Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Samhain 2023
EPUB 159kPDF 726k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL VII : SEISIÚIN
CAIBIDIL 3 : RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE SUÍONNA A SHEOLADH

Riail 171 : Leithdháileadh ama labhartha agus liosta na gcainteoirí (1)

1.   Féadfaidh Comhdháil na nUachtarán a mholadh don Pharlaimint go ndéanfar am labhartha a leithdháileadh i gcomhair díospóireacht ar leith. Déanfaidh an Pharlaimint cinneadh ar an moladh sin gan díospóireacht.

2.   Ní fhéadfaidh aon chainteoir labhairt mura n-iarrfaidh an tUachtarán air nó uirthi déanamh amhlaidh. Má imíonn cainteoirí ó ábhar na díospóireachta, glaofaidh an tUachtarán chun oird iad.

3.   Cainteoirí a bhfuil a n-idirghabhálacha beartaithe ar liosta na gcainteoirí, labhróidh siad ón rostram láir. Féadfaidh cainteoirí faoi mhíchumas labhairt óna n-áiteanna féin más fearr leo.

I gcás gach idirghabhála eile, labhróidh cainteoirí óna n-áiteanna féin.

4.   Féadfaidh an tUachtarán liosta cainteoirí a tharraingt suas don chéad chuid de dhíospóireacht ar leith, ar liosta é ina mbeidh babhta amháin nó níos mó de chainteoirí ó gach grúpa polaitiúil ar mian leo labhairt, in ord mhéid coibhneasta na ngrúpaí polaitiúla sin.

5.   Déanfar am labhartha don chuid seo de dhíospóireacht a leithdháileadh i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:

(a)   déanfar an chéad chodán den am labhartha a roinnt go cothrom i measc na ngrúpaí polaitiúla go léir;

(b)   déanfar an dara codán a roinnt i measc na ngrúpaí polaitiúla i gcoibhneas le líon iomlán a gcomhaltaí;

(c)   déanfar am labhartha foriomlán a leithdháileadh ar na Feisirí neamhcheangailte agus é bunaithe ar na codáin arna leithdháileadh ar gach grúpa polaitiúil faoi phointe (a) agus faoi phointe (b);

(d)   i leithdháileadh an ama labhartha sa suí iomlánach, cuirfear san áireamh go bhféadfadh níos mó ama a bheith ag teastáil ó Fheisirí faoi mhíchumas.

6.   I gcás ina ndéantar am labhartha iomlán a leithdháileadh le haghaidh roinnt míreanna ar an gclár oibre, déanfaidh na grúpaí polaitiúla an codán dá gcuid ama labhartha a úsáidfear le haghaidh gach míre aonair a chur in iúl don Uachtarán. Cinnteoidh an tUachtarán go n-urramófar na hamanna labhartha.

7.   Ní dhéanfar an chuid eile den am i gcomhair díospóireachta a leithdháileadh go sonrach roimh ré. Ina ionad sin, féadfaidh an tUachtarán glaoch ar Fheisirí chun labhairt gan níos mó ná aon nóiméad amháin a cheadú i gcoitinne. Áiritheoidh an tUachtarán, a mhéid is féidir, go dtugtar éisteacht i ndiaidh a chéile do chainteoirí a bhfuil tuairimí polaitiúla éagsúla acu agus a thagann ó Bhallstáit éagsúla.

8.   Ar iarraidh a fháil, féadfaidh an tUachtarán tosaíocht a thabhairt do Chathaoirleach agus do rapóirtéir an choiste fhreagraigh, agus do chathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla sin ar mian leo labhairt thar ceann a ngrúpaí, nó do chainteoirí atá ag ionadú dóibh.

9.   Féadfaidh an tUachtarán cead cainte a thabhairt d’Fheisirí a léiríonn, trí chárta gorm a ardú, gur mian leo ceist nach mairfidh níos faide ná leath nóiméid a chur ar Fheisire eile le linn óráid an Fheisire sin agus a bhaineann lena bhfuil ráite ag an bhFeisire sin. Ní dhéanfaidh an tUachtarán amhlaidh ach amháin má aontaíonn an cainteoir leis an gceist agus más deimhin leis an Uachtarán nach leanfaidh cur isteach ar an díospóireacht as sin nó, trí iliomad ceisteanna a bheith á gcur trí chártaí gorma a ardú, nach mbeidh míchothromaíocht mhór ann idir cleamhnachtaí ghrúpa polaitiúil na bhFeisirí atá ag labhairt sa díospóireacht sin. An Feisire a ardóidh an cárta gorm agus an cainteoir, ní ón ngrúpa polaitiúil céanna a bheidh siad, agus ní bheidh an bheirt acu ina bhFeisirí neamhcheangailte. Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa dara habairt, arna gcur i bhfeidhm mutatis mutandis, féadfaidh an tUachtarán a cheadú don Fheisire a chuir ceist den sórt sin freagra a thabhairt ar fhreagra an chainteora ar feadh tréimhse nach faide ná leath nóiméid. Féadfaidh an cainteoir ansin obair leantach a dhéanamh ar an bhfreagairt sin.

10.   Ní fhéadfaidh aon Fheisire labhairt ar feadh níos faide ná nóiméad amháin ar aon cheann de na hábhair seo a leanas: miontuairiscí an tsuí, tairiscintí nós imeachta nó leasuithe ar an dréacht chlár oibre críochnaitheach nó ar an gclár oibre.

11.   Tabharfar éisteacht don Choimisiún agus don Chomhairle i ndíospóireacht ar thuarascáil agus déanfar amhlaidh, de ghnáth, díreach tar éis don rapóirtéir an tuarascáil a thíolacadh. Féadfar éisteacht a thabhairt don Choimisiún, don Chomhairle agus don rapóirtéir an athuair, go háirithe chun freagra a thabhairt ar ráitis a dhéanann Feisirí.

12.   Féadfaidh Feisirí nár labhair i ndíospóireacht ráiteas i scríbhinn nach faide ná 200 focal a thabhairt isteach uair amháin ar a mhéid in aghaidh an pháirtseisiúin agus cuirfear an ráiteas sin mar aguisín leis an tuarascáil focal ar fhocal ar an díospóireacht.

13.   Ag féachaint go cuí d'Airteagal 230 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, féachfaidh an tUachtarán le teacht ar réiteach leis an gCoimisiún, leis an gComhairle agus le hUachtarán na Comhairle Eorpaí maidir le leithdháileadh cuí ama labhartha dóibh.

(1) Beidh feidhm mutatis mutandis maidir le coistí ag Riail 171(2).
An nuashonrú is déanaí: 27 Deireadh Fómhair 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais