Go back to the Europarl portal

Choisissez la langue de votre document :

  • bg - български
  • es - español
  • cs - čeština
  • da - dansk
  • de - Deutsch
  • et - eesti keel
  • el - ελληνικά
  • en - English
  • fr - français
  • ga - Gaeilge (Selected)
  • hr - hrvatski
  • it - italiano
  • lv - latviešu valoda
  • lt - lietuvių kalba
  • hu - magyar
  • mt - Malti
  • nl - Nederlands
  • pl - polski
  • pt - português
  • ro - română
  • sk - slovenčina
  • sl - slovenščina
  • fi - suomi
  • sv - svenska
 Index 
 Full text 
Debates
Tuesday, 12 June 2018 - Strasbourg Revised edition

6.1. State of play of recreational fisheries in the EU (A8-0191/2018 - Norica Nicolai)
Video of the speeches
MPphoto
 

  Liadh Ní Riada (GUE/NGL ). – A Uachtaráin, thug mé tacaíocht don tuairisc seo mar go dtugann sí aitheantas don ghéarghá atá lenár mbáid bheaga a chosaint agus a fhorbairt. Léiríonn sí go gcaithfear tuiscint a bheith ann ar an difríocht idir iascaireacht mar chaitheamh aimsire agus iascaireacht mar shlí bheatha.

Tuigimid go mbeidh fás agus borradh ar thurasóireacht atá bainteach le slatiascaireacht mar chaitheamh aimsire agus aithnímid gur rud maith é seo, ach ag an am céanna tá sé tábhachtach nach gciallódh sé seo go mbeadh aon laghdú ar dheiseanna d’iascaireacht phroifisiúnta agus nach gcuirfeadh sé isteach ar an earnáil leis na flíteanna beaga.

Bheadh sé níos deise a bheith ag caint mar gheall air seo dá mbeadh an tigh ciúin! Tá sé an-deacair a bheith ag caint nuair atá daoine ag cadráil.

Ar aon chuma, cuirim fáilte roimh an nglaoch ón gCoimisiún chun airgead a infheistiú chun an earnáil turasóireachta i dtaobh iascaireacht mar chaitheamh aimsire a fhorbairt agus ba chóir go mbeadh eolas faoi acmhainní á roinnt.

É sin ráite, caithfidh mé a rá go bhfuilim an-bhuartha faoin droch-thionchar a bheadh ar an gcóras eicea-uisce úr de bharr an baol a bheadh ann dá mbeadh speicis neamhdhúchasacha ag cur isteach ar ár n-aibhneacha, go mbeidh slatiascairí ag iascaireacht iontu i gcoitinne.

 
Last updated: 8 September 2018Legal notice