh an 14 Meán Fómhair 2017 (Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2017)0347).
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2019/882).