Go back to the Europarl portal

Choisissez la langue de votre document :

  • bg - български
  • es - español
  • cs - čeština
  • da - dansk
  • de - Deutsch
  • et - eesti keel
  • el - ελληνικά
  • en - English
  • fr - français
  • ga - Gaeilge (Selected)
  • hr - hrvatski
  • it - italiano
  • lv - latviešu valoda
  • lt - lietuvių kalba
  • hu - magyar
  • mt - Malti
  • nl - Nederlands
  • pl - polski
  • pt - português
  • ro - română
  • sk - slovenčina
  • sl - slovenščina
  • fi - suomi
  • sv - svenska
 Index 
 Full text 
Debates
Thursday, 29 November 2018 - Brussels Provisional edition

9.10. The situation of women with disabilities (B8-0547/2018 )
Video of the speeches
MPphoto
 

  Liadh Ní Riada (GUE/NGL ). – A Uachtaráin, tuigimid ar fad, is dócha, mar mhná go bhfuil go leor constaicí agus dúshlán ann ach, samhlaigh a bheith mar bhean atá faoi mhíchumas agus feictear ansin agus tuigtear na dúshláin ollmhóra atá acusan.

Léiríonn an tuarascáil seo é sin go maith. Feicimid an t-idirdhealú abair, 18.8% de mhná faoi mhíchumas fostaithe san Aontas Eorpach i gcomparáid le 35% de na fir. Níor chóir dúinn glacadh leis seo, níl sé sásúil agus mar sin, is dóigh liom gur chóir dúinn fáilte a chur roimh na huirlisí atá sa tuarascáil seo. Ach, is faoi na Ballstáit iad sin a chur i bhfeidhm.

Agus caithfimid tosú ag cur tacaíocht faoi leith ann, ionas go mbeidh deiseanna comhionannais ann i dtaobh oideachais, i dtaobh cúrsaí sláinte, i dtaobh spóirt agus a chinntiú go mbeidh mná faoi mhíchumas in ann páirt iomlán a ghlacadh inár saol ó thaobh cúrsaí toghcháin, ó thaobh vótála agus ní dóigh liom go bhfuil na tacaíochtaí sin ann faoi láthair.

Mar sin, cuirim fáilte mhór roimhe seo, ach arís, tá sé chomh tábhachtach go gcuirfeadh na Ballstáit na huirlisí seo i bhfeidhm agus go ndéanfaidís é láithreach.

 
Last updated: 10 December 2018Legal notice