Tuarascáil - A9-0002/2019Tuarascáil
A9-0002/2019

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Rómáin, don Iodáil agus don Ostair

5.9.2019 - (COM(2019)0206 – C9‑0005/2019 – 2019/2023(BUD))

An Coiste um Buiséid
Rapóirtéir: Siegfried Mureşan

Nós Imeachta : 2019/2023(BUD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0002/2019
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0002/2019
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Rómáin, don Iodáil agus don Ostair

(COM(2019)0206 – C9‑0005/2019 – 2019/2023(BUD))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0206 – C9‑0005/2019),

 ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh[1],

 ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020[2], agus go háirithe Airteagal 10 de,

 ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais[3], agus go háirithe pointe 11 de,

 ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0002/2019),

1. ag cur in iúl gur díol sásaimh di an cinneadh mar chomhartha ar dhlúthpháirtíocht an Aontais le saoránaigh an Aontais agus leis na réigiúin ar bhuail na tubaistí nádúrtha iad;

2. ag cur i bhfáth a dheargriachtanaí is atá sé cúnamh airgeadais a chur ar fáil trí Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ciste’) do na réigiúin san Aontas ar bhuail tubaistí nádúrtha iad in 2018;

3. ag cur in iúl gur díol sásaimh di an togra[4] ón gCoimisiún dar dáta an 7 Márta 2019 chun leasú a dhéanamh ar an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta mar phríomhuirlis le haghaidh neartú a dhéanamh ar inniúlacht an Aontais um bainistiú riosca tubaistí, le himchlúdach airgeadais don tréimhse maoiniúcháin 2012-2027 atá ag teacht leis an leibhéal uaillmhéine arna shocrú i gCinneadh (AE) 2019/420 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[5] agus atá i gcomhréir leis an rún ó Pharlaimint na hEorpa dar dáta an 14 Samhain 2018 maidir le Creat Airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 [6]; suite de gur cheart go mbeadh an Ciste agus an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta ina gcomhlánú ar a chéile i ndáil le tubaistí nádúrtha sna Ballstáit a chosc, i ndáil le hullmhú faoina gcoinne agus i ndáil le freagairt orthu;

4. ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;

5. á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh faoi choinne a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

6.  á threorú dá hUachtarán an rún seo, lena n-áirítear an iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

IARSCRÍBHINN: CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Ostair, don Iodáil agus don Rómáin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh[7], agus go háirithe Airteagal 4(3) de,

Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais[8], agus go háirithe pointe 11 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas,

(1) Tá sé mar aidhm le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ciste’) cur ar chumas an Aontais freagairt ar staideanna éigeandála ar bhealach tapa, éifeachtúil agus solúbtha chun dlúthpháirtíocht le pobail na réigiún ar bhuail tubaistí nádúrtha iad a léiriú.

(2) Ní ceadmhach an Ciste a dhul thar shuim uasta bhliantúil de EUR 500 000 000 (praghsanna 2011), mar a leagtar síos in Airteagal 10 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle[9].

(3) An 7 Meán Fómhair 2018, i ndiaidh eachtraí adhaimsire a bhí ina gcúis le tuilte móra, chuir an Rómáin iarratas isteach inar iarradh go slógfaí an Ciste.

(4) An 20 Nollaig 2018, i ndiaidh eachtraí adhaimsire, chuir an Iodáil iarratas isteach inar iarradh go slógfaí an Ciste.

(5) An 14 Eanáir 2019, tar éis eachtraí adhaimsire, chuir an Ostair iarratas isteach inar iarradh go slógfaí an Ciste.

(6) Comhlíonann na hiarratais ón Rómáin, ón Iodáil agus ón Ostair na coinníollacha le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ón gCiste a sholáthar, mar a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002.

(7) Dá bhrí sin, ba cheart an Ciste a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar don Rómáin, don Iodáil agus don Ostair.

