Go back to the Europarl portal

Choisissez la langue de votre document :

  • bg - български
  • es - español
  • cs - čeština
  • da - dansk
  • de - Deutsch
  • et - eesti keel
  • el - ελληνικά
  • en - English
  • fr - français
  • ga - Gaeilge (Selected)
  • hr - hrvatski
  • it - italiano
  • lv - latviešu valoda
  • lt - lietuvių kalba
  • hu - magyar
  • mt - Malti
  • nl - Nederlands
  • pl - polski
  • pt - português
  • ro - română
  • sk - slovenčina
  • sl - slovenščina
  • fi - suomi
  • sv - svenska
 Index 
 Full text 
Procedure : 2017/2126(INI)
Document stages in plenary
Document selected : A8-0328/2017

Texts tabled :

A8-0328/2017

Debates :

PV 15/11/2017 - 20
CRE 15/11/2017 - 20

Votes :

PV 16/11/2017 - 7.8

Texts adopted :

P8_TA(2017)0449

Debates
Wednesday, 15 November 2017 - Strasbourg Revised edition

20. Activities of the European Ombudsman in 2016 (debate)
Video of the speeches
PV
MPphoto
 

  Liadh Ní Riada (GUE/NGL ). – A Uachtaráin, tugann oifig an Ombudsman Eorpaigh guth do ghnáthdhaoine agus molaim go hard í. Ach má táimid dáiríre mar gheall ar Eoraip Shóisialta a chur i gcrích, ba chóir dúinn an tOmbudsman Eorpach a fheiceáil mar dhroichead i dtreo na físe sin. Léiríonn na riachtanais ró-iomarcacha riaracháin a theastaíonn ó na gníomhaireachtaí Eorpacha an easpa cumarsáide, ceangail agus tuisceana atá ann idir maorlathas na hEorpa agus na Ballstáit, agus gnáthmhuintir na hEorpa.

Tá pobail agus comhlachtaí in Éirinn fós ag fulaingt de bharr easpa airgid agus de dheasca an riaracháin iomarcaigh seo - Leader mar shampla. In 2011, thug saoránach Éireannach a cás chuig an Ombudsman maidir le rochtain ar channabas míochaine dá hiníon. Agus cé go bhfuil sé lasmuigh d’imscrúdú an Ombudsmain, is ceist an-mhór rochtain ar chúram sláinte do shaoránaigh na hEorpa, go háirithe nuair atá cearta difriúla ag saoránaigh, ag brath ar an mBallstát ina bhfuil siad.

Tá cailín óg Éireannach, Ava Twomey, scartha óna clann faoi láthair agus ina cónaí san Ísiltír, áit ina bhfuil rochtain ar an gcannabas míochaine seo atá ag teastáil uaithi. Tá éagóir ollmhór á déanamh ar an gcailín seo agus ar a clann. Agus arís is gnáthshaoránaigh phobail agus comhlachtaí atá ag fulaingt.

Úsáidimis an tOmbudsman chun cabhrú réiteach na bhfadhbanna seo a aimsiú.

 
Last updated: 1 February 2018Legal notice