An tAontas Eorpach agus a chomhpháirtithe trádála

Bileoga Eolais AE 18-01-2024

I gcaitheamh na mblianta, tá AE ag imeacht ó tháirgí dlúthshaothair agus atá ar luach íseal a tháirgeadh chun speisialtóireacht a dhéanamh in earraí brandáilte a bhfuil luach níos airde i gceist leo. Lena gheilleagar oscailte, tá trádáil riachtanach do AE. Chun an ceann is fearr a fháil ar na bacainní atá ar thrádáil agus cothroime iomaíochta a thabhairt dá ghnólachtaí, déanann an tAontas caibidlíocht i dtaca le líon comhaontuithe saorthrádála (FTAnna). Bunaitheoir freisin agus príomhghníomhaí is ea AE san Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT).