Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Samhain 2023
EPUB 159kPDF 726k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL V : CAIDREAMH LE hINSTITIUIDÍ AGUS LE COMHLACHTAÍ EILE
CAIBIDIL 1 : CEAPACHÁIN

Riail 128 : Ainmniú na mBreithiúna agus na nAbhcóidí Ginearálta i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Ar mholadh ón gcoiste freagrach, ceapfaidh an Pharlaimint a hainmnitheach chuig painéal de sheachtar a mbeidh sé de chúram orthu grinnscrúdú a dhéanamh ar oiriúnacht na n-iarrthóirí chun oifig a shealbhú mar Bhreitheamh nó mar Abhcóide Ginearálta sa Chúirt Bhreithiúnais agus sa Chúirt Ghinearálta. Roghnóidh an coiste freagrach an t-ainmnitheach is mian leis a mholadh trí vótáil le tromlach simplí a sheoladh. Chun na críche sin, bunóidh comhordaitheoirí an choiste sin gearrliosta iarrthóirí.

An nuashonrú is déanaí: 27 Deireadh Fómhair 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais