Go back to the Europarl portal

Choisissez la langue de votre document :

  • bg - български
  • es - español
  • cs - čeština
  • da - dansk
  • de - Deutsch
  • et - eesti keel
  • el - ελληνικά
  • en - English
  • fr - français
  • ga - Gaeilge (Selected)
  • hr - hrvatski
  • it - italiano
  • lv - latviešu valoda
  • lt - lietuvių kalba
  • hu - magyar
  • mt - Malti
  • nl - Nederlands
  • pl - polski
  • pt - português
  • ro - română
  • sk - slovenčina
  • sl - slovenščina
  • fi - suomi
  • sv - svenska
 Index 
 Full text 
Procedure : 2017/2259(INI)
Document stages in plenary
Document selected : A8-0162/2018

Texts tabled :

A8-0162/2018

Debates :

PV 30/05/2018 - 28
CRE 30/05/2018 - 28

Votes :

PV 31/05/2018 - 7.10

Texts adopted :

P8_TA(2018)0240

Debates
Wednesday, 30 May 2018 - Strasbourg Revised edition

28. Implementation of the EU Youth Strategy (debate)
Video of the speeches
PV
MPphoto
 

  Liadh Ní Riada, thar ceann an Ghrúpa GUE/NGL . – A Uachtaráin, in ainneoin go bhfuil Rialtas na hÉireann ag rá linn go bhfuil cúrsaí ag dul i bhfeabhas, tá ráta ár n-aos óg atá dífhostaithe, gan traenáil nó oideachas, ag 20 %. Geall le dúbailt na bhfigiúirí roimh an gcúlú eacnamaíochta.

Bheadh sé seo fiú níos measa mura mbeadh an méid sin imirce agus clár gníomhachtaithe fostaíochta san áireamh, gan trácht ar phoist ar phá íseal gan aon gheallúint ar phoist bhuana. Is mór an náire é go bhfuil Éire ar cheann de na tíortha is measa i dtaobh úsáid a bhaint as an YEI. Is deacair a chreidiúint nach bhfuil ach €8 milliún as €136 mhilliún tarraingthe síos ag an Rialtas, agus níor úsáid siad an t-airgead ar fad a bhí ar fáil dóibh leis na ceithre bliana deireanacha anuas.

Tá sé seo scannalach nuair atá an oiread sin dár n-aos óg ag streachailt chun maireachtaint ó thaobh costais oideachais agus costais chíosa, agus fiú costais phrintíseachta, agus dóibh siúd nach bhfuil ábalta deontas oideachais a fháil. Níl tuismitheoirí ábalta na costais ollmhóra seo a iompar.

Bhí agus tá seans ag an Rialtas éileamh ar an YEI, níl aon leithscéal acu, ní raibh leithscéal acu le ceithre bliana anuas agus táim ag glaoch anois ar an Rialtas geallúint a thabhairt chun todhchaí dhearfach a chruthú dár ndaoine óga agus stop a chur leis an tseafóid. Tá sé náireach.

 
Last updated: 7 September 2018Legal notice