(8) Chun an Ciste a shlógadh a thapúla is féidir, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ó dháta a ghlactha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I gcás bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2019, déanfar Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh mar a leanas i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus i leithreasuithe íocaíochta:

(a) soláthrófar suim EUR 8 192 300 don Rómáin;

(b) soláthrófar suim EUR 277 204 595 don Iodáil;

(c) soláthrófar suim EUR 8 154 899 don Ostair.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón … [dáta a ghlactha].

Arna dhéanamh in/sa …,

 

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa  Thar ceann na Comhairle


RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (an ‘Ciste’ feasta) a shlógadh chun cúnamh airgeadais a dheonú i ndáil le heachtraí adhaimsire a tharla sa Rómáin, san Iodáil agus san Ostair le linn 2018.

An Rómáin - Díle

I samhradh na bliana 2018, bhí fearthainn mhillteanach chinnte i réigiún Thoir Thuaidh na Rómáine ina siocair le díle mór i ngach ceann de shé chontae an réigiúin agus rinneadh dola mór don bhonneagar, amhail dambaí, cladáin, bóithre, droichid, córais cóireála uisce agus córais séarachais, dáileadh aibhléise agus gáis, soláthar uisce óil agus córais uisciúcháin, scoileanna agus foirgnimh phoiblí eile, de bharr na díleann sin. Fairis sin, bhí caillteanais shuntasacha ann ó thaobh na talmhaíochta de agus rinneadh dola mór do theaghlaigh phríobháideacha.

San iarratas uathu, a fuair an Coimisiún an 7 Meán Fómhair 2018, mheas údaráis na Rómáine costas na ndamáistí díreacha a bheith cothrom le EUR 196,8 milliún nó 1,24% de OTI an réigiúin a buaileadh, i.e. faoi bhun an luacha táirsí le haghaidh CDAE a shlógadh i réigiún atá ar leibhéal NUTS 2 (1,5% de OTI réigiúnach). San iarratas leasaithe a cuireadh isteach an 9 Deireadh Fómhair 2018 agus a comhlánaíodh an 14 Nollaig 2018, méadaíodh an meastachán ar dhamáiste go EUR 327,7 milliún nó 2,07% den olltáirgeacht intíre réigiúnach, rud a d’fhág go raibh an tubaiste ina ‘tubaiste nádúrtha réigiúnach’ de réir bhrí Airteagal 2(3) de Rialachán CDAE.

Maidir le costas iomlán na n-oibríochtaí bunriachtanacha incháilithe éigeandála agus tarrthála, mar a shainmhínítear faoi Airteagal 3(2) den Rialachán, mheas údaráis na Rómáine é a bheith cothrom le EUR 294 milliún, agus ghabh na scaireanna is mó leis na costais a bhain le bonneagar cosanta (claífoirt) a dhaingniú agus le bonneagar iompair a athchóiriú.

An réigiún a buaileadh, tagann sé faoi chatagóir ‘na réigiún lagfhorbartha’ faoi Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE) don tréimhse maoiniúcháin ó 2014 go 2020. Níor thug údaráis na Rómáine le fios go raibh sé de rún acu cistiú ó chláir CSIE a athleithdháileadh ionsar bhearta téarnaimh. Níor iarradh réamhíocaíocht ar bith.

I gcomhréir leis an gcleachtas roimhe seo, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún ráta 2,5 % den damáiste díreach iomlán a chur i bhfeidhm i gcás cásanna atá faoi bhun thairseach na ‘mórthubaistí’ (i.e. 0,6 % den ollioncam náisiúnta nó EUR 3 bhiliiún i bpraghsanna 2011, cibé suim is ísle). Dá bhrí sin, is é méid iomlán an chúnaimh atáthar a mholadh ná EUR 8 192 300.

