Beartas teanga

01-09-2017

Mar chuid dá iarrachtaí an tsoghluaisteacht agus an tuiscint idirchultúrtha a chur chun cinn, tá foghlaim teangacha ainmnithe ag an Aontas Eorpach (AE) mar thosaíocht thábhachtach, agus tugann sé cistiú do chláir agus do thionscadail iomadúla sa réimse sin. Dar le AE, is gné thábhachtach in iomaíocht na hEorpa é an t-ilteangachas. Dá bhrí sin, ceann de chuspóirí bheartas teanga AE ná go bhfaigheadh gach saoránach Eorpach sáreolas ar dhá theanga eile sa bhreis ar a mháthairtheanga féin.