Go back to the Europarl portal

Choisissez la langue de votre document :

  • bg - български
  • es - español
  • cs - čeština
  • da - dansk
  • de - Deutsch
  • et - eesti keel
  • el - ελληνικά
  • en - English
  • fr - français
  • ga - Gaeilge (Selected)
  • hr - hrvatski
  • it - italiano
  • lv - latviešu valoda
  • lt - lietuvių kalba
  • hu - magyar
  • mt - Malti
  • nl - Nederlands
  • pl - polski
  • pt - português
  • ro - română
  • sk - slovenčina
  • sl - slovenščina
  • fi - suomi
  • sv - svenska
 Index 
 Full text 
Procedure : 2018/2714(RSP)
Document stages in plenary
Select a document: :

Texts tabled :

B8-0239/2018

Debates :

PV 29/05/2018 - 2
CRE 29/05/2018 - 2

Votes :

PV 30/05/2018 - 13.10
CRE 30/05/2018 - 13.10

Texts adopted :

P8_TA(2018)0226

Debates
Tuesday, 29 May 2018 - Strasbourg Revised edition

2. 2021-2027 Multiannual Financial Framework and own resources (debate)
Video of the speeches
PV
MPphoto
 

  Liadh Ní Riada (GUE/NGL ). – A Uachtaráin, caithfidh mé a rá go bhfuilim an-bhuartha mar gheall ar an tslí chun tosaigh atá léirithe ag an gCoimisiún don Aontas Eorpach leis an togra don chéad bhuiséad fadtéarmach eile. Tá tosaíochtaí an Choimisiúin soiléir. Ciorruithe dosna cláir le torthaí sóisialta - an Ciste Comhtháthaithe agus maoiniú i dtaobh forbairt tuaithe, mar shampla; agus méaduithe ar chláir mhíleata agus athchóirithe struchtúracha.

Cuireann an buiséad fad-téarmach seo béim ar bhagairtí seachtracha agus molann sé caiteachas míleata gan fasach roimhe seo. Bogadh a chuirfidh deireadh le neodracht na mBallstát ar nós Éire, agus a chuirfidh ceann de phrionsabail bunaithe an Aontais Eorpaigh bunoscionn. Tá an Eoraip faoi bhagairt, áfach. Tá an Eoraip faoi bhagairt ón éagothroime atá ag ardú, ó sheirbhísí sóisialta tearcmhaoinithe, ó dhífhostaíocht, ó éigeandálaí daonnúla, agus gan amhras, ó athrú aeráide.

Go bunúsach, a Choimisinéir, is aistriú níos faide ó Eoraip atá bunaithe go sóisialta, a chuireann síocháin agus slándáil eacnamaíochta chun cinn, atá le feiscint insan mbuiséad fadtéarmach seo. Is é fís an Choimisiúin don Eoraip ná Eoraip ina mbeidh níos lú maoinithe dhírigh, agus níos mó ionstraimí airgeadais. Níos lú tacaíochta, níos lú dlúthpháirtíochta, agus níos mó dár n-airgead caite ar ábhair mhíleata. Mínigh é seo dár bhfeirmeoirí, a Choimisinéir.

 
Last updated: 22 September 2018Legal notice