 

An Iodáil - Eachtraí adhaimsire

I bhfómhar na bliana 2018, bhí eachtraí adhaimsire ann i ngach réigiún san Iodáil, bunáite, idir réigiúin an Tuaiscirt agus réigiúin an Deiscirt, a bhí ina siocair le sciorrthaí talún, le díle agus le crainn a leagan, agus ba é a bhí mar thoradh air sin go raibh 34 thaismeach ann is go raibh duine amháin ar iarraidh. Áirítear ar an damáiste ábhartha a rinneadh cur isteach tromchúiseach ar na gréasáin bóithre agus aibhneacha, damáiste d’fhoirgnimh phoiblí agus d’fhoirgnimh phríobháideacha, briseadh i ngréasáin cumhachta aibhléise agus gáis, agus caillteanais shuntasacha ó thaobh an gheilleagair adhmaid de agus ó thaobh na turasóireachta de. Meastar na heachtraí aimsire sin a bheith ina eachtra aonair aimsire ó thaobh na meitéareolaíochta de.

San iarratas uathu dar dáta an 20 Nollaig 2018, ar cuireadh leis an 27 Márta 2019, ba é 6,6 bhilliún (suim nua) meastachán údaráis na hIodáile ar an damáiste a rinneadh, suim a chomhfhreagraíonn do 192% den luach tairsí is infheidhme maidir leis an Iodáil. Deimhníodh na tuarascálacha ar dhamáiste sin le tuarascálacha de chuid Chóras Mearmhapála Copernicus agus le bunachar sonraí na Saotharlainne Eorpaí um Dhrochstoirmeacha. Dá thoradh sin, tá an t-iarratas incháilithe faoin gcritéir i gcomhair ‘mórthubaiste nádúrtha’ mar a leagtar síos in Airteagal 2(2) den Rialachán.

Measadh costas na n-oibríochtaí éigeandála agus tarrthála a bheith barr ar EUR 1 700 milliún, agus ghabh an sciar is mó le bonneagar cosanta a dhaingniú.

Faoi CSIE, is ‘réigiúin lagfhorbartha’ iad trí cinn de na réigiúin a buaileadh (Calabria, Campania, agus an tSicil), is ‘réigiúin trasdula’ (Abruzzo agus an tSairdín) dhá cheann díobh, agus ‘réigiúin mhórfhorbartha’ is ea na naoi réigiún eile. Níor tugadh le fios go raibh sé i gceist cistiú CSIE a athleithdháileadh ionsar bhearta téarnaimh.

De réir an chleachtais go nuige seo as úire, tá an Coimisiún den tuairim gur cheart don chúiteamh a bheith forchéimnitheach agus tá sé beartaithe aige ráta 2,5% a chur i bhfeidhm maidir leis an sciar den damáiste atá faoi bhun luach tairsí na ‘mórthubaistí nádúrtha’ agus 6% a chur i bhfeidhm maidir leis an sciar den damáiste atá os cionn na táirsí. Dá bhrí sin, is é méid iomlán an chúitimh atáthar a mholadh ná EUR 277 204 595.

 

An Ostair - Eachtraí adhaimsire

An adhaimsir a bhuail an Iodáil, bhuail sí réigiún Carinthia agus réigiún na Tioróile Thuaidh i ndeisceart na hOstaire i mí Dheireadh Fómhair 2018. Bhí fearthainn throm agus anfa gaoithe ina siocair le díle, le dola mór a dhéanamh d’fhoraoisí, le sciorrthaí talún agus le gearrthaí cumhachta.

An 14 Eanáir 2019, rinne údaráis na hOstaire iarratas ar ranníocaíocht ón gCiste agus, an 20 Feabhra 2019, chuir siad leis an iarratas sin. Tá an meastachán ar an damáiste díreach iomlán, i.e. EUR 326,2 milliún, faoi bhun na táirsí le haghaidh ‘mórthubaistí’ ab infheidhme maidir leis an Ostair in 2018 agus faoi bhun na táirsí le haghaidh ‘tubaiste réigiúnach’, arb í 1,5% de OTI réigiúnach í. Ós rud é gurbh iad na dálaí meitéareolaíochta ba shiocair leis an tubaiste san Iodáil ba shiocair leis an tubaiste san Ostair freisin, tá an t-iarratas incháilithe faoin ‘bhforáil maidir le 'tír chomharsanachta', mar a thugtar uirthi, a thuairiscítear in Airteagal 2(4) den Rialachán.

Mheas údaráis na hOstaire costas na n-oibríochtaí éigeandála agus tarrthála a bheith cothrom le EUR 294 milliún, agus ghabh na scaireanna is mó le bearta a glacadh chun claífoirt abhann a dhaingniú agus chun creimeadh ithreach a sheachaint.

Is ‘réigiúin mhórfhorbartha’ faoi Chistí SIE (2014-2020) iad na réigiúin a buaileadh. Níor iarr údaráis na hOstaire go n-íocfaí airleacan, ach thug siad le fios go raibh sé de rún acu cistí faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe a úsáid le haghaidh bearta cosanta um athshlánú foraoisí.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an gnáthráta 2,5% a chur i bhfeidhm i gcás tubaistí faoin bhforáil maidir le 'tír chomharsanachta’, rud a d’fhágfadh ranníocaíocht airgeadais iomlán molta ón gCiste de EUR 8 154 899 a bheith ann.

 

Conclúid

Is é EUR 293 551 794 an tsuim iomlán a bheartaítear a shlógadh don Rómáin, don Iodáil agus don Ostair. Chuige sin, is gá leasú a dhéanamh ar bhuiséad 2019 trí bhíthin dréachtbhuiséad leasaitheach (DAB 3/2019) a bhfuil sé mar aidhm leis líne bhuiséid 13 06 01 'Cúnamh do na Ballstáit i gcás mórthubaiste nádúrtha a bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha aici do dhálaí maireachtála, don chomhshaol nádúrtha nó don gheilleagar' a mhéadú den tsuim thuasluaite i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus i leithreasuithe íocaíochta.

Ba é EUR 851 082 072 an tsuim iomlán a bhí ar fáil i dtús 2019, i.e. suim leithdháileadh na bliana 2019, eadhon EUR 585 829 691, agus an sciar de leithdháileadh na bliana 2018, i.e. EUR 265 252 381, nár caitheadh agus a tugadh anonn go 2019.

Is é seo an chéad chinneadh maidir le slógadh a rinneadh in 2019 agus, as los an chinnidh sin, tá suim EUR 557 530 278 ar fáil don chuid eile de 2019, suim atá go maith os cionn na suime a cheanglaítear a choinneáil, de réir dlí, go dtí an 1 Deireadh Fómhair 2018 i gcomhréir le hAirteagal 10(1) den Rialachán maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (25% den leithdháileadh bliantúil don bhliain 2019, i.e. EUR 146 457 423).

Tacaíonn an Rapóirtéir le cistí SIE a bheith á n-úsáid ag na Ballstáit le haghaidh atógáil na réigiún a buaileadh, agus iarrann sé ar an gCoimisiún tacú le hathleithdháileadh an chomhaontaithe comhpháirtíochta, agus é a fhormheas go mear, arna iarraidh ag an Ostair le haghaidh atógáil na réigiún sin.

Molann an Rapóirtéir go bhformheasfaí go gasta an togra ón gCoimisiún le haghaidh cinneadh atá i gceangal leis an tuarascáil seo, ar dá bharr a dhéanfaí na suimeanna thuasluaite a shlógadh go mear, mar chomhartha ar dhlúthpháirtíocht Eorpach leis na trí Bhallstát lena mbaineann.

 

 

 

IARSCRÍBHINN : LITIR ÓN gCOISTE UM FHORBAIRT RÉIGIÚNACH

Van Uasal Overtveldt

Cathaoirleach

An Coiste um Buiséid

AN BHRUISÉIL

Ábhar: Tuairim maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh (COM(2019)0206 – C9-0005/2019 – 2019/2023(BUD))

A Van Overtveldt, Uasal,

Tá togra ón gCoimisiún le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE) a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Rómáin, don Iodáil agus don Ostair (COM(2019)0206 – C9-0005/2019 – 2019/2023(BUD)) tarchurtha chuig an gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach chun tuairim a fháil uaidh ina leith. Tuigim go bhfuil sé beartaithe tuarascáil air sin a ghlacadh go luath sa Choiste um Buiséid.

 

Leis an togra sin, shlógfaí Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh mar a leanas:

(a) EUR 8 192 300 chun cúnamh a thabhairt i ndáil leis an bhfreagairt ar fhearthainn mhillteanach chinnte agus ar thuilte móra in oirthuaisceart na Rómáine i samhradh na bliana 2018;

(b) EUR 277 204 595 chun cúnamh a thabhairt i ndáil leis an bhfreagairt ar eachtraí adhaimsire a bhí ina siocair le sciorrthaí talún, le díle agus le crainn a leagan i ngach críoch san Iodáil, bunáite, i bhfómhar na bliana 2018;

(c) EUR 8 154 899 chun cúnamh a thabhairt i ndáil leis an bhfreagairt ar fhearthainn throm agus ar anfa gaoithe a bhí ina siocair le díle, le dola mór a dhéanamh d’fhoraoisí, le sciorrthaí talún agus le gearrthaí cumhachta in Kärnten agus sa Tioróil Thuaidh san Ostair i nDeireadh Fómhair na bliana 2018.

 

Leagtar síos na rialacha is infheidhme maidir le ranníocaíochtaí ó CDAE i Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh.

 

Rinne comhordaitheoirí an choiste measúnú ar an togra sin, agus d’iarr siad orm scríobh chugat lena chur in iúl duit nach bhfuil aon agóid ag tromlach an choiste sin in aghaidh Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun an tsuim thuasluaite a leithdháileadh mar a mhol an Coimisiún.

 

Le dea-mhéin,

Younous Omarjee


 

FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

3.9.2019

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

35

1

3

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Rasmus Andresen, Clotilde Armand, Robert Biedroń, Anna Bonfrisco, Jonathan Bullock, Olivier Chastel, Lefteris Christoforou, David Cormand, Paolo De Castro, José Manuel Fernandes, Eider Gardiazabal Rubial, Alexandra Geese, Valentino Grant, Elisabetta Gualmini, Valerie Hayer, Niclas Herbst, Monika Hohlmeier, John Howarth, Mislav Kolakušić, Moritz Körner, Joachim Kuhs, Zbigniew Kuźmiuk, Hélène Laporte, Pierre Larrouturou, Margarida Marques, Siegfried Mureşan, Jan Olbrycht, Henrik Overgaard Nielsen, Jake Pugh, Karlo Ressler, Bogdan Rzońca, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds, Nils Ušakovs, Johan Van Overtveldt, Rainer Wieland, Angelika Winzig

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Damian Boeselager, Herbert Dorfmann

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

35

+

ECR

Zbigniew Kuźmiuk, Bogdan Rzońca, Johan Van Overtveldt

ID

Anna Bonfrisco, Valentino Grant, Hélène Laporte

NI

Mislav Kolakušić

PPE

Lefteris Christoforou, Herbert Dorfmann, José Manuel Fernandes, Niclas Herbst, Monika Hohlmeier, Siegfried Mureşan, Jan Olbrycht, Karlo Ressler, Rainer Wieland, Angelika Winzig

RENEW

Clotilde Armand, Olivier Chastel, Valerie Hayer, Moritz Körner, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds

S&D

Robert Biedroń, Paolo De Castro, Eider Gardiazabal Rubial, Elisabetta Gualmini, John Howarth, Pierre Larrouturou, Margarida Marques, Nils Ušakovs

VERTS/ALES

Rasmus Andresen, Damian Boeselager, David Cormand, Alexandra Geese

 

1

-

ID

Joachim Kuhs

 

3

0

NI

Jonathan Bullock, Henrik Overgaard Nielsen, Jake Pugh

 

Eochair na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 12 Meán Fómhair 2019
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais