Podchraoltaí fuaime

Má shuibscríobhann tú le podchraoltaí cumasófar duit eipeasóid is déanaí an chláir a fháil go huathoibríoch dá gcláróidh tú a luaithe a bheidh sé ar fáil. Chun na podchraoltaí saor in aisce seo a fháil, is gá suibscríobh leis an bpodchraoladh, mar a dhéanfá i gcás irisleabhair. Is féidir leat scor de na podchraoltaí seo a fháil pé uair is mian leat. Faoi láthair, ní phodchraolann Parlaimint na hEorpa ach amháin i bhfuaim.

Ar dtús beidh gá agat le bogearraí podchraolta nó cuntas le léitheoir fotha gréasánbhunaithe. Tá an chuid is mó de na huirlisí seo ar fáil saor in aisce.

Díreach cóipeáil agus greamaigh an seoladh RSS an podchraoladh isteach sa bhogearra podchraolta is fearr leat nó léitheoir ar-líne agus ordaigh dó suibscríobh. Sa tslí seo, beidh a fhios ag d'uirlis podchraolta cá háit le cuardach chun teacht ar eipeasóidí nua do phodchraolta roghnaithe.

Podchraoltaí beartais EPRS

Éist le rogha de phodcraoltaí beartais EPRS anseo. Léargas cuimsitheach ar réimsí beartais éagsúla AE atá i mbéal an phobail agus atá bunaithe ar thaighde oibiachtúil, údarásach agus neamhspleách.

Podchraoltaí Eolaíochta agus Teicneolaíochta EPRS

Éist le rogha de phodchraoltaí a thuairiscíonn ar na forbairtí eolaíochta agus teicneolaíochta is déanaí, ag féachaint ar an tionchar a bheidh acu ar ár saol agus ag léiriú na n-impleachtaí beartais a bheidh acu.

Podchraoltaí EPRS: Na nithe a dhéanann an Eoraip duit

Ar mhaith leat a fháil amach conas a théann an tAontas Eorpach i bhfeidhm ar do shaol laethúil? Faigh amach na nithe a dhéanann an Eoraip duit inár bpodchraoltaí 60 SOICIND.