Beartas maidir leis an gclosamharc agus na meáin

Bileoga Eolais AE 07-12-2023

Rialaítear an beartas closamhairc in AE le hAirteagal 167 agus Airteagal 173 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). An chuid is tábhachtaí den reachtaíocht sa réimse seo ná Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc, a ndearnadh athbhreithniú uirthi in 2018. Is í an tsraith MEDIA de chlár Eoraip na Cruthaitheachta príomhionstraim AE chun cabhrú le lucht an tionscail (tionscal na scannánaíochta ach go háirithe). Le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, éilítear go ndéanfaí ‘saoirse agus iolrachas na meán’ a urramú.