Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Samhain 2023
EPUB 159kPDF 726k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

IARSCRÍBHINN VI  :  CUMHACHTAÍ AGUS FREAGRACHTAÍ NA MBUANCHOISTÍ(1)
XVI.   An Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.   léirmhíniú agus cur i bhfeidhm dhlí an Aontais agus faireachán a dhéanamh air agus comhlíonadh an dlí phríomha i dtaca le gníomhartha an Aontais de, go háirithe rogha na mbunús dlí agus urraim do phrionsabal na coimhdeachta agus do phrionsabal na comhréireachta;

2.   léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an dlí idirnáisiúnta, a mhéid a dhéantar difear don Aontas Eorpach;

3.   reachtóireacht níos fearr agus simpliú dhlí an Aontais;

4.   cosaint dhlíthiúil chearta agus shainchumais na Parlaiminte, lena n-áirítear rannpháirtíocht na Parlaiminte i gcaingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

5.   gníomhartha an Aontais lena ndéantar difear d'ord dlíthiúil na mBallstát, eadhon sna réimsí seo a leanas:

(a)   an dlí sibhialta agus tráchtála,
(b)   an dlí cuideachtaí,
(c)   dlí na maoine intleachtúla,
(d)   an dlí nós imeachta;

6.   bearta a bhaineann le comhar breithiúnach agus riaracháin in ábhair shibhialta;

7.   dliteanas agus smachtbhannaí comhshaoil in aghaidh coireachta comhshaoil;

8.   ceisteanna eitice a bhaineann le teicneolaíochtaí nua, an nós imeachta le haghaidh coistí comhlachaithe a chur i bhfeidhm i gcomhar leis na coistí iomchuí;

9.   Reacht na bhFeisirí agus Rialacháin Foirne an Aontais Eorpaigh;

10.   pribhléidí agus díolúintí chomh maith le fíorú dhintiúir na bhFeisirí;

11.   eagrúchán agus reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

12.   Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh.

(1)Arna ghlacadh le cinneadh ón bParlaimint an 15 Eanáir 2014.
An nuashonrú is déanaí: 27 Deireadh Fómhair 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais