Go back to the Europarl portal

Choisissez la langue de votre document :

  • bg - български
  • es - español
  • cs - čeština
  • da - dansk
  • de - Deutsch
  • et - eesti keel
  • el - ελληνικά
  • en - English
  • fr - français
  • ga - Gaeilge (Selected)
  • hr - hrvatski
  • it - italiano
  • lv - latviešu valoda
  • lt - lietuvių kalba
  • hu - magyar
  • mt - Malti
  • nl - Nederlands
  • pl - polski
  • pt - português
  • ro - română
  • sk - slovenčina
  • sl - slovenščina
  • fi - suomi
  • sv - svenska
 Index 
 Full text 
Document stages in plenary
Select a document: :

Texts tabled :

O-000055/2018 (B8-0029/2018)

Debates :

PV 13/06/2018 - 19
CRE 13/06/2018 - 19

Votes :

Texts adopted :


Debates
Wednesday, 13 June 2018 - Strasbourg Revised edition

19. Improving language learning and the mutual recognition of language competences in the EU (debate)
Video of the speeches
PV
MPphoto
 

  Liadh Ní Riada, thar ceann an Ghrúpa GUE/NGL . – A Uachtaráin, cuirim fáilte gan dabht roimh an díospóireacht seo mar ceapaim gur maith an rud é aitheantas a thabhairt dár n-éagsúlacht teanga. Is díospóireacht bheo leanúnach í cearta teanga san Eoraip agus sa bhaile in Éirinn. Mar shampla, tá ár rialtas féin ag déanamh faillí ar ár bpobal Gaeilge le heaspa seirbhísí agus easpa aitheantais, easpa múinteoirí agus easpa tacaíochta, go háirithe dúinne atá inár gcónaí sa Ghaeltacht.

Tá dearcadh rialtas na Breataine scannalach i dtaobh ár dteanga dhúchasach agus nílid toilteanach comhaontú Chill Rímhinn a chomhlíonadh maidir le hAcht na Gaeilge. Tá sé tábhachtach mar sin go seasfaimid mar Fheisirí go láidir ar son cearta teanga agus son cearta daonna i ngach gné dár saol. Tá ár dteangacha tábhachtach, ní hamháin dár bhféiniúlacht ach dár bhféinmhuinín, dár n-éiceolaiocht, dár gcultúr agus níos mó ná san.

Ach mar fhocal scoir, agus samhlaím go bhfuil sé tábhachtach é seo a ardú agus sinn ag caint ar chúrsaí teanga ar ndóigh: tá deacrachtaí ag na hateangairí le riarachán sa Pharlaimint seo agus táim ag labhairt go díreach leis na hateangairí atá anseo trathnóna chun a rá libh go bhfuilimidne in éineacht libh, táimid ag éisteacht libh, táimid in éineacht in bhur dtroid ar son cearta agus ar son bhur gcearta oibriúcháin. Beirigí bua, seasfaimid an fód libh.

 
Last updated: 21 September 2018Legal notice