Go back to the Europarl portal

Choisissez la langue de votre document :

  • bg - български
  • es - español
  • cs - čeština
  • da - dansk
  • de - Deutsch
  • et - eesti keel
  • el - ελληνικά
  • en - English
  • fr - français
  • ga - Gaeilge (Selected)
  • hr - hrvatski
  • it - italiano
  • lv - latviešu valoda
  • lt - lietuvių kalba
  • hu - magyar
  • mt - Malti
  • nl - Nederlands
  • pl - polski
  • pt - português
  • ro - română
  • sk - slovenčina
  • sl - slovenščina
  • fi - suomi
  • sv - svenska
 Index 
 Full text 
Procedure : 2018/2275(BUD)
Document stages in plenary
Document selected : A8-0454/2018

Texts tabled :

A8-0454/2018

Debates :

PV 11/12/2018 - 20
CRE 11/12/2018 - 20

Votes :

PV 12/12/2018 - 12.4
PV 12/12/2018 - 12.5
CRE 12/12/2018 - 12.5

Texts adopted :

P8_TA(2018)0503

Debates
Tuesday, 11 December 2018 - Strasbourg Provisional edition

20. New general budget of the European Union for the financial year 2019 (debate)
Video of the speeches
PV
MPphoto
 

  Liadh Ní Riada, thar ceann an Ghrúpa GUE/NGL . – A Uachtaráin, ar an gcéad dul síos ba mhaith liom mo chomhbhrón a dhéanamh leo siúd gur maraíodh ins an margadh ó chianaibh anseo in Strasbourg – acht uafásach a bhí ann.

É sin ráite, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Uasal Viotti agus an fhoireann ar fad a d’oibrigh chomh dian sin ar an mbuiséad. Caithfidh mé a rá, tá dúshláin mhóra os ár gcomhair i gcomhair 2019 agus cé nach bhfuilimid tar éis ciorruithe ró-mhóra a fheiscint, samhlaím ag an am céanna go bhfuil sé suas go dtí na Ballstáit an t-airgead sin a úsáid i slí atá an-éifeachtach mar go bhfeicimid fós go bhfuil dúshláin ann dár bhfeirmeoirí agus dár n-iascairí. Go háirithe nuair atáimid ag caint ar chomhthéacs na Breatimeachta, mar gan amhras – an bhliain seo chugainn – feicfimid athruithe ollmhóra ag teacht inár dtreo agus nílim ró-chinnte go bhfuilimid réitithe nó ullamh i gcomhair an toraidh nó an chinnidh a bheidh air sin agus d’fhéadfadh an buiséad seo, b’fhéidir, é sin a thógaint isteach san áireamh i bhfad níos mó. Ach é sin ráite, caithfimid cur suas leis mar atá, agus an beart is fearr a dhéanamh as.

Is mór an trua nár tugadh aghaidh ar chúrsaí aeráide ins an mbuiséad; agus is mór an trua chomh maith, abair, nár tugadh aird ar rudaí cosúil le Erasmus: tá sé seo ar mhaithe leo siúd atá saibhir cheana féin agus a bhfuil na hacmhainní acu cheana féin. Mar sin is mór an trua nach raibh níos mó comhionannais ann i ngach aon ghné den bhuiséad seo, ach ag an am céanna gabhaim buíochas leis an Uasal Viotti.

 
Last updated: 16 January 2019Legal notice