Go back to the Europarl portal

Choisissez la langue de votre document :

  • bg - български
  • es - español
  • cs - čeština
  • da - dansk
  • de - Deutsch
  • et - eesti keel
  • el - ελληνικά
  • en - English
  • fr - français
  • ga - Gaeilge (Selected)
  • hr - hrvatski
  • it - italiano
  • lv - latviešu valoda
  • lt - lietuvių kalba
  • hu - magyar
  • mt - Malti
  • nl - Nederlands
  • pl - polski
  • pt - português
  • ro - română
  • sk - slovenčina
  • sl - slovenščina
  • fi - suomi
  • sv - svenska
 Index 
 Full text 
Procedure : 2017/2071(INI)
Document stages in plenary
Document selected : A8-0013/2018

Texts tabled :

A8-0013/2018

Debates :

PV 07/02/2018 - 17
CRE 07/02/2018 - 17

Votes :

PV 08/02/2018 - 12.9

Texts adopted :

P8_TA(2018)0039

Debates
Wednesday, 7 February 2018 - Strasbourg Revised edition

17. Annual report on the financial activities of the European Investment Bank (debate)
Video of the speeches
PV
MPphoto
 

  Liadh Ní Riada, thar ceann an Ghrúpa GUE/NGL . – A Uachtaráin, is baolach nach féidir liom tacú leis an tuairisc seo mar a sheasann sé, mar go dtugann sé moladh do EIB agus an méid atá ar bun aige agus cé go bhfuil ról EIB thar a bheith tábhachtach i dtaobh infheistíochta poiblí san Aontas Eorpach, ní dóigh liom go bhfuil sé ag feidhmiú maith go leor. Táimíd tar éis neart airgid ó bhuiséad AE a fheiceáil ag dul go dtí EIB, agus leis seo tagann freagracht agus tá díomá ormsa go bhfeicim go bhfuil mórchuid den chumhacht a bhí ag buiséad an Aontais Eorpaigh anois ag dul go dtí EIB.

Feicimid go bhfuil cuir i bhfeidhm polasaithe agus cláracha bainteach leis an AE anois ar bun ag EIB, abair an Plean Juncker, fiú tograí bonneagair, taighde agus a leithéid.

Cá bhfuil an gné thrédhearcach? Cá bhfuil an dianscrúdú? Cá bhfuil an próiseas daonlathach? Agus cá bhfuil an chuntasaíocht dár saoránaigh? Saoránaigh atá ag brath orainn san teach seo chun a chinntiú go bhfuil infheistíocht á cur i bhfeidhm dóibh siúd go bhfuil géarghá acu leis. Iad siúd gan bhaile agus gan an deis acu teach a cheannach, iad siúd atá ag iarraidh billí a íoc, agus iad siúd atá ag iarraidh a bpaistí a chur ar scoil. Tá deiseanna iontacha ann má dhéantar infheistíocht mar is cuí chun an geilleagar a bhorradh agus tá an deis ann do EIB na cinntí cearta a dhéanamh ar son ár saoránaigh. Ach bliain i ndiaidh bliana, bímíd istigh sa teach seo ag trácht ar an saghas seo raiméis chéanna agus gan aon toradh fónta ag teacht air agus dáiríre, tá géarchéim amuigh ansin ann agus tá an t-am tagtha go n-athróimid an port agus aghaidh a thabhairt ar na géarchéimeanna seo.

 
Last updated: 13 April 2018Legal